Fís de chultúr Mhúscraí i dtogra ealaíon pobail

Fís de chultúr Mhúscraí i dtogra ealaíon pobail
Nóra de Búrca, Seosamh Ó Críodáin, agus Joe Mac Suibhne i radharc ó ‘Aisling an tSeanduine’, a chuirfear ar stáitse in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh ar an Aoine, 17ú Eanáir. Grianghrafadóir: Don MacMonagle

Dhein an fear léinn agus scríbhneoir Chorcaíoch, Dónal Ó Corcra cur síos ar dhán na haislinge ina staidéar sa bhliain 1924 ‘The Hidden Ireland’, mar dhlúth-léiriú ar shaol cheilte na ndaoine ar bhláthaigh sí ina measc.

Bhí filí Gaoluinne Chiarraí, Aogán Ó Rathaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin, iad beirt ó Ghníomh go Leith, i measc máistrí an cineál sin véarsaíochta a phearsantaigh Éire, agus a cuid éadóchais i leith amanna na bpéindlíthe, mar ógbhean álainn, ag teacht chuig an bhfile in aisling nó i bhfís.

Cé nach n-éilíonn sé aon cheangal lena leithéid d’fhís ardaigeantach nó polaitiúil, léireofgar aisling nua agus difriúil an tseachtain seo chugainn, díreach thar thaobh Chorcaí de shléibhte Dhoire na Sagart san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne.

Cé gur léirigh dánta aislinge na 17ú agus 18ú haoise caillteanas agus dúil i leith na laethanta caite agus le teacht in Éirinn faoi seach, is éard atá i léiriú stáitse ‘Croí Mhúscraí’ de ‘Aisling an tSeanduine’ ná ‘dlúth-léiriú’ ar an gcultúr caite agus an cultúr le teacht i bpobal Gaeltachta.

Mar chuid den léiriú tá an t-amhrán ‘Aisling Gheal’, a thugann an t-ainm don scéim amhránaíochta ag cothú traidisiún an tsean-nóis i measc amhránaithe na todhchaí i gceantar Mhúscraí, agus tabharfar léargas ar stáitse d’Éire ina mbláthaíonn na healaiona traidisiúnta go láidir ann.

I dteannta le comhrá Gaoluinne an agallaimh beirte, léirítear ann roinnt tionchair cheoil áitiúla, ó mháirseáil Sheáin Uí Riada go sleamhnáin an fhidléara, Connie O’Connell agus rithimí bríomhara pholcaí Shliabh Luachra, á dtionlacan ag coiscéimeanna na rinceoirí seit óga.

Léiriúchán pobail le breis agus 40 rannpháirtithe ó réimse leathan aoiseanna, ó sheanóirí síos chomh fada le daltaí bunscoile, cuirtear ‘Aisling an tSeanduine’ i láthair i bhfoirm brionglóid seanfhir de rince agus amhráin bhríomhara a óige, agus na foinn tugtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin ag múinteoir ceoil taistil.

Mar chuid den léiriúchán, le grúpa Chomhaltais Lachtaín Naofa Chill na Martra, tá fís ealaíonta eile, á cur i láthair ag clár Éire Ildánach an Rialtais, ina fheictear éiceachóras cultúrtha beoga mar rud atá ríthábhachtach don sochaí”.

Is é príomhthuiscint an chláir ná go spreagann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha cruthaitheacht phearsanta agus chomhpháirteach, le himpleachtaí suntasachta d’fholláine agus éachtaí aonair agus sochaíocha.

Maoinithe i bpáirt ag an gclár trí Chomhairle Contae Chorcaí, ceacht atá sa léiriúcháin i gcruthaitheacht chomhpháirteach, le fíorbheagán taithí stáitse in aon chor ag formhór den fhoireann aisteoirí, ach ceiliúradh cultúrtha comhpháirteach á chur i láthair acu i dteannta a chéile.

Feiceann feirmeoir áitiúil Dónal Ó Riordáin, atá mar an seanduine teidealach, cónascadh an phobail trí phróiseas foghlama an ghrúpa mar cheann de phríomhbhuntáistí an togra.

“Tugann sé daoine le chéile agus tá sé taitneamhach chomh maith,” a deir sé. “Táimid ar fad ar an mbád céanna, cumais difriúla, aoiseanna difriúla.” Le roinnt bheag taithí aige roimhe seo de chur i láthair poiblí agus é agaithriseoireacht ag imeachtaí sóisialta, ghlac Dónal go haineolach leis an ról: “Dúirt nach raibh a leithéid seo déanta agam riamh, ach b’fhéidir gur anois an t-am chuige.

“Bhíos neirbhíseach go maith ar dtús,” a admhaíonn sé, “ach is dócha de réir mar a bhí na cleachtaí ar siúl againn, d’éiríos níos compordaí leis an rud ar fad. Bhí sé an-éasca na línte a fhoghlaim, seachas a bheith blúirín dearmadach anois is arís, ach tá sé níos fusa i bhfad cuimhneach ar na cinn i bhfoirm véarsaíochta.” Cé nár smaoinigh Dónal ar thabhairt faoin aisteoireacht roimhe seo, deis a bhí ann a tháinig ina threo, mar a tharla dá thuismitheoirí chomh maith sa bhliain 2006. D’éirigh leis an mbeirt acu páirteanna a bhaint amach i scannán Ken Loach ‘The Wind That Shakes the Barley’, a taifeadadh i bpáirt i gceantar Bhaile Mhúirne, le ról labhartha á thabhairt dá mháthair Mary taobh leis an aisteoir iomráiteach Cillian Murphy.

Cé nach gcuireann an ról atá ag Dónal, i bhfoireann aisteoirí le beirt dá leanaí ina measc, sa spotsholas chomh mór céanna é, tá seans maith go bhfuil sé tar éis a dhúil san aisteoireacht a mhúscailt.

“Ceapaim dá mba rud é go rabhais ar an stáitse id’ óige seans go mbeadh sé níos fusa, ach an ndéanfainn arís é? B’fhéidir.” Mar chuid den ‘meitheal’ léiriúcháin i dteannta leis an scríbhneoir Seán Ó Muimhneacháin agus córagrafaí Siobhán Ní Dhuinnín, is mór an taithí aisteoireachta atá ag Seosamh Ó Críodáin le compántais ar nós Aisteoirí Bhreanainn i gCiarraí, agus mar léiritheoir fad a bhí sé ag múineadh i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Ach le ‘Aisling an tSeanduine’ dúshlán thar a bheith difriúil a bhí ann bheith ag obair le foireann aisteoirí measctha, cuid acu chomh hóg le deich mbliana d’aois.

“Tá sé mar a bheifeá ag féachaint ar eala ag snámh san abhainn agus tá sé thar a bheith sochair réidh, ach tá an t-uafás oibre ar siúl faoi bhun na huisce,” a deir sé. “Leis an dráma, b’fhéidir go bhféachann an méid atá ar siúl ar stáitse thar a bheith sochair réidh, ach a Dhia tá an obair cheart déanta laistiar den stáitse.” Mar sin féin, deir sé “bhí comhoibriú agus comrádachas iontach ann agus an rud a dhein i bhfad Éireann níos fusa é ná gur theastaigh uathu [na haisteoirí] bheith ann.

“Is iontach an rud é tuiscint a thabhairt d’aisteoirí óga go mbíonn ualach ollmhór oibre i gceist chun rud éigin dá leithéid seo a thabhairt le chéile. Anois, má théann siad chun aon dráma eile a fheiscint beidh meas acu ar an obair a bhíonn i gceist chun é a dhéanamh.” Mothaíonn sé go raibh sé dearfach chomh maith na cleachtaí go léir agus an léiriú ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaoluinne, toisc gur thug sé deis don dream óg bheith ag caidreamh as Gaoluinn le daoine lasmuigh de thimpeallacht na scoile.

“Ceapaim gur é sin rud amháin ar éirigh linn a bhaint amach, gur deineadh gach rud trí mheán na Gaoluinne agus is iontach an rud é nuair a fheiceann siad gur féidir rud a dhéanamh i nGaoluinn chomh nádúrtha céanna leis an mBéarla.” Cé go bhfuil an chaint agus na hamhráin i nGaoluinn, tá an léiriú oiriúnach dóibh siúd gan líofacht sa Ghaoluinn chomh maith, a dúirt sé.

“Cinnte thuigidís meon an scéil, mar a bheadh i gceist le ceoldráma Iodáilise, agus ba cheart go n-éireodh linn an scéal a chur in iúl do dhaoine fiú mura dtuigeann siad an Ghaoluinn go hiomlán.” Mar sin féin, an buntáiste is mó leis an togra ná an slí go bhfuil sé tar éis cruthaitheacht chomhpháirteach a spreagadh sa phobal.

“An príomhrud ná go mbainfidh siad taitneamh as,” a deir Seosamh. “Má bhaineann tú taitneamh as, cuireann sé luach i bhfad níos mó leis agus bíonn sé níos sásúla. Bailíonn sé an grúpa le chéile, agus tá an-jab déanta aige ina leith sin. Bheadh an-ionadh orm mura mbeidh siad saghas díomách nuair a bheith sé thart agus táim cinnte go mbeidh siad ag iarraidh é a chur ar stáitse arís.” Níl an aisling thart go fóill, mar ag leanúint ar aghaidh ó thaispeántas na hAoine seo chugainn i mBaile Mhúirne, beidh ‘Aisling an tSeanduine’ ar stáitse mar chuid den ‘Scoraíocht’ ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann in ionad oidhreachta Brú Ború i gCaiseal ar an 25ú Eanáir.

Dúirt Aoife Granville, Bainisteoir an Ionad Cultúrtha: "Tá sé ríthábhachtach go mbeadh Ionad Cultúrtha an Dr Ó Loingsigh ag tacú le grúpaí pobail, go háirithe grúpaí ealaíona i nGaeltacht Mhúscraí. Táimíd ag súil go mór le taispeántas Croí Mhúscraí fé cheann cúpla seachtain."

* Roimh ‘Aisling an tSeanduine’ le Croí Mhúscraí, ar an 17ú Eanáir, beidh cur i láthair d’amhráin saothair bhuacacha ó Oireachtas na Gaeilge 2019 scríofa ag Seán Ó Muimhneacháin, ceol ón ngrúpa ‘Baois’, agus amhráin ó dhaltaí na scéime amhránaíochta sean-nóis Aisling Gheal. Beidh saorchead isteach ar an oíche ach caithfear ticéid a chur in áirithe roimh ré ag 026 45733 /eolas@ionadculturtha.ie 

More in this section

Sponsored Content