Tionscnaimh gharraíodóireachta faoi bhláth mar thoradh ar rath chomórtas na n-óg

Tionscnaimh gharraíodóireachta faoi bhláth mar thoradh ar rath chomórtas na n-óg

Jerh Ó Loingsigh, Réidh na nDoirí, buaiteoir an chomórtais gharraíodóireachta 8-12 bliain de chuid Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

TÁ an rath a bhí le comórtas garraíodóireachta do dhaoine óga i nGaeltacht Mhúscraí tar éis pleananna a spreagadh le haghaidh tionscnaimh ghairneoireachta eile ar bhonn áitiúil agus náisiúnta araon.

Bhí lucht eagraithe Comharchumann Forbartha Mhúscraí thar a bheith sásta le líon na n-iontrálacha dá chomórtas garraíodóireachta glasraí do dhaoine óga agus do dhéagóirí, ag mealladh freagra ollmhór ón gceantar trí chéile.

Bhí a leithéid de thionchar ag an gcomórtas go bhfuil iarratais tagtha chun cinn maidir le comórtas comhchosúil a reáchtáil amach anseo do gharraíodóirí fásta.

Táthar ag déanamh roinnt machnaimh chomh maith ar mhalartú síolta agus gearrthóga do cheantar Mhúscraí, agus táthar ag smaoineamh ar nascadh le comharchumainn Ghaeltachta eile le haghaidh togra náisiúnta ‘Gairdín na Gaeltachta’.

B’iad srianta taistil agus imeachtaí sóisialta Covid-19 a spreag an comórtas garraíodóireachta is déanaí, a mhínigh cathaoirleach an chomharchumainn Seán Ó Cuill.

“Tháinig Covid-19 agus theastaigh uainn rud éigin suimiúil a dhéanamh do na daoine óga i gceantar Mhúscraí,” a dúirt sé.

Bhí tairiscint na nduaiseanna airgid thar a bheith éifeachtach chun daoine óga a mhealladh le tosnú i mbun garraíodóireachta, cuid acu don chéad uair, a dúirt sé.

“Thosnaíomar é gan fhios dá laghad againn conas mar a éireodh linn, ach bhí an-éileamh air, agus chabhraigh an dea-aimsir le linn Covid go mór. A leithéid d’fhreagra a fuaireamar — chuir daoine ó cheann ceann cheantar Mhúscraí isteach ar an gcomórtas — agus chuireamar ceist ar dhaoine ó choistí na mbailte slachtmhara cabhrú leis an moltóireacht.

“B’iad Conchúr Ó Luasa ó Bhaile Mhúire, Jer Ó hÉalaithe ó Chúil Aodha, Niall Ó Cróinín ó Chill na Martra, agus Maura Uí Longaigh ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh a bhí i mbun moltóireachta dúinn. An rud a sheas amach go mór ná cé chomh bródúil a bhí gach duine óg faoin obair a bhí déanta acu iad féin ina gcuid gairdíní agus an t-eolas ar fad a bhí acu ar na cineálacha éagsúla cabáiste, prátaí — nó cuiríní. Bhí sé dochreidte i ndáiríre,” a dúirt an tUasal Ó Cuill.

Tá na daoine óga i mbun gairneoireachta ar cheann den iliomad céimeanna i dtreo Múscraí a fhorbairt mar cheantar Gaeltachta níos éicea-chairdiúla, féinleorga, a dúirt sé.

“An slí ina bhfuil an domhan ag dul ceapaim go dtuigeann daoine anois gur féidir leo a bheith féinleorga go pointe áirithe, agus tá an comharchumann ag féachaint ar conas mar is féidir linn Múscraí a fhorbairt mar cheantar níos glaise,” a dúirt sé.

“An bhliain seo chugainn ceapaim go mbeidh orainn comórtas a reáchtáil do dhaoine fásta mar bhí go leor daoine ag teacht chugainn ag rá ‘is iontach an rud é do na daoine óga agus cad fúinn?’ mar ní raibh na seónna talmhaíochta acu i mbliana chun a gcuid táirgí a thaispeáint.

“Bhí roinnt smaointe eile á bplé againn chomh maith: Malartú síolta, áit ina dtiocfadh daoine le chéile b’fhéidir dhá uair sa bhliain lena gcuid síolta nó gearrthóga agus d’fhéadfadh daoine malartú lena chéile.

“Tá comharchumann i ngach ceantar Gaeltachta agus bhíomar ag rá b’fhéidir go bhféadfaimis dul i mbun teagmhála leo chun iarracht a dhéanamh comórtas náisiúnta cosúil leis an gcomórtas peile a fhorbairt, ionas go mbeadh gairdín na Gaeltachta agat.

“Tá an t-uafás rudaí a d’fhéadfaí a dhéanamh i ndáiríre,” a dúirt sé.

Torthaí an chomórtais gharraíodóireachta do dhaoine óga: An garraí is fearr, 13-18 bliain: Gearóid Ó Céilleachair, Béal Átha ’n Ghaorthaidh (€300); 8-12 bliain: Jerh Ó Loingsigh, Réidh na nDoirí (€250); 4-7 bliain: Holly Ní Chríodáin, Cúil Aodha (€100).

Duaiseanna speisialta: Athchúrsáil: Gráinne agus Róisin Ní Thuama (€50); An réimse glasraí is fearr: Páidí Ó hArgáin, Béal Átha ’n Ghaorthaidh (€50); An eispéaras foghlamtha is fearr agus an glasraí neamhghnách (kiwi): Muintir Luanaigh, Dan, Matilda, Irene agus Frances, Baile Mhic Íre (€50); Sáriarracht don phaiste féin, Finín Ó Conaill, Leac Fhinín (€50) ; Gairdín na síog: Erin agus Dylan Ó Céilleachair (dearbhán); An-iarracht: Aaron agus Jack Ó Cathaláin (dearbhán).

More in this section

Sponsored Content