Frustrachas i leith próisis íocaíochta ‘amscaí, anásta’ le bainisteoir ag fágaint slán leis an Ionad Cultúrtha

'Líon ollmhór' maorlathais bainteach le healaíontóirí a íoc le haghaidh gigeanna aonuaire
Frustrachas i leith próisis íocaíochta ‘amscaí, anásta’ le bainisteoir ag fágaint slán leis an Ionad Cultúrtha

Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh: Tá maoiniú don ionad geallta don bhliain seo chugainn, ach de réir an méid a dúirt an bainisteoir Aoife Ní Ghrainbhéil: “Ní cheapaim go leanfaidh an t-airgead sin ar aghaidh ag teacht má fhanann rudaí mar atá. Ní fhéadfadh sé leanúint ag teacht más rud é go bhfuil sé deacair ealaíontóirí áirithe a íoc.” Grianghrafadóir: Don MacMonagle

Tá sé éilithe go bhfuil an “líon ollmhór” maorlathais atá bainteach le healaíontóirí a íoc le haghaidh gigeanna aonuaire ag cur bac ar theacht chun cinn tallainne nua, ag cur maoiniú i mbaol, agus ag cur srian ar éagsúlacht an chláir ealaíon san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne.

B’í Aoife Ní Ghrainbhéil a dhein na gearáin dírithe ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí (BOO), a d’áitigh an “próiseas fiafraitheach, amscaí, anásta” chun íocaíocht a fháil d’ealaíontóirí mar an príomhchúis lena cinneadh an tseachtain seo caite éirí as a post mar bhainisteoir an ionaid, a fheidhmíonn faoi choimirce an BOO.

Tá an ceoltóir agus taighdeoir Aoife Ní Ghrainbhéil chun tabhairt faoi phost mar léachtóir i Roinn an Bhéaloidis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh tar éis di níos lú ná trí bliana a chaitheamh i gceannas ar Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh.

Dhein sí cur síos ar a cuid teagmhála le déanaí leis an BOO, le heagraíochtaí maoinithe náisiúnta rannpháirteach san idirghabháil chomh maith, mar “chás thar a bheith strusmhar” agus dúirt sí go raibh an-imní uirthi i dtaobh leibhéal na tacaíochta maoinithe don lárionad cultúrtha Gaeltachta amach anseo mura réitítear na fadhbanna atá i láthair ann.

Faigheann an Ionad Cultúrtha maoiniú bliantúil os cionn €100,000 ó eagraíochtaí lena n-áirítear an Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta, leis an t-airgead á íoc isteach i gcuntas BOO Chorcaí mar úinéirí an fhoirgnimh, atá ceangailte leis an meánscoil áitiúil.

Cuirtear ealaíontóirí ar phárolla an BOO – córas nach bhfuil oiriúnach in aon chor d’imeachtaí aonuaire, ón méid a deir Iníon Ní Ghrainbhéil – nó ní mór dóibh a bheith féinfhostaithe, rud a éilíonn orthu foirmeacha fadálacha na gCoimisinéirí Ioncaim a chomhlánú.

Dúirt sí gur lorgaíodh foirmeacha F11 na gCoimisinéirí Ioncaim ó ealaíontóirí mar fhianaise ar fhéinfhostaíocht. Mar chuid den fhoirm fhéin-mheasúnaithe seo, atá 44 leathanach ar fhad, tá ceisteanna i dtaobh páirtí agus clann an iarratasóra, agus a gcuid íocaíochtaí pinsin agus árachais sláinte.

Ní ceist í seo a bhaineann díreach le healaíontóirí, ná le BOO Chorcaí amháin. “Tá an rud céanna ag tarlú i ngach aon áit,” a dúirt Iníon Ní Ghrainbhéil. “Tá sé cloiste agam ó dhaoine ag obair i scoileanna BOO nach bhfuil sé simplí in aon chor fiú aoichainteoir a thabhairt isteach chun cainte ann.” An toradh atá leis sin ná gur minic a tharlaíonn sé go mbíonn daoine ag smaoineamh ar obair a ghlacadh den tuairim, “Scoil BOO atá ann, dein dearmad air. Ní fiú an t-achrann é,” a dúirt sí.

“Tá sé go breá más rud é go bhfuil tú ag múineadh ar feadh bliana le heagraíocht, ach tá an t-uafás páipéarachais i gceist le haghaidh gig amháin. Níl sé oiriúnach chun ealaíontóirí a íoc i gceart agus go tráthúil.

“Tá córas agus rian páipéir againn le haghaidh gach uile togra. Tá prótacail agus nósanna imeachta tábhachtach cinnte ach ní scoil sinn, is lárionad ealaíon sinn, agus tá sé seo ag cur isteach go mór ar an áit.

“Ní bheadh íocaíochtaí chomh simplí nó chomh furasta is a mbeidís i lárionaid ealaíon eile agus tá tionchar mór aige sin ar an gclár ealaíon anseo.” Táthar tar éis cur isteach ar an éagsúlacht ealaíontóirí fostaithe, a dúirt sí, toisc gur beag an seans a bheadh ann go mbeadh ceoltóirí, amhránaithe, nó scannánaithe óga éiritheacha, mar shampla, cláraithe mar fhéinfhostaithe.

“Níl sé éasca meascán a earcú, lena n-áirítear ealaíontóirí luath-ghairme áitiúla agus óga, taobh le healaíontóirí gairmiúla”, a dúirt sí.

“Tá tionchar aige seo ar éagsúlacht na ndaoine difriúla a mhothaím gur féidir linn a fhostú. Tá daoine san oiread sin cásanna oibre difriúla sna healaíona traidisiúnta agus mothaím go bhfuil fíorbheagán acu atá á dhéanamh ar bhonn iomlán gairmiúil, gur post lánaimseartha atá ann dóibh.

“Tá tacaíocht thar na bearta faighte againn, go háirithe le bliain anuas, ónár lucht maoinithe, go speisialta Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon, ag tabhairt comhairle dúinn ina leith seo agus ag bualadh leis an BOO chun labhairt faoin méid a ghlacann siad siúd leis mar na prótacail chearta i dtaca le healaíontóirí a íoc.

“An slí ina mbímis ag obair ná go mbíodh conradh fostaíochta simplí á scríobh suas againn áit ina shíníonn ealaíontóir don ghig aonuaire a dhéanann siad linn, agus ní bhíonn orthu an cháipéisíocht bhreise seo ar fad, atá thar a bheith téagartha don ealaíontóir, a chur faoi bhráid. Bhímis i gcónaí ag cloí le rialacha na gCoimisinéirí Ioncaim agus ní raibh riamh aon fhadhb ansan. “Is slí ginearálta é ina oibríonn lárionaid ealaíon agus féilte – bíonn córas sonraisc agat, conradh fostaíochta ealaíonta,” a dúirt Iníon Ní Ghrainbhéil.

“Sin an saghas córais go rabhamar ag súil leis, go raibh na maoinitheoirí ag súil leis, agus níor éistíodh leis sin," a dúirt sí. "Bhíos ag súil go réiteofaí an fhadhb agus go mbeadh géilleadh éigin ar thaobh an BOO. Nílid tar éis géilleadh pioc ar aon ní.

“Bheifeá ag súil go gcuirfeadh Covid tábhacht na n-ealaíon sa phobal ina luí ar dhaoine ach is léir gur lucht ‘figiúirí’ cuid mhór acu.” Le teipthe orthu fadhb na n-íocaíochtaí a réiteach in ainneoin sraith cruinnithe leis an BOO cuireadh iachall uirthi post nua a lorg. “Thuigeas nach n-éireodh liom aon dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar, cé gur leanas orm ag troid, mar d’fhéadfainn an tionchar a fheiscint a bheadh aige ar ár gclár agus cé chomh héagsúil a fhéadfadh sé a bheith.

“Tá a fhios agam go bhfuil deiseanna á gcailliúint de bharr na struchtúir."

“Ba mhór an t-ualach a bhíodh ann i gcónaí, bheith ag iarraidh troid díreach chun a bheith in ann ealaíontóirí a íoc i gceart. Níl dabht ach gur chuaigh an rud ar fad i bhfeidhm orm agus nuair a bhíonn do chuid ama ar fad á chaitheamh agat ar a leithéid sin, tá rudaí eile nach n-éiríonn leat a dhéanamh,” a dúirt Iníon Ní Ghrainbhéil, a bhfuil a post lánaimseartha san Ionad le fógairt sna míonna le teacht.

“Níl éinne ag iarraidh an rian páipéir a sheachaint, níl ann ach struchtúir an BOO agus an méid atá á lorg acu, ionas gur féidir linn ceoltóir a íoc. Tá rudaí á lorg acu nach bhfuil ag na healaíontóirí fiú.” Cé go bhfuil maoiniú don ionad geallta don bhliain seo chugainn, dúirt sí: “Ní cheapaim go leanfaidh an t-airgead sin ar aghaidh ag teacht má fhanann rudaí mar atá. Ní fhéadfadh sé leanúint ag teacht más rud é go bhfuil sé deacair ealaíontóirí áirithe a íoc.

“Is mór an cheist í do lárionad ealaíon,” a dúirt sí, agus “do mhuintir Bhaile Mhúirne ba mhaith liom go mbeadh an áit ag feidhmiú i gceart”.

Dúirt Enda McWeeney ó BOO Chorcaí le The Echo: “Déileálann an BOO, trína chuid scoileanna agus coláistí, le healaíontóirí fud fad an bhoird i dtaca le seachadadh na ngnéithe ealaíonta laistigh de chlár na scoileanna.

“Tá an próiseas céanna i gceist do na scoileanna agus coláistí go léir, chun ealaíontóirí a thabhairt ar bord, mar atá i gceist san Ionad Cultúrtha. Tá dhá phróiseas i gceist. Is féidir leat a bheith féinfhostaithe. Mura féidir le healaíontóir fianaise féinfhostaíochta a sholáthar caithfear iad a íoc trí mheán an phárolla. Nuair is féidir le duine fianaise féinfhostaíochta a sholáthar – agus baineann sé sin le foirm F11 na gCoimisinéirí Ioncaim – íoctar iad ar bhonn féinfhostaithe.

“Tá an rud ceannann céanna i gceist d’éinne ag tabhairt faoi rud ar bith ar bhonn féinfhostaithe – ní mór fianaise na féinfhostaíochta a sholáthar. A luaithe agus a fhaigheann an BOO nó an t-íocaí dearbhú ina leith sin, tá tú socraithe suas – tá tú cláraithe.” Dúirt an tUasal McWeeney nach raibh próiseas comhlánaithe na foirme thar a bheith tráthúil in aon chor agus nach raibh aon phlean acu an córas íocaíochta a athrú. “Is é an córas seo an rud atá ann. Níl sé pioc ní tiarálaí don Ionad ná mar atá d’aon ghné eile den BOO,” a dúirt sé.

Ba cheart cinneadh an Ionad Cultúrtha a bhogadh go Coláiste Íosagáin ‘a dhéanamh go háitiúil’ 

Tá cainteanna ar bun faoi láthair maidir leis an bhféidearthacht an Ionad Cultúrtha a bhogadh chuig an iar-scoil chónaithe Coláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne, a bhfuil cuid de á athfhorbairt cheana féin ag Údarás na Gaeltachta le haghaidh moil forbartha réigiúnaí €2.7m.

Dúirt Bainisteoir an Ionaid, Aoife Ní Ghrainbhéil, atá ar tí a post a fhágaint ag deireadh mhí na Samhna, go sholáthródh áitreabh níos mó “poitéinseal iontach” do lárionad ealaíon ach dúirt sí gur cheart dóibh siúd atá bainteach leis an Ionad i nGaeltacht Mhúscraí an cinneadh a dhéanamh i dtaobh athlonnú na háise.

“Chaithfeá féachaint go dáiríre ar Choláiste Íosagáin agus cinnte bheadh sé faillitheach gan a bheith ag smaoineamh air,” a dúirt sí.

“Bheadh sé tábhachtach go mbeadh gné cultúrtha agus ealaíon laistigh den fhoirgneamh sin, agus an pobal trí chéile agus na daoine óga ach go háirithe a thabhairt isteach ann agus an spás a bheith ann ranganna a leathnú, níos mó múinteoirí a bheith ar fáil, agus spásanna ealaíon agus spásanna taispeántais níos mó a bheith ar fáil ann, d’fhéadfadh sé a bheith go hiontach.” Táthar tar éis cruinnithe a reáchtáil cheana féin le bord bainistíochta an Ionad Cultúrtha agus dúirt Iníon Ní Ghrainbhéil, “caithfear cinneadh a dhéanamh ina leith sin luath go leor don chéad chéim eile d’fhorbairt Choláiste Íosagáin”.

Tá BOO Chorcaí mar pháirtí togra in athfhorbairt Choláiste Íosagáin agus bunaithe ar na deacrachtaí atá curtha i leith córas íocaíochta an BOO d’ealaíontóirí ag Iníon Ní Ghrainbhéil, tá sí amhrasach i dtaobh an Ionad Cultúrtha a bhogadh go háitreabh nua a bheadh fós faoi smacht an bhoird oideachais agus oiliúna.

“Cinnte chífinn poitéinseal iontach san athlonnú,” a dúirt sí. “Bheinn thar a bheith suaite faoin méid a fhéadfadh a theacht as, ach bheadh imní orm nach bhféadfadh [an Ionad] forbairt i gceart faoi na srianta atá leagtha ar an áit faoi láthair.

“I láthair na huaire, bheithfí ag bogadh faoi choimirce an BOO. Chuireadar in iúl ar bhonn thar a bheith soiléir nach mbeidís ró thógtha in aon chor leis [an Ionad] a bheith ag feidhmiú go neamhspleách.

“Go hidéalach, dá mbeifí chun athlonnú ansan, ba cheart go mbeifeá ag feidhmiú a bheag nó a mhór go neamhspleách – is é sin mo thuairim pearsanta féin – ach ní mór dom aitheantas a thabhairt ag an am céanna go bhfuil tacaíocht á thabhairt ag an BOO don Ionad.

“Níl gach éinne i bhfábhar athlonnaithe, ach tá sé soiléir go dteastaíonn ón BOO a bheith rannpháirteach i bhfoirgneamh Choláiste Íosagáin agus cinnte luíonn an cinneadh leo siúd níos mó ná le coiste an Ionaid i láthair na huaire.” Beag beann ar an cinneadh a dhéantar i ndeireadh an lae, ba cheart go ndéanfaí an cinneadh sin i Múscraí, de réir mar a chreideann sí féin.

“Mothaím go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí an cinneadh ar leibhéal áitiúil agus nach mbeadh an cinneadh á dhéanamh ag daoine eile nach bhfuil sa cheantar,” a dúirt sí.

“D’oibrigh daoine go dian dícheallach chun an Ionad a chur ag feidhmiú san áit ina bhfuil sé agus tá go leor rudaí a thiteann amach san fhoirgneamh sin atá an-tábhachtach don phobal. Ní cheapaim gur cinneadh é ar cheart a dhéanamh sa chathair in aon chor, an cinneadh cibé ar cheart nó nár cheart an Ionad a athlonnú.”

More in this section

Sponsored Content

summersoaplogosml

Called Droid, our next story is about a boy who designs a robot at UCC and chaos ensues. It was written by Margaret Gillies, from the MA in Creative Writing Programme at UCC.

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more