portal_normal EE STRUCTURE orgcat: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal PUBLICATION STRUCTURE cat: /publications/ee-echo/life

portal_normal CATEGORY STRUCTURE category: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal STRUCTURE section: life

portal_normal getURLCurrent: /web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=b6017168-8277-47c3-9258-c6d217e2fb4a

portal_normal getPortalURL getURLCurrent: http://www.echolive.ie./web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=b6017168-8277-47c3-9258-c6d217e2fb4a

portal_normal getPortalURL: http://www.echolive.ie

portal_normal domain: http://www.echolive.ie

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - url: /life/Fis-dfhorbairt-Mhuscrai-leagtha-amach-ag-bainisteoir-nua-an-chomharchumainn-b6017168-8277-47c3-9258-c6d217e2fb4a-ds

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - section: life

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - orgcat: orgcat = /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

Cork Lives
Caroline Ní Nualláin, bainisteoir nuacheaptha le Comharchumann Forbartha Mhúscraí, agus Rósaí Nic Chárthaigh, togra ‘Mise Múscraí’. 
Caroline Ní Nualláin, bainisteoir nuacheaptha le Comharchumann Forbartha Mhúscraí, agus Rósaí Nic Chárthaigh, togra ‘Mise Múscraí’. 
SOCIAL BOOKMARKS

Fís d’fhorbairt Mhúscraí leagtha amach ag bainisteoir nua an chomharchumainn

“AN fhís atá agam ná go mbeadh Gaeltacht Mhúscraí mar áit dheas inar féidir linn maireachtáil, obair, agus taitneamh as bhaint as an saol ann,” a dhearbhaíonn Caroline Ní Nualláin.

Mar bhainisteoir nuacheaptha le Comharchumann Forbartha Mhúscraí, tá an deis anois aici cabhrú a chinntiú go dtagann an fhís sin chun torthúlachta, i ról a chuireann an Ghaoluinn i gcroílár clár tograí dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí pobail, agus ar ghnóthaí.

Ó Chontae Cheatharlach ó dhúchas, chuir sí feabhas ar a cuid Gaoluinne scoile féin agus í i mbun oibre i réimse na forbartha pobail i mBéal Feirste.

“D’fhoghlaimíos ar scoil í cosúil le gach éinne eile, agus ansan níos labhraíos in aon chor í ar feadh na mblianta ach bhí cion agam ar an teanga i gconaí, agus ansan bhí an deis agam nuair a bhíos i mBéal Feirste,” a mhínigh Caroline.

“Fiú mura mbeadh agat ach dhá fhocal Gaoluinne, bhíodh daoine ag rá ‘labhair í, bain úsáid aisti’. Bhíos ciúin ar feadh thart ar sé mhí do dtí gur chughas i dtaithí ar an gcanúint, ach ansan tháinig sí ar fad ar ais chugam.” Tá cónaí anois uirthi i gCúil Aodha, pósta le fear áitiúil Concubhar Ó Liatháin, agus cuireann sí iachall ar dhaoine ar bheagán muiníne faoina gcumas teangeolaíoch pé cúpla focal Gaoluinne atá acu a úsáid, go háirithe leis na deiseanna nua atá ag teacht ar an bhfód le rolladh amach an phlean teanga nua do Ghaeltacht Mhúscraí.

“Níor cheart go mbeadh eagla ar éinne Gaoluinn a labhairt liom, mar bhíos féin san áit ina bhfuilid siúd tráth,” a dúirt sí. “Tuigim go maith cé chomh deacair a bhíonn sé é a dhéanamh, ach tá sé indéanta agus beidh tréan-iarracht á dhéanamh anois againn deiseanna a thabhairt do dhaoine an Ghaoluinn a labhairt ag pé leibhéal a oireann dóibh féin.” Cé go bhfuil úsáid na Gaoluinne ríthábhachtach ar mhaith leis an stádas Gaeltachta a choimeád, tá sí tábhachtach chomh maith ar bhonn comhtháthú pobail, a dúirt sí.

Le taithí faighte aici óna cuid oibre i mBéal Feirste ar an nGaoluinn a úsáid agus í ag síneadh trasna thar an scoilt seicteach, tá súil ag Caroline a lámh a shíneadh go pobal uile Mhúscraí, beag bean ar eitneachtaí, le rannpháirtíocht á spreagadh i ngníomhaíochtaí sóisialta a mbeidh cultúir éagsúla páirteach go gníomhach ann.

“Baineann an teanga le gach éinne agus aimseoimid slite suimiúla chun a chinntiú gur féidir le gach éinne a bheith páirteach ann, mar tá an teanga ann chun leasa an phobail ar fad agus is í an Ghaoluinn a chinntíonn go dtarraingímid ar fad le chéile mar phobal,” a dúirt sí.

Thosnaigh Caroline ag obair i mBéal Feirste cúig lá roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus bhí sí ríthábhachtach i mbunú an West Belfast Partnership Board, a thug le chéile an pobal, polaiteoirí, lucht gnó, agus comhlachtaí reachtúla. Bhí sí ina stiúrthóir chomh maith ar an West Belfast Economic Forum.

“An phríomh-chúram agam ná bheith ag obair i bhforbairt agus athghiniúint eacnamaíocha agus tá áthas orm a rá gur éirigh linn an-dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin.

“Bhí béim thar a bheith láidir againn chomh maith ar thábhacht na Gaoluinne.

“Tá sé sin tar éis fás anois go ceathrú Gaeltachta a cruthaíodh i mBéal Feirste agus tá ag éirí go seoigh leis sin,” a dúirt Caroline, a lean uirthi ina dhiaidh sin ag obair mar oifigeach forbartha Gaoluinne do Chumann Gaelach na hEaglaise faoi scáth Eaglais na hÉireann.

Ag moladh na hoibre a bhí déanta ag a réamhtheachtaí mar bhainisteoir an Chomharchumainn, Julia May Uí Chríodáin, deir Caroline go bhfuil súil aici “forbairt ar an mbonn iontach atá ann” i gcaitheamh a tréimhse dhá bhliain sa ról.

Tá an t-ádh léi, a deir sí, bheith ag tosnú sa phost ag am lán d’athrú dearfach don teanga i Múscraí, ar aon dul le ceapachán Rósaí Nic Chárthaigh go ról forbartha teanga ‘Mise Múscraí’.

Ag titim amach faoi láthair chomh maith tá mol digiteach agus nuálaíochta Gaeltachta ‘GTeic’ á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh.

Beidh Comharchumann Forbartha Mhúscraí rannpháirteach i bhfeidhmiú GTeic Mhúscraí, lárionad a sholáthróidh spás oifige agus deascanna sealaíochta, ag tairiscint toilleadh leathanbhanda 1 ghigighiotán do ghnóthaí beaga.

“Is iontach an deis é seo agus tá súil againn sraith clár tacaíochtaí a fhorbairt as, le cainteoirí speisialta ag teacht isteach, cúrsaí éagsúla á n-eagrú ann, agus aon rud eile chun leasa an cheantair áitiúil,” a dúirt Caroline.

Béim ar leith a bheidh ann i dtaca leis an GTeic ná fuinneamh inathnuaite, agus ar cheann de na deiseanna a bhfuil súil ag Caroline leas a bhaint astu tá forbairt leasacháin bhithghualach ó théamh bithmhaise.

Tá gach seans ann go gcruthófar sraith forbartha eile ón taighde agus monatóireacht ar bhithéagsúlacht Ghaeltacht Mhúscraí, go háirithe maidir leis na portaigh, agus d’fhéadfadh go mbeadh nasc le hinstitiúidí tríú leibhéal Chorcaí sa staidéar ar cháilíocht uisce.

Beidh an tríú béim ar ógánaigh, le tograí éagsúla á mbunú, lena leithéidí CoderDojo nó TechSpace i measc na féidearthachtaí den méid atá le teacht.

Nascann gach sraith ar leith isteach leis an bhfís atá ag Caroline chun Gaeltacht Mhúscraí a fhorbairt mar áit mhealltach le cónaí ann, obair ann agus taitneamh a bhaint as am fóillíochta ann.

“Chun na rudaí seo a dhéanamh, ní mór go mbeadh lóistín maireachtála inbhuanaithe agat; ní mór go mbeadh deiseanna fostaíochta agat atá go maith do dhaoine ar bhonn fadtéarmach, ag cruthú deiseanna nua i réimsí dinimiciúla an fhuinnimh inathnuaite,” a dúirt sí.

“Ach in ionad a bheith mar úsáideoir deiridh na n-áiseanna seo, ní mór dúinn bheith mar chuid den phróiseas trína fhorbraítear fuinnimh inathnuaite agus smointe nua. Níl an bithghual ach ag tosnú, ba cheart dúinn forbairt a dhéanamh ar shlite in oibreoidh sé níos fearr, seachas bheith mar úsáideoir nó táirgeoir — ba cheart dúinn chuid de na gníomhaíochtaí seo a fhorbairt, agus seasfaidh Gaeltacht Mhúscraí amach dá réir.

“Tá sprid dinimiciúil sa cheantar le fada an lá agus ceapaim féin gur í an teanga a chruthaíonn an dinimic sin. Deirtear nuair a labhraíonn tú dhá theanga go mbíonn tú níos cruthaithí. Is iontach an áit í seo don chruthaitheacht agus ní mór dúinn na scileanna uathúla sin atá anseo cheana féin a fhorbairt, agus a chinntiú go mbláthaíonn siad don chéad ghlúin eile.” Mhol Caroline d’éinne le smaointe acu i dtaca le gnó agus fiontraíocht a fhorbairt nó a chur chun cinn i nGaeltacht Mhúscraí dul i mbun teagmhála léi ag 083 1915432, 026 40877, nó trí mheán r-phoist ag [email protected]

* Áisitheoirí gníomhaíochtaí agus múinteoirí Gaoluinne á lorg 

TÁ cainteoirí Gaoluinne ar spéis leo gníomhaíochtaí no ranganna trí mheán na Gaoluinne a reáchtáil i nGaeltacht Mhúscraí á lorg mar chuid de thogra pleanála teanga an cheantair.

Tá daoine, ar gach aois, á lorg go bhfuil suim acu rang nó imeacht a reáchtáil trí Ghaoluinn, mar shampla i gcócaireacht, garraíodóireacht, biongó, ióga, feirmeoireacht, scannánaíocht, cumarsáid, aeróbaic, lúthchleasaíocht, cóitseáil, scríbhneoireacht, treodóireacht, drámaíocht, ceardaíocht, ealaín, rince, na meáin dhigiteacha, na meáin shóisialta, cluichí boird, nó spórt.

Tá tacaíocht á tairiscint chomh maith dóibh siúd a bhfuil gníomhaíochtaí á reáchtáil acu cheana féin, agus dóibh siúd ar bheagán Gaoluinne ar mhaith leo a gceannas ar an teanga a fheabhsú le cur ar a gcumas gníomhaíochtaí a chur ar fáil trí mheán na Gaoluinne.

Íocfar iad siúd ag déanamh áisitheoireacht ar ghníomhaíochtaí, mar chuid den togra ‘Mise Múscraí’ faoi Phlean Teanga Mhúscraí.

Tá Seirbhísí Teanga Mhúscraí ag cur painéal múinteoirí Gaoluinne le chéile a mbeadh suim acu ranganna Gaoluinne agus ciorcail chomhrá a sholáthar i sráidbhailte Ghaeltacht Mhúscraí.  Beidh gach leibhéal san áireamh idir ghlan-tosaitheoirí, tosaitheoirí, meán leibhéal, ard leibhéal agus cainteoirí dúchais, agus íocfar na múinteoirí.

Má tá suim ag duine ar bith is féidir glaoch ar Rósaí ag 087 668 8209 nó r-phost a sheoladh chuig [email protected]   Chomh maith leis sin, tá coiste Seirbhísí Cúram Leanaí Bhaile Mhúirne ag obair chun Ionad Cúram Leanaí lán-Ghaoluinne a thógáil agus a bhunú i gCluain Réidh, Baile Mhúirne. Mar chuid den staidéar féidearthachta atá ar bhun ag an gcoiste beidh ceistneoir á dháileadh i measc an phobail sna seachtainí romhainn.  Is féidir aon cheisteanna faoin ionad cúram leanaí a sheoladh chuig [email protected]