Cloíonn an bhuíonn phíobairí le traidisiún Lá Fhéile Pádraig in ainneoin srianta an choróinvíris

Máirín Uí Thuama, rúnaí Bhuíonn Phíobairí Béal Átha ’n Ghaorthaidh, ag seinnt na píobaí ag meán-lae Lá le Pádraig. Grianghrafadóir: Nóirín Uí Thuama
Tá na hIodálaigh ag canadh óna gcuid balcóiní le linn paindéim an choróinvíris, ach i sráidbhaile Bhéal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí b’iad na píobaí a sheinn nóta “dlúthpháirtíochta agus spiorad pobail” ar Lá le Pádraig.
Bhí ard-fhonn ar bhaill de Bhuíonn Phíobairí Béal Átha’n Ghaorthaidh cloí leis an traidisiún atá acu seinnt ar Lá le Pádraig, in ainneoin na srianta atá ann i láthair na huaire maidir le bailiúcháin sóisialta.
Leis an bparáid áitiúil ag a sheinneann siad de ghnáth curtha ar ceal, d’aontaigh baill na buíne aghaidh a thabhairt ar an traidisiún ar bhonn difriúil le gach duine acu ag seinnt ‘Dóchas Linn Naomh Pádraig’ lasmuigh dá dtithe féin ag meán-lae ar lá an naomh patrúin náisiúnta.
Thug daréag píobaire faon gceiliúradh, lena gcuid ceoil á chlos ó Chéim an Fhia, ar fud paróiste Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, agus chomh fada le Screathan in aice le Cúil Aodha.
Tá traidisiún ceoil bródúil ag an mbuíonn phíobairí, a bunaíodh sa bhliain 1928, a sháraigh an Dara Cogadh Domhanda fiú, agus siombal thar a bheith tábhachtach a bhí don phobal trí chéile chomh maith leis na píobairí féin cloí leis an traidisiún sin ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana.
Dúirt rúnaí na buíne Máirín Uí Thuama, duine den daréag píobaire a sheinn ar Lá le Pádraig: “Taispeántas dlúthpháirtíochta agus spiorad pobail a bhí ann. Táimid ar fad sa chás seo i dteannta a chéile.
“Tháinig sé ón smaoineamh go bhfuil muintir na hIodáile ag canadh dá chéile trasna na balcóiní,” a dúirt sí.
“Má thugann sé ardú meanma do dhuine éigin, sin é cuspóir an chleachtais, mar táimid ar fad suite in áit thar a bheith neamhchinnte éidearfa i láthair na huaire.
“Níor scar an bhuíonn riamh, fiú le linn an chogaidh nuair nach raibh aon bhreosla ná faic eile acu,” a dúirt sí.
Le roinnt blianta anuas tá an sráidbhaile tar éis paráid Lá le Pádraig iontach beoga a sholáthar lá de sceitsí grinn, ach téann traidisiún ceoil na buíne píobairí ar an 17ú Márta siar i bhfad níos faide ná sin, a mhínigh sí.
“Sular fhás an paráid chomh mór agus atá sé inniu, bhí na blianta fada ann nuair nach mbíodh aon rud i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh tar éis Aifrinn Lá le Pádraig, ach thagadh an bhuíonn amach ag seinnt. Tá an bhuíonn 92 bliain ar an bhfód i mbliana agus sheinneadar i gcónaí riamh ar an lá sin.” Bhí suntas breise leis an bhfonn a sheinn na píobairí i mbliana, a dúirt sí, go háirithe le géarchéim an choróinvíris.
“An fonn a sheinneamar ná ‘Dóchas Linn Naomh Pádraig’. Seinnimid an fonn sin i gcónaí ar Lá le Pádraig nuair a bhímid amuigh i mbun paráid, os comhair an seastáin féachana de ghnáth. D’fhoghlaimíos féin é sa bhunscoil mar pháiste agus is é sin an fonn a sheinntear i gcónaí do Lá le Pádraig,” a dúirt Máirín.
“Bhí an fonn thar a bheith oiriúnach i mbliana de bharr an dóchas a theastaigh uainn a scaipeadh i measc an phobail.”