Gníomhartha brathadóra mar 'thragóid' Luíocháin Chúil na Cathrach

Gníomhartha brathadóra mar 'thragóid' Luíocháin Chúil na Cathrach

An leac cuimhneacháin poblachtánach ag láthair an luíocháin i gCúil na Cathrach, in aice le Baile Mhúirne. Grianghrafadóir: Dan Linehan

In ainneoin “gníomhartha cásmhara” spiaire a thréig a láthair ríthábhachtach i gceannas ar mheaisínghunna de chuid an IRA, d’éirigh le luíochán Chogadh na Saoirse i gCúil na Cathrach athrú a bhrú chun cinn i straitéis na Breataine agus bhí sé mar fhachtóir i Sos Cogaidh na bliana 1921 a bhaint amach.

In ábhar nua a scaoileadh le déanaí ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata leagtar solas ar na hiarmhairtí a thit amach mar thoradh ar ghníomhartha an bhrathadóra Patrick ‘Cruxy’ O’Connor, a leanadh go Nua Eabhrac agus a lámhachadh go hoscailte faoi lámha an IRA, bliain tar éis a thréig sé a láthair ar an líne thosaigh i g Cúil na Cathrach in aice le Baile Mhúirne 100 bliain ó shin an tseachtain seo.

Bhí O’Connor, ón gCloichín in aice le cathair Chorcaí, ina sheansaighdiúir de chuid Arm na Breataine ón gCéad Chogadh Domhanda agus creidtear gur fuair sé an leasainm ‘Cruxy’ nó ‘Crux’ tar éis a bhronn rialtas na Fraince bonn an Croix de Guerre air.

Tháinig sé ar bord mar chuid de Chéad Bhriogáid Chorcaí an IRA, áit inar sháraigh a thaithí mhíleata aon amhras a bhí ar dhaoine faoina chuid géillsine, agus cuireadh i gceannas é ar cheann de dhá mheaisínghunna Lewis i gCúil na Cathrach, ar a dtugtar luíochán Chúil na Cathrach nó Chúil an Bhuacaigh chomh maith.

I gceannas ar ionsaí a deineadh ar chabhlach saighdiúirí cúnta ag taisteal ó Mhaigh Chromtha ar an 25ú Feabhra, 1921, bhí Seán O’Hegarty agus páirteach sa luíochán chomh maith bhí céad cholún reatha Chorcaí, le hóglaigh ó chomplachtaí fud fad cheantar Láir-Chorcaí.

Maraíodh Ceannfort Cúnta an Maor James Seafield-Grant, a bhí i gceannas ar an gcabhlach, go luath san ionsaí a mhair ceithre uair a’ chloig. Cailleadh Constábla an RIC Arthur Cane níos déanaí mar thoradh ar a chuid gortuithe, mar an gcéanna leis an Leifteanant Cleve/Clive Soady, a lámhachadh sa bhéal, agus a bhfuil a uaigh lonnaithe i gclós an tséipéil protastúnach i Maigh Chromtha, duine den fhíorbheagán saighdiúirí cúnta neamh-Éireannach atá curtha anseo in Éirinn.

Tá easaontacht tuairiscí i dtaca leis an líon daoine a maraíodh agus a gortaíodh, le deichniúir den Rannóg Cúnta ag déanamh éilimh ar chúiteamh, le leac cuimhneacháin phoblachtánach ag an láthair ag lua 28 gortú i measc saighdiúirí na Breataine. Níor thuairiscigh an IRA aon ghortú in aon chor. Céad bliain ar aghaidh ó dháta an luíocháin, níl aon tuairisc tugtha ag lucht na Breataine go fóill i leith líon na dtaismeach ar a dtaobh siúd.

Tá cur síos ar ról ‘Cruxy’ O’Connor sa luíochán tugtha ag iar-Chomhairleoir Contae Chorcaí, Séamus Ó Muineacháin, leaschaptaen d’óglaigh Chúil Aodha, ina chuntas i leabhar Dhónail Uí Éalaithe ‘Memoirs of an Old Warrior’ (Mercier Press 2014).

Áitíonn Ó Muineacháin gur chreid oifigeach ceannais an cholúin reatha, Dan ‘Sandow’ O’Donovan go raibh fórsaí na Breataine go maith ar an eolas faoi sheasamh an luíocháin agus nuair a tháinig an chéad fheithicil de chuid an chabhlaigh an treo, go bhfacthas óglach ag rith ó cheann de dhá thigh trasna ó láthair an luíocháin, ar an mbóthar ó Chorcaigh go Cill Airne.

“Ní raibh aon ghnó in aon chor aige a bheith imithe ón láthair a bhí ceaptha dó,” a dúirt Ó Muineacháin. “Gníomh le teann neamhchúraim amach is amach a bhí ann.

“Dúirt O’Donovan i ndiaidh na hócáide nach raibh aon amhras in aon chor air gurb é Paddy [Crux] O’Connor a bhí le feiscint ag rith trasna an bhóthair nuair a shroich fórsaí na Breataine an láthair.” Tar éis a thug O’Hegarty an t-ordú tosnú ag scaoileadh piléar, dúirt Ó Muineacháin gur theip ar O’Connor an gunna Lewis a dhíriú ar na Saighdiúirí Cúnta mar a bhí beartaithe a dhéanamh, ag rá gur “tragóid an lae” a bhí ann.

“Bhí O’Connor suite in áit ionas go raibh smacht iomlán aige ar nach mór gach leoraí de chuid na naimhde, ach níor úsáid sé a mheaisínghunna in aon chor,” a dúirt sé.

“Chaith sé sraith iomlán armlóin isteach sa talamh, thréig sé an láthair ina raibh sé agus theith sé isteach go Maigh Chromtha, ag áiteamh go raibh a ghunna plúchta sáinnithe, ach d’fhéach saineolaithe arm tine go cúramach ar a ghunna Lewis an lá dár gcionn agus fuarthas nach raibh aon fhadhb in aon chor leis.

“Murach a chuid gníomhartha cásmhara, bheadh Cúil na Cathrach ina bhua iomlán do na hóglaigh.” Glacadh leis an luíochán, cé gur theip orthu aon arm nó aon armlóin a ghabháil, mar éacht bhorrtha-muiníne don IRA i dtéarmaí straitéiseacha toisc gur thug sé deireadh leis na patróil rialta a mbíodh á dhéanamh ag fórsaí na Breataine siar ó Mhaigh Chromtha, agus i dteannta leis na luíocháin i gCluain Báinín agus i gCrois an Bharraigh bhí sé mar fhachtóir in aontú an tSosa Cogaidh i mí Iúil 1921.

De réir tuairisce ó ollscoil scairte Mhúscraí, Acadamh Fódhla, mar chuid den ionsaí i gCúil na Cathrach bhí 253 rannpháirtí ar thaobh an IRA, agus bhí sé “ar cheann de na luíocháin is éifeachtaí, ar bhonn náisiúnta, le linn Chogadh na Saoirse”.

Gabhadh ‘Cruxy’ O’Connor ar fhilleadh go Corcaigh dó agus tuigtear gur scaoil sé uaidh roinnt faisnéise as ar maraíodh seisear ball de Chéad Bhriogáid Chorcaí i dtigh sábháilte i mBaile Uí Chanáin, an Chloichín.

Tar éis dóibh iarracht a dhéanamh teacht ar O’Connor ar athlonnú i Londain dó, fuair an IRA roinnt faisnéise ansan gur bhog sé go Nua Eabhrac, agus go luath sa bhliain 1922 cuireadh triúr ball de Chéad Bhriogáid Chorcaí — Daniel Healy, Martin Donovan, agus Pa Murray — anonn ann chun é a aimsiú.

Thug ráiteas Daniel Healy chuig an mBiúró um Stair Mhíleata sa bhliain 1957 sonraí cuimsitheach ar an gcaoi inar lámhach sé O’Connor, ag sonrú gur cailleadh an fear gortaithe níos déanaí óna chuid cneácha.

I measc an ábhair a scaoileadh anuraidh ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata tá ráiteas faoi mhionn ag tacú le hiarratas pinsean Daniel Healy, ó oifigigh an IRA Daniel Corkery agus Thomas Crofts ar an 30ú Iúil, 1936, ag sonrú gur tháinig O’Connor an treo áit ina raibh Daniel Healy ag feitheamh dó agus nár éirigh sé in airde ina dhiaidh sin.

Cé go bhfuil cuntais eile ann a shonraíonn gur mhair ‘Cruxy’ sna Stáit Aontaithe go dtí na 1950aidí, deir an ráiteas chuig an mbord pinsean ó Corkery agus Crofts chomh maith: “Níor mharaíodar in aon chor é; ghearradar an teanga óna bhéal. Mhair sé; d’imigh sé as sin go dtí an Astráil ach ní fhéadfadh sé labhairt.”

Aslonnú istoíche de bharr tithe faoi léigear le linn luíocháin 

 Bhí an tigh inar tógadh Gerard Ó Loingsigh ar cheann de dhá thigín ar an taobh thoir de láthair luíochán Cúil na Cathrach áit inar ionsaigh lucht an IRA saighdiúirí cúnta na Breataine le ruathar piléar.

Bhí na Saighdiúirí Cúnta tar éis teitheadh le haghaidh dídean sna tithe, taobh leis an mbóthar ó Chorcaigh go Chill Airne, ag déanamh poill lámhaigh sna fallaí, ionas go bhféadfaidís a gcuid piléar a chaitheamh amach tríothu. Agus iad istigh sna tithe thángadar faoi ionsaí breise ón IRA, le tuairiscí ann go raibh na na céimeanna os comhair tigh sheantuismitheoirí an Uasail Uí Loingsigh “clúdaithe san fhuil a shil amach ón tigh acu”.

Creidtear gur gortaíodh go marfach an Leifteanant Cleve Soady is sa tigh seo.

Dúradh le lucht cónaithe na dtithe seo, muintir Thuama agus muintir Chróinín, a dtithe a fhágaint faoi dhubh na hoíche sular thosaigh an luíochán, ar an 25ú Feabhra, 1921.

Bhí seantuismitheoirí an Uasail Uí Loingsigh, Hannah agus Patrick Ó Cróinín, ina gcónaí i mbaile dúchais Hannah lena hathair seanchríonna Diarmuid Kelleher agus a dtriúr iníonacha óga, duine acu arbh í máthair Gerard, Pauline.

“Ón méid a chuala ó mo mháthair agus m’aintín ón méid a bhí ag teacht chun cinn ag am an luíocháin, thug na ‘buachaillí’ an nod dóibh go raibh an luíochán le tarlú ach cuireadh ina luí orthu nach bhféadfaidís oiread agus focal a lua ina leith,” a dúirt an tUasal Ó Loingsigh.

“Ní fhéadfaidís an tigh a fhágaint ach faoi dhubh na hoíche mar más rud é go raibh aon rud as an gnáth chuirfí fórsaí na Breataine ar an eolas. Fuair mo shéan uncail ó Chill na Martra capall is cairt ar iasacht agus tháinig sé go Cúil na Cathrach agus bhog sé mo sheantuismitheoirí agus a dtriúr clainne agus mo shin-sheanathair, Diarmuid Kelleher, anopnn go Dún Dá Radharc [Cill na Martra], áit ina raibh baile dúchais mo sheanathair.” Bhí a shin-seanathair, a bhí ina 80aidí luaithe ag an am, “ag coinneáil na leapa agus bhí orthu doras thíos staire a thógaint anuas agus é a chur in airde ar an doras chun é a thabhairt anuas an staire agus é a chur in airde ar an gcairt i lár na hoíche”, a dúirt an tUasal Ó Loingsigh.

Le linn an luíocháin, dúirt sé, “chúlaigh fórsaí na Breataine siar chuig an tigh agus tharraingíodar a gcuid saighdiúirí gortaithe isteach ann”.

“Bhí formhór acu gafa faoi ionsaí piléar istigh sa tigh inar rugadh mé. Bhí ceithre chéim ón dhoras an tí go dtí an bóthar agus deirtear go raibh na céimeanna clúdaithe le fuil ag sní amach ón tigh. Bhí an oiread saighdiúirí gortaithe istigh sa tigh go raibh an fhuil ag sní amach an doras agus síos le fána thar na céimeanna agus amach ar an mbóthar.” Bhí an dá thigh, mar aon le go leor foirgneamh comharsana, dóite go talamh ag Saighdiúirí Cúnta na Breataine ina dhiaidh sin, a raibh a gcuid díoltais ar Chúil na Cathrach mar thoradh ar ghortú an óglaigh Jeremiah Lucey i mBaile Mhúirne, beostoc á lámhach acu, agus asal á úsáid acu “mar chleachtadh beaignite”.

Bhí seantuismitheoirí an Uasail Uí Loingsigh agus a gclann chun sé bliana ina dhiadh sin a chaitheamh lena ngarchlann i gCill na Martra sular deisíodh a dtigh faoi scéim rialtais.

Dúirt sé go raibh an tigh “dóite mar dhíoltas” ach le fírinne ní raibh aon rogha ag an gclann ag an am ach an tigh a fhágaint. “Ceapadh ag an am go raibh lucht na dtithe sin in aontíos le lucht an luíocháin, ach dá mbeidís tar éis fanúint ann bheidís maraithe cinnte,” a dúirt se.

Is cuimhin leis chomh maith ócáid a tharla thart ar 40 bliain tar éis an luíochán, nuair a tháinig cuairteoir chuig a mháthair Pauline ina tigh i gCúil na Cathrach.

“Bhí mac trí bliana d’aois ag an Maor Seafield-Grant nuair a maraíodh sa luíochán é, agus tháinig an mac sin ar cuairt go Cúil na Cathrach sa bhliain 1964-65 agus ghlaoigh sé chun mo mháthair a fheiscint,” a dúirt sé.

“Bhí an láthair cheart inar maraíodh a athair á lorg aige. Thaispeáin mo mháthair an áit dó go barr a cumais agus ansan rith sé léi cé a bhí ann agus tháinig sé isteach agus bhí tae aige sa tigh léi.

“Cheap sí i gcónaí g oraibh sé thar a bheith truamhéileach ar bhonn daonna gur fágadh buachaill óg trí bliana d’aois gan a athair, agus ceapaim gurb é siúd an t-aon mhac aige.”

More in this section

Sponsored Content