portal_normal EE STRUCTURE orgcat: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal PUBLICATION STRUCTURE cat: /publications/ee-echo/life

portal_normal CATEGORY STRUCTURE category: /PUBLICATIONS/EE-ECHO

portal_normal STRUCTURE section:

portal_normal getURLCurrent: /web/eveningecho/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=5d4785c2-ef86-4322-a19c-23ad13abba3a

portal_normal getPortalURL getURLCurrent: http://www.echolive.ie./web/eveningecho/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=5d4785c2-ef86-4322-a19c-23ad13abba3a

portal_normal getPortalURL: http://www.echolive.ie

portal_normal domain: http://www.echolive.ie

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - url: /eehome/Seoladh-an-tSathairn-do-dhluthdhiosca-Rough-Sunday-5d4785c2-ef86-4322-a19c-23ad13abba3a-ds

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - section:

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - orgcat: orgcat = /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

Amhlaoibh Mac Suibhne agus Diarmuid Wolfe – an grúpa Rough Sunday, a sheolfaidh a n-albam nua ‘¡REPÚBLICA!’ le ceolchoirm sa Mhuileann an Satharn beag seo.
Amhlaoibh Mac Suibhne agus Diarmuid Wolfe – an grúpa Rough Sunday, a sheolfaidh a n-albam nua ‘¡REPÚBLICA!’ le ceolchoirm sa Mhuileann an Satharn beag seo.
SOCIAL BOOKMARKS
Share to Facebook Share to Twitter Mail

Seoladh an tSathairn do dhlúthdhiosca Rough Sunday

B’fhéidir go gceapfá gur ait an rud é teideal Spáinneach a roghnú don chéad albam stiúideo ¡REPÚBLICA! ag grúpa atá lonnaithe do daingean sa Ghaeltacht, ach tugann an t-ainm blaiseadh iomchuí don stíl idirnáisiúnta atá i ndán ag Rough Sunday dá lucht leanúna.

Tógann an dlúthdhiosca nua, a sheolfar an Satharn seo, 1ú Iúil sa Mhuileann i mBaile Mhúirne, an lucht éisteachta ó California go Tóiceo, ó Nova Scotia go Botswana le piocadh amháin an fhigín.

Á chur síos ag an ngrúpa beirte mar a “bhforógra”, tógann an t-albam 14 traic an domhan ar fad mar phointe fócais – ach fócas idirnáisiúnta atá ann le rian Chorcaí go láidir ann.

Ag leanúint ar aghaidh ó dhlúthdhiosca buscála na bliana seo caite ‘Live! From the Streets of Cork City’, tá an t-albam nua curtha le chéile i bhfoirm turas taiscéalaíochta do bhaill an bhanna, Diarmuid Wolfe, céimí ailtireachta 21 bliain d’aois, agus Amhlaoibh Mac Suibhne, mac léinn le teicneolaíocht an cheoil a bheidh 20 bliain d’aois lá an tseoladh.

“An forógra atá ag Rough Sunday atá ann. Sinne atá ann, ag seasamh in aon áit amháin, ag féachaint ar an gcuid eile den domhan,” a mhíníonn Diarmuid.

Is turas é a thógann an lucht éisteachta go dtí an Fhrainc, an tSín, an Spáinn, an Iodáil, Stáit Aontaithe Mheiriceá.... fiú go háit ar a dtugtar Wexico, ach an áit ina thosnaíonn agus ina chríochnaíonn an camchuairt domhanda is ceist chonspóideach í. “I gCorcaigh, nó Fiji,” a deir Diarmuid, ag tagairt don traic, ‘I might be in Fiji’, a dheineann machnamh ar bhuanna amhrasacha an taistil le ‘Californian Highways that just meant nothing’ agus taiscéalaíocht ar “Galway streets with no ID”.

Tá tagairt don oiread sin cathracha agus tíortha i liricí na n-amhrán ar an albam, go bhfuil ag banna “ag tairiscint dlúthdhiosca saor in aisce don chéad duine gur féidir leo na háiteanna ar fad san albam a liostáil san ord ceart”.

“Tá amhráin faoi áiteanna ar domhain nach rabhamar ann riamh,” a admhaíonn Diarmuid. “Baineann sé leis an duine lasmuigh d’áit. Tá sé nach mór cosúil le scannán.” Cuimsíonn ‘¡REPÚBLICA!’ trí cinn de na traicéanna is cáiliúla ón albam beo, taifeadta anois i dtimpeallacht stiúideo agus scaoilte ag Raggedy Records.

Leis na traicéanna ar fad mar bhun-thraiceanna agus iad scríofa ag an mbeirt, a d’fhreastail ar an meánscoil i dteannta a chéile i gColáiste Ghobnatan, tá an bailiúchán mar “aoir i stíl Flann O’Brien”, a deir Diarmuid.

“Tá roinnt traicéanna ann atá cloiste ag daoine cheana féin, cosúil le ‘Tokyo Ya Ya’. Ta trí hamhrán ón albam beo, iad taifeadta anois againn sa stiúideo, agus tá ceithre nó cúig amhrán a bheadh aithne ag daoine orthu agus a bhfuil freagra maith faighte againn ina leith ag gigeanna.

“Ár dtuiscint atá ann ar théamaí an óige agus an ghrá, éalúchas agus ardmhian,” a deir sé. “Cleachtadh atá ann i dtaiscéalaíocht na dtéamaí sin agus seasamh siar ansan chun an pictiúr níos mó a fheiscint.

“Is é seo an chéad iarracht ó Rough Sunday ár scéal féin a chur i dtaifead. Ach níl aon mhaitheas ann bheith ag léamh faoi – éist leis an albam,” a mholann sé.

Tá dhá bhliain oibre agus dhá mhí ag taifeadadh ag teacht chun críche le seoladh an tSathairn, leis an saothar measctha don albam á dhéanamh ag Amhlaoibh agus saothar ealaíne an chlúdaigh déanta ag Diarmuid.

I dteannta le Rough Sunday ar an dlúthdhiosca tá deirfiúr Dhiarmuid, Muireann agus a ndeartháir Bobby ag canadh ar an traic ‘Amsterdamned’ agus tá athair Dhiarmuid, an t-amhránaí agus cumadóir Ger Wolfe, ar an bhfidil le haghaidh traiceanna ‘Nova Scotia’ agus ‘Eve, My Summer Days’.

Beidh buíon cheoltóirí áitiúla ina dteannta do sheoladh an dlúthdhiosca, a chuirfidh tú le sraith gigeanna agus seisiún buscála an tsamhraidh do Rough Sunday.

Tá an grúpa, atá ag tabhairt faoi albam nua a chur le chéile, ar fáil le bocáil trína leathanach Facebook agus tá bainisteoir agus lipéad taifeadta á lorg acu faoi láthair.

Bígí ag súil leis an mbeirt a fheiscint ar shráideanna Chathair Chorcaí agus i mbailte an chontae sna seachtainí le teachta agus iad ag iarraidh ‘¡REPÚBLICA!’ a chur chun cinn. Beidh an t-albam ar fáil i siopaí i gceantar Mhúscraí, ag gigeanna agus trí mheán Facebook chomh maith.