Comóradh dhá lá ag marcáil céad bliain ó bhás an Athar Peadar Ó Laoghaire

Comóradh dhá lá ag marcáil céad bliain ó bhás an Athar Peadar Ó Laoghaire

Áit bhreithe an tsagairt agus údair, an tAthair Peadar Ó Laoghaire i Lios Carragáin, in aice le Cluain Droichead.

Beidh céad bliain ó bhás an údair agus scoláire Gaelach, an tAthair Peadar Ó Laoghaire á mharcáil ina pharóiste dúchais an mhí seo le comóradh dhá lá agus leabhar á fhoilsiú ag macallú ceann dá shaothair is cáiliúla, ‘Mo Scéal Féin’.

Beidh cuairteoirí ón Astráil, ón Nua Shéalainn, agus ó na Stáit Aontaithe i measc na ndaoine a bheidh ag tabhairt faoi shráidbhaile Charraig an Ime chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus shaothar an Athar Peadar, tacadóir nótáilte de chaint na ndaoine, teanga labhartha na ndaoine, toisc gur tógadh é le canúint Mhúscraí á labhairt mórthimpeall air.

Beidh an comóradh i gCarraig an Ime ar an 20ú-21ú Márta ag díriú go speisialta ar shéipéal an tsráidbhaile áit inar baisteadh Peadar Ó Laoghaire agus inar fuair sé a Chéad Chomaoine agus a Chóineartú.

Rugadh Peadar Ó Laoghaire sa bhliain 1839 i Lios Carragáin, idir Baile Mhúirne agus Carraig an Ime, duine de shliocht mhuintir Laoghaire ó Chaisleán Charraig na Cora, Inse Geimhleach.

Bhíodh cónaí ar a sheanathair, Peadar chomh maith, ag Carraig na Madraí in aice le sráidbhaile Chluain Droichead roimh seilbh a fháil ar blúire talún i Lios Carragáin.

Agus é ina bhuachaill óg d’fhreastail an tAthair Peadar ar an mbunscoil i gCarraig an Ime, roimh ionrollú i scoil Laidine McNally i Maigh Chromtha, ansan Coláiste Naomh Colmáin, Mainistir Fhear Maí, ag baint amach scoláireacht go Má Nuad ina dhiaidh sin.

Deineadh oirniú air sa bhliain 1867, ag freastal i nDeoise Chluana i gCill Seanaigh, Cill Uird, agus Ráth Chormaic, sular ceapadh ina shagart paróiste é i gCaisleán Ó Liatháin, áit inar scríobh sé scéal an ghréasaí bróg Séadna, a bhí mar chuid de churaclam na Gaoluinne níos déanaí.

I bhfianaise an méid a chur an tAthair Peadar le litríocht na Gaoluinne agus an athbheochan Ghaelach léiríodh ardmheas air agus é á aithint mar shaoirseach Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí.

Dhein Bardas Chorcaí cur síos air mar “an scríbhneoir Gaoluinne is fearr dá linn” nuair a bhí saoirse na cathrach á bhronnadh ar an tírghráthóir agus tacadóir Chonradh na Talún sa bhliain 1912.

Cé nár chur sé peann le pár go dtí go raibh sé nach mór 60 bliain d’aois, chríochnaigh an tAthair Peadar breis agus 50 leabhar, dráma, agus aiste, ag aistriú an Bíobla chomh maith, sular caileadh é sa bhliain 1920 i gCaisleán Ó Liatháin, an sráidbhaile ina bhfuil sé curtha.

Tá áit bhreithe an Athar Peadar i Lios Carragáin, fothracha tigh a sheantuismitheoirí i gCarraig na Madraí, agus Caisleán Charraig na Cora ar fad san áireamh i dturas mórthimpeall ar láithreacha a bhaineann leis an scoláire le linn na deireadh seachtaine comórtha, eagraithe ag Coiste Forbartha Charraig an Ime.

Oireann an ócáid do dhuine de mhic is clúití an cheantair, de réir an méid a bhí le rá ag Séamus Ó Laoire, eagarthóir an chnuasaigh staire agus béaloidis áitiúil ‘Ár Scéal Féin’ a bheidh á sheoladh le linn an chomórtha i gCarraig an Ime.

“Is ann a baisteadh é, is ann a chuaigh sé ar scoil; is ann a d’fhoghlaim sé an Teagasc Críostaí; is ann a dhein sé a Chóineartú. Duine áitiúil ba ea é ar a bronnadh saoirse Bhaile Átha Cliath agus saoirse Chorcaí agus tá aithne air ar bhonn idirnáisiúnta dá chuid saothar,” a dúirt an tUasal Ó Laoire, gaol leis an Athair Peadar.

“An oidhreacht atá aige ná gurb é an chéad duine a scríobh i gcaint na ndaoine,” a dúirt sé. “Roimhe sin Gaoluinn chlasaiceach ar fad a bhíodh ann. Bhíodh cuid den lucht léinn, lucht leanúna na Gaoluinne clasaicí, ag caitheamh anuas air i mBaile Átha Cliath ach lean sé ar aghaidh.” Sa bhliain 1913, dúirt an tAthair Peadar le lucht éisteachta: “Na bacaigí leis an Sean-Ghaoluinn. Níl aon bhaol uirthi. Tá sí sna sean-leabhair agus is féidir í a fháil uathu sin, nuair a theastaíonn ó éinne é sin a dhéanamh.

“Iompaigh in ionad chuig an Ghaoluinn bheo. Tá na seandaoine á tógaint chuig an uaigh leo.” Ina leabhar dírbheathaisnéiseach ‘Mo Scéal Féin’, scríobh an tAthair Peadar faoi na difríochtaí idir an Ghaoluinn áitiúil a bhíodh á labhairt, agus an caighdeán oifigiúil.

“Sular fhágas Lios Carragáin. Níor chuala éinne ag rá frásaí ar nós ‘tá mé’, ‘bhí mé’, ‘bhí siad’; bhíodh taithí i gcónaí agam ar a leithéisí ‘táim’, ‘bhíos’, ‘bhíodar’,” a scríobh sé.

Tá macallú ar shaothar an Athar Peadar sa leabhar nua ‘Ár Scéal Féin’ ina bhfuil giotaí ann faoi fhocail Ghaoluinne a n-úsáidtear sa Bhéarla, mar aon le roinnt mhaith amhrán cumtha ag Micheál Ó Tuama, a bhíodh aithne air chomh maith mar George Curtin. Bhailigh an tAthair Peadar amhráin Uí Thuama, comharsa leis, lena n-áirítear ‘An Gandal’ agus ‘Na Cleaganna’ agus d’fhoilsigh Coláiste Mhá Nuad iad.

Mar chuid den leabhar chomh maith tá sonraí faoi chol-ceathracha an Athar Peadar Ó Laoghaire, le cuntas ann faoi ócáid suntasach stairiúil go luath tar éis Éirí Amach 1916 a raibh an tAthair Peadar i láthair ann.

Tar éis gabháil Thomas Kent mar thoradh ar chomhraic gunnaí leis an RIC ina thigh cónaithe ar an mBán Ard in aice le Caisleán Ó Liatháin, cuireadh an poblachtach chun báis agus coimeádadh é i mBeairic Victoria i gCorcaigh.

“Chaith an tAthair Peadar an oíche roimh ré i dteannta leis agus dhein sé ungadh air nuair a lámhachadh é,” a dúirt Séamus Ó Laoire, atá tar éis cóip a chur sa leabhar de theastas breithiúnais mhaor na cúirte agus an phianbhreith báis a gearradh ar Kent.

Mar chuid den leabhar chomh maith tá roinnt bunleaganacha de shaothair a sheol na daltaí ón thrí bhunscoil an pharóiste, Carraig an Ime, Muine Fliuch, agus Cluain Droichead – go Coimisiún Béaloideas Éireann sna 1930aidí.

Tá ‘Ár Scéal Féin’, atá ar fáil sna siopaí leabhar ar chostas €20, leis an mbrabús á bhronnadh ar Chumann Naomh Uinseann de Pól, tiomnaithe don Athair Batt Desmond atá imithe ar shlí na firinne, iar-mhúinteoir bunscoile, a oirníodh i gCarraig an Ime, áit inar chaith sé seal mar shéiplíneach. Beidh an leabhar á sheoladh ar an 21ú Márta tar éis Aifrinn dhátheangach le fear Chaisleán Ó Liatháin, an Moinsíneoir James O’Donnell, a dhéanfaidh leac cuimhneacháin don Athair Peadar a nochtadh ag Séipéal Charraig an Ime, áit ina mbeidh cathaoir adhmaid 150 bliain d’aois leis an údar agus sagart ar thaispeáint.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin deireadh seachtaine comórtha, ina mbeidh seisiúin cheoil agus cur i láthair le trí chór áitiúil, féach:  www.facebook.com/carriganima.comm 

More in this section

Sponsored Content