Léiríonn suíomh idirlín tábhacht Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh in Athbheochan na Gaeilge

Léiríonn suíomh idirlín tábhacht Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh in Athbheochan na Gaeilge

Foireann teagaisc agus an tAth Pádraig Ó Muirthile, Coláiste Múinteoireachta na Mumhan, roimh 1908. Ar cúl: Áine Ní Raghailligh, An tAth Gearóid Ó Nualláin, Osborn Bergin, An tAth Ristéard Ó Dálaigh, Tadhg Ó Scannaill, Eibhlín Ní Chroinín. Chun tosaigh: Diarmuid Ó Laoire, Fr Patrick Hurley PP, Shán Ó Cúiv. Grianghraf: Tadhg Ó Conaill

TÁ Traolach Mac Suibhne i measc duine d’iar-dhaltaí Choláiste na Mumhan atá mar chuid de chnuasach grianghraf nua-eisithe ag tabhairt léargas ar pháirt Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh in Athbheochan na Gaeilge.

Bhí ról thar a bheith tábhachtach ag an gcoláiste, a bunaíodh sa bhliain 1904, i ngluaiseacht athbheochana na Gaeilge a bhí mar bhunús leis an gcomhthéacs cultúrtha laistiar de ghluaiseacht na saoirse.

Bhí Mac Suibhne, Ardmhéara Chorcaí le Sinn Féin a cailleadh ar stailc ocrais i mí Dheireadh Fómhair 1920, ina dhalta i gColáiste na Mumhan sa bhliain 1913.

Tá sé ar dhuine d’iliomad figiúirí mór le rá i saol cultúrtha agus polaitiúil na hÉireann atá le feiscint ar an suíomh idirlín atá ag Cumann Staire Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh/Uíbh Laoire.

Tá maoiniú uas le €10,000 le haghaidh uasghrádú an tsuímh idirlín ceadaithe do Choiste Forbartha Béal Átha ’n Ghaorthaidh trí chiste rannpháirtíochta lucht féachana na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do mhúsaeim bheaga, réigiúnacha agus speisialaithe.

Tugtar cur síos ar an suíomh idirlín chomh maith ar phleananna atá idir lámha le haghaidh togra An Súgán, músaem nua don Ghaeilge agus Athbheochan na Gaeilge, i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh, a bheidh lonnaithe i mbunfhoirgneamh Choláiste na Mumhan, a cheannaigh teaghlach áitiúil mar bhronntanas don phobal níos luaithe i mbliana. I measc cnuasach grianghraf daite agus athchóirithe d’iar-dhaltaí agus múinteoirí ón gColáiste ar an suíomh nuadheartha tá ceann ina bhfuil Mac Suibhne i ngrúpa ón mbliain 1913, agus tá breis agus 25 sceitsí beathaisnéiseach ag tabhairt léargas ar na pearsantachtaí a shamhlaigh, a bhunaigh, a thacaigh le agus a fuair inspioráide ó Choláiste na Mumhan.

D’imigh go leor acu ar aghaidh le clú a bhaint amach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta don pháirt a bhí acu sa streachailt don neamhspleáchas agus bunú an tSaorstáit nua.

Ina measc tá réamhtheachtaí Mac Suibhne mar Ardmhéara Chorcaí, Tomás MacCurtain, a d’fhreastail ar Choláiste na Mumhan sa bhliain 1906. Lena chois sin, bhí MacCurtain, a maraíodh agus é i mbun oifige sa bhliain 1920, i dTuirín Dubh i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh, i dteannta le Mac Suibhne agus Seán Ó Hegarty, ball bhunaidh de chuid na nÓglach i gCorcaigh, an lá gur thosnaigh Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath i 1916. Mac léinn eile i gColáiste na Mumhan sa bhliain 1906 ba ea Thomas MacDonagh, a bhí níos déanaí ina dhuine de lucht sínithe an Fhorógra agus duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca a cuireadh chun báis.

I measc na dteagascóirí i gColáiste na Mumhan bí Cathal Brugha, Liam de Róiste, agus Shán Ó Cuív, a mhol céad lá ag Feis na Mumhan sa bhliain 1903 go mbunófaí an coláiste, go bunúsach chun múinteoirí a theagasc i múineadh na Gaeilge, agus Coláiste Múinteoireachta na Mumhan mar ainm ar an áit.

Bhunaigh Ó Cuív ‘An Leitriú Shimplí’, córas litrithe simplithe don Ghaeilge, i dteannta le duine dá bhaill foirne comhalta i gColáiste na Mumhan, Osborn Bergin agus an tAthair Richard Ó Dálaigh, le léachtóir eile sa choláiste, údar agus TD Piaras Béaslaí, i measc a lucht taca.

Tá amlíne d’Athbheochan na Gaeilge agus saibhreas mór cáipéisí agus acmhainní stairiúla áitiúla san áireamh chomh maith ar an suíomh idirlín, ballingearyhs.com.

Dúirt Tadhg Ó Tuama, ball foirne de chuid An Súgán: “Táimid thar a bheith buíoch don roinn as maoiniú a thabhairt chun uasghrádú a dhéanamh ar shuíomh idirlín Ballingearyhs.com.

“Tugann an deis ábhar a bhaineann le togra ár músaem a chur leis an suíomh borradh ollmhór i dtreo an sprioc uaillmhianach atá againn ár músaem a bhunú i gcroílár ár sráidbhaile.” Tá sé i gceist acu go n-inseodh togra ‘An Súgán’ an scéal faoin ról a bhí ag Béal Átha ’n Ghaorthaidh in Athbheochan na Gaeilge trí sraith scéalta closamhairc sa chéad phearsa. Is cosúil go gcuimseoidh an músaem café agus táthar ag féachaint air mar dheis chun an sráidbhaile i nGaeltacht Mhúscraí a oscailt suas don turasóireacht chultúrtha, á chasadh ó áit a thiomáinfeá tríd go áit a thiomeáinfeá ann, de réir an méid a bhí le rá ag an tUasal Ó Tuama.

Tosnaíonn páirt an tsráidbhaile in athbheochan na teanga le teacht an tsagairt pharóiste an tAthair Pádraig Ó Muirthile sa bhliain 1888, tacadóir de ghluaiseacht na Gaeilge a bhí ríthábhachtach i dtógáil Aireagal Naomh Fionnbarra i nGuagán Barra agus bunú Choláiste na Mumhan.

Inseoidh an músaem an “scéal neamhghnách” sin de réir an méid a dúirt an tUasal Ó Tuama, a dúirt go raibh an sráidbhaile “lárnach i bhfás ghluaiseacht na saoirse”, liosta na ndaoine sin a bhí ceangailte leis an teanga sa cheantar áitiúil, lena n-áirítear Pádraig Mac Piarais agus scríbhneoir Seán Ó Faoláin, mar a bheadh togha na bpearsantachtaí i mbarr a réime sa saol polaitiúil agus cultúrtha, a dúirt an tUasal Ó Tuama.

More in this section

Sponsored Content

summersoaplogosml

Catch up on the latest episode of Annie May and the Hit Brigade written and read by  Mahito Indi Henderson.

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more