Taithí ‘uathúil’ le tabhairt do chuairteoirí i dtionscnamh turasóireachta cultúrtha nua i Múscraí

Taithí ‘uathúil’ le tabhairt do chuairteoirí i dtionscnamh turasóireachta cultúrtha nua i Múscraí

Óstán Ghuagán Barra, ceann de na páirtithe leasmhara atá páirteach sa tionscnamh Atlantic CultureScape.

BEIDH branda ar líne agus ceapachán oifigigh turasóireachta lánaimseartha rí-thábhachtach don rath fadtéarmach ag tionscnamh AE atá dírithe ar chur chun cinn na ngnéithe cultúrtha is díol spéise i nGaeltacht Mhúscraí.

Táthar tar éis an ceantar a roghnú mar an t-aon ionadaí ag Poblacht na hÉireann sa tionscnamh Atlantic CultureScape ar luach €2m, arna chómhaoiniú ag Clár Interreg um Limistéar an Atlantaigh trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Tá Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí mar pháirtí sa togra trí bliana, mar aon le Comhairle Ceantair an Mhúrn agus an Dúin i dTuaisceart Éireann, Údarás Pháirc Náisiúnta Brecon Beacons sa Bhreatain Bheag, eagraíochtaí i Vigo agus Cantabria sa Spáinn, agus i Rio Maior sa Phortaingéil.

Faoi stiúir an Dr Cliodhna Sargent ó CIT, tá sé mar aidhm ag togra Mhúscraí fás eacnamaíoch a spreagadh trí chuairteoirí a soláthar le taithí turasóireachta “barántúil” nach bhfuil bunaithe in aon chor ar “leipreacháin agus seamróga” ach ar oidhreacht chultúrtha doláimhsithe an cheantair.

Tá an Dr Sargent i mbun oibre chun naisc a fhorbairt idir eagraíochtaí gnó, turasóireachta, agus cultúrtha an cheantair agus páirtithe leasmhara áitiúla eile, ionas gur féidir “eispéiris indíolta” a sholáthar a mheallfaidh cuairteoirí chuig an gceantar.

Tá sé mar aidhm ag Atlantic CultureScape, a dúirt sí, “an cultúr atá ag réigiún a choimeád beo trí thaithí nó éispéiris turasóireachta a chur ar fáil atá bunaithe mórthimpeall ar an gcultúr”.

Samhlaítear go gcruthófaí pacáiste gníomhaíochtaí, chun deis a thabhairt do thurasóirí blaiseadh a fháil “de thaithí an ghnáthshaoil laethúil, ní na leipreacháin agus seamróga, ach an taobh barántúil uathúil,” a dúirt an Dr Sargent. “Is iad na rudaí a dhéanaimid lá i ndiaidh lae gach lá, is iad sin cuid dár n-oidhreacht, ár gcultúr, agus ár stair, agus is féidir leat dul chuig an gceantar sin agus blaiseadh a fháil den rud ar fad.” Tá Comhairle Contae Chorcaí mar chomhpháirtí sa togra agus d’oibríodar roimhe seo i gcomhar le hollscoil scairte Mhúscraí, Acadamh Fódhla agus comhairleoirí Research & Dig ar Phlean Oidhreachta Mhúscraí 2018-2032, dírithe ar oidhreacht an cheantair a chosaint agus a chur chun cinn.

Dúirt an Dr Sargent go raibh an plean oidhreachta ar an gcéad cháipéis a d’fhéach sí tríd nuair a bhí oiriúnacht Ghaeltacht Mhúscraí á mheas don togra, tionscnamh de chuid Interreg, a thacaíonn le comhoibriú trí mhaoiniú togra, a bhfuil sé mar aidhm leis réitigh chomhroinnte a aimsiú i dtaca le dúshláin atá comónta idir réigiúin na hEorpa.

“Ina dhiaidh sin chuireas tuarascáil éiceachórais i gcrích, agus bhuaileas le scata úinéirí gnó sa réigiún agus d’fhéachas ar conas mar atá siad nasctha ar bhonn áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta; cé mhéid naisc nó ceangail a bheadh acu laistigh de réimsí difriúla, na margaí go dteastaíonn uathu forbairt iontu agus conas mar a d’fhéadfadh an togra cabhrú leo forbairt níos mó. D’fhéach an tuarascáil ar conas a d’fhéadfaí braisle turasóireachta a fhorbairt,” a dúirt an Dr Sargent, atá ag obair leis an eagraíocht áitiúil Comharchumann Forbartha Mhúscraí maidir leis an togra.

Dúirt an Dr Sargent, taighdeoir sinsearach in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus iar-imreoir haca idirnáisiúnta, gur oscail a cuid taighde a súile i dtaca le hacmhainneacht agus poitéinseal an cheantair.

“Is ó Chorcaigh mé ach níor thuigeas i gceart in aon chor cad a bhí le tairiscint ag an nGaeltacht,” a dúirt sí.

“D’fhoghlaimíos i bhfad Éireann níos mó ná mar a shamhlaíos a bheadh ann. Le fírinne tá an-ionadh orm gur thóg sé chomh fada seo do dhuine éigin é a fhorbairt mar tá sé chomh éagsúil agus is iontach an réigiún é.” An rud a scarann amach é mar cheantar oiriúnach d’fhorbairt na turasóireachta cultúrtha, a dúirt sí, baineann sé leis an flúirse agus raidhse na ngnéithe teangeolaíocha, stairiúla, ceoil, agus oidhreachta in aon áit amháin, mar aon le réimse leathan táirgeoirí bia agus dí áitiúla.

“Is féidir leis an turasóir dul chuig an gceantar sin agus a bheith tumtha go hiomlán sa chultúr,” a dúirt an Dr Sargent. “Is féidir leo tabhairt faoi rang Gaoluinne, is féidir leo rang rince a dhéanamh; is féidir leo dul agus féachaint ar chluiche peile á imirt go háitiúil, is féidir leo dul agus bia ón gceantar a bhlaiseadh, nó beoir atá déanta anseo a ól. Is féidir leo an tírdhreach álainn a fheiscint; bíonn eispéireas iomlán acu laistigh de cúpla lá.” Dúirt sí go mbeadh cuairteoirí go Múscraí in ann táille uile-chuimsitheach a íoc a chlúdódh lóistín, bia, agus gníomhaíochtaí.

“Is mór an acmhainneacht agus poitéinseal atá ann,” a dúirt sí faoin gceantar. “Tá go leor ag tarlú ann cheana féin ach an rud nach mór dóibh a dhéanamh anois ná teacht le chéile mar ghrúpa chun dul i mbun oibre ag iarraidh turasóirí a thabhairt chuig an réigiún.

“Beidh orainn láithreacht ar líne a bhunú ionas gur féidir le daoine dul chuig suíomh idirlín ar leith agus dul i mbun teagmhála le duine áirithe a thabharfaidh na sonraí ar fad dóibh maidir le praghas, nó amanna, nó dátaí, do ghrúpaí nó do dhaoine aonair,” a dúirt sí.

Táthar ag déanamh machnaimh ar bhratach ‘Experience Gaeltacht Mhúscraí’ faoi láthair chun an réigiún a chur chun cinn, le haischlib #MúscraíBeo ar na meáin shóisialta, agus tá súil ag an Dr Sargent cúnamh a fháil ó rannóg margaíochta CIT maidir le forbairt an bhranda.

Dúirt sí go bhfuil éascú mar fhócas ag togra trí bliana Atlantic CultureScape, agus amach anseo, go mbeadh gá le hoifigeach turasóireachta lán-aimseartha chun comhordú a dhéanamh ar eispéireas an chuairteora i nGaeltacht Mhúscraí. “Tá sé sin pléite againn le hÚdarás na Gaeltachta agus beidh a thuilleadh cainte á dhéanamh ina leith agus beimid ag iarraidh a leithéid a bhunú,” a dúirt sí.

Tá cnuas-chruinnithe le páirtithe leasmhara tar éis bogadh go Zoom le linn srianta Covid-19 ach tá súil ag an Dr Sargent go mbeifí in ann tabhairt faoi chainteanna duine ar dhuine arís go luath.

I measc na bpáirtithe leasmhara atá páirteach sa togra cheana féin tá An Muileann, grúdlann Fia Bán, Scoil Rince Uí Thuama, Siúlóidí Ghleann na Laoi, Coláiste na Mumhan, Óstán Ghuagán Barra, Turais Uí Thuama/Turais na Feirme Buabhall, Folláin Teo, Activity Days Ireland, agus Siopa Leabhar Gadaí Dubh.

Tá fáilte roimh ghnóthaí nó grúpaí eile ag soláthar eispéireas oidhreachta doláimhsithe i nGaeltacht Mhúscraí ríomhphost a sheoladh chuig an Dr Sargent ag cliodhna.sargent@cit.ie

More in this section

Sponsored Content