Aithníonn gradam éachtaí amhránaíochta Mháire

Aithníonn gradam éachtaí amhránaíochta Mháire

Máire Ní Chéileachair i mBéal Feirste an tseachtain seo caite d’fhógairt Gradam Ceoil TG4 2018. Grianghrafadóir: John Murphy/Aurora Photography.

B’FHÉIDIR nach raibh sé de mhisneach ag Máire Ní Chéileachair amhráin a chasadh go poiblí go dtí go raibh sí nach mór 40 bliain d’aois, ach ó shin i leith níl aon am in aon chor curtha amú aici í féin a bhunú mar dhuine de mhór amhránaithe sean-nóis na hÉireann.

Mar sin níorbh aon ionadh é dóibh siúd ina measc gur fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeadh teideal Amhránaí na Bliana 2018 á bhronnadh uirthi ag searmanas Gradam Ceoil TG4 2018 i mí Feabhra agus aontaíodh gur thar a bheith oiriúnach é an gradam mar aitheantas ar a cuid éachtaí.

Mar a bheadh moladh don chomhsheasmhacht lena bhfuil sí tar éis fanúint ag an leibhéal is airde dá ceird, tháinig scéal an ghradaim i ngiorracht coicíse tar éis do Mháire éacht a bhaint amach ag Oireachtas na Samhna, leis an dara háit á fháil aici sa phríomh-chomhórtas amhránaíochta ar an sean-nós do Chorn Uí Riada don seachtú uair.

I mBéal Feirste an tseachtain seo le haghaidh seoladh na ngradam, i dteannta lena leithéidí buaiteoir foriomlán na nGradam Ceoil Frankie Gavin agus faighteoir an Ghradaim Saoil Patsy Hanly, fillfidh Máire ar lárionad an Waterfront sa chathair chun glacadh lena gradam agus chun casadh ag ceoilchoirm na nGradam Ceoil ar an 4ú Feabhra, beo ar TG4.

Tá ócáidí ardphróifíl dá leithéid seo agus spotsholas dian Chorn Uí Riada, le gach nóta ceoil faoi dhianscrúdú, go hiomlán difriúil ó dhlúth-thimpeallacht Chlub Amhránaithe Chorcaí áit inar sháraigh Máire a cuid neirbhíse le cur ar a cumas bheith in ann casadh go poiblí.

Ach thiar sa bhliain 1993, le club na n-amhránaithe sna blianta tosaigh, nuair a smaoineodh Máire ar stáitse chomh dlúth leis sin d’fhágfaí í “ag crith agus neirbhíseach agus eagla orm mo bhéal a oscailt fiú”.

“I ndáiríre bheinn ag crith le himní isteach ag club na n-amhránaithe agus thóg sé an-chuid ama orm an neirbhís sin a bhaineann le bheith ag amhránaíocht go poiblí a shárú,” a dúirt Máire, atá mar bhall fós den chlub úd a mholann sí mar “áit do dhaoine chun roinnt muiníne a fháil”.

Thart ar an am céanna, thug Máire faoi shraith ceardlanna amhránaíochta seachtaine Scoil Éigse á reáchtáil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, a thug an mhuinín di tabhairt faoi Fleadh Cheoil Chorcaí mar iomaitheoir.

Le rath ansan agus ag leibhéal na Mumhan ina dhiaidh sin, chonacthas Máire ag buachaint Craobh Uile-Éireann sa chéad iarracht di sa bhliain 1996.

“B’iontach an mhuinín a thug sé sin dom leanúint ar aghaidh. Bhíos nach mór 40 ag an am sin ach feithicil a bhí ann a chuir ar mo chumas mo chuid amhránaíochta a chur i láthair,” a dúirt sí.

Cé gur thóg sé roinnt ama uirthi tabhairt faoi stáitse an tsean-nóis, bhíodh Máire ag casadh dá cairde agus dá muintir ó laethanta a hóige ar an bhFearann, cóngarach go maith don áit inar mhúin a hathair i Scoil Náisiúnta Chill Mhathnáin.

Chothaigh a tuismitheoirí, an bheirt acu a tháinig ó Chill na Martra agus ó chúlra ceolmhar, an grá a bhí aici don amhránaíocht agus don Ghaeilge, lena hathair á leanúint ag Máire go gairm na múinteoireachta, ag obair i Scoil Ashton ar an gCarraig Dhubh, agus níos déanaí mar léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, an alma mater aici.

“Nuair a bhíos óg thug mo thuismitheoirí le tuiscint dom i gcónaí go rabhas in ann canadh,” a dúirt Máire. “Agus smaoiním ar cé chomh tábhachtach atá na teachtaireachtaí sin. Éinne a thagadh isteach sa tigh, chasfainn amhrán dóibh. Mhothaíos i gcónaí go bhféadfainn canadh toisc go n-iarrfaí orm canadh. Bailéid a bhíodh ann ag an am úd – the Boys of the County Armagh agus the Homes of Donegal, agus gan dabht d’fhoghlaimímis amhráin Ghaeilge ar scoil.

“I mo dhéaga ansan, bhí ceol Sheán Ó Riada faoi lán tseoil, agus Cór Chúil Aodha, agus bhinn ag éisteacht leis sin. Nuair a tháinig an teilifís ar dtús bhí clár ar Chúil Aodha le Johnny Lehane agus Diarmuid Ó Súilleabháin agus daoine eile cosúil leo. Bheadh aithne ag mo thuismitheoirí ar an gceantar as a thangadar agus mhothaíos dá réir go raibh leath-aithne agam orthu mé féin, cé nach raibh aon aithne in aon chor agam orthu. Bhaineas taithneamh i gcónaí as bheith ag éisteacht leis na hamhráin agus bhíos meallta acu.” Lean Máire uirthi ag éisteacht, go háirithe le stíl sean-nóis Mhúscraí, lena luath-thaithí ag forbairt go freastal ar cheolchoirmeacha agus seisiúin amhránaíochta.

“Théinn go gach seisiún faoin spéir ar feadh na blianta fada. Thiocfadh muintir Mhúscraí isteach chuig an Cork Folk Festival ó na 70aidí agus ba bhreá liom bheith ag éisteacht leo.

“Gníomhaíocht éisteachta í an amhránaíocht, agus bhíos ag éisteacht na bliana fada sin. Bheinn ag éisteacht leis an Oireachtas chomh maith gan dabht, agus ní bhínn ag casadh mé féin go poiblí in aon chor.” D’éist sí chomh maith, le teagasc a leithéidí Lena Bean Uí Shé i gCathair Chorcaí agus Máire Ní Cheocháin, ó Chúil Aodha í dhúchas, a thug comhairle do Mháire dá céad dlúthdhiosca, ‘Guth ar Fán’ sa bhliain 1999.

Tar éis di rath a bhaint amach ag an bhFleadh Cheoil, ghlac Máire an cinneadh cur isteach ar an Oireachtas don chéad uair sa bhliain 1997, agus an bhliain dar gcionn bhuaigh sí Corn Mháire Nic Dhonnchadha, d’amhránaithe baineann os cionn aois 35. Thug sé sin deis di páirt a ghlacadh i gcomórtas Sean-nós na mBan, a bhuaigh sí sa bhliain 2001, ag tabhairt deis di ansan páirt a ghlacadh i gCorn Uí Riada don chéad uair sa bhliain 2002.

De réir mar a lean a gairm iomaíochta ag dul in airde, thug Máire faoi deara go rabhthas ag glacadh léi mar chuid de chultúr sean-nóis Mhúscraí, cultúr a raibh ardmheas aici i gcónaí ar a chuid amhránaithe.

Iarradh uirthi ar dtús roinnt daltaí a theagasc le chéile agus níorbh fhada gur iarradh uirthi post bliana a ghlacadh mar amhránaí cónaitheach do Mhúscraí, le sos gairme á thógaint aici óna cuid oibre féin.

“Ba mhór an rud a bhí ansan dom mar thug sé an deis dom aithne a chur ar na hamhránaithe ar fad a rabhas ag éisteacht leo,” a dúirt Máire. “Chuireas ranganna amhránaíochta ar siúl do dhaoine fásta agus do leanaí agus chuireas aithne i bhfad níos fearr ar na hamhránaithe. Le fírinne tumadh mé i dtraidisiún Mhúscraí.” Ón tús seo a d’fhorbairt scéim amhránaíochta sean-nóis Aisling Gheal, atá tar éis leanúint ar aghaidh ag leathnú amach go bunscoileanna Mhúscraí, ag tabhairt isteach tuilleadh múinteoirí agus comhordaitheoir, le Máire féin ag leanúint uirthi ag múineadh amhránaithe ag leibhéal na meánscoileanna.

Ar aon dul leis an scéim tá an ollscoil scairte áitiúil Acadamh Fódha, a mbíonn an dáimh amhránaíochta dá cuid, a bhfuil Máire mar ball, i mbun obair thaighde ar amhráin thraidisiúnta Mhúscraí.

“Tá Acadamh Fódhla mar chuid ríthábhachtach dem’ shaol mar amhránaí toisc go bhfuil na tacaíochtaí ann ó amhránaithe eile,” a dúirt sí. “Tá cuid de na hamhráin a chasaim tar éis teacht ón taighde agus tá amhráin á fháil agam ó amhránaithe eile chomh maith, agus uathu siúd nach bhfuil inár measc níos mó, ó thaifeadtaí de chuid Diarmuid Ó Súilleabháin, Peataí Thaidhg Pheig, agus Cáit Ní Mhuimhneacháin, ó Bess Cronin. Tá an t-ádh linn go bhfuil na hamhráin sin faighte againn óna leithéidí siúd.” Leis an obair idir lámha sa stiúideo atá ag Peadar Ó Riada i gCúil Aodha ar an dara dlúthdhiosca ó Mháire, atá le scaoileadh i 2018, déarfadh go leor daoine go bhfuil an t-ádh le Múscraí go bhfuil Máire i measc amhránaithe, taighdeoirí agus múinteoirí an cheantair. Tá an t-ádh linn chomh maith bheith in ann gradam amhránaí na bliana a cheiliúradh léi, gradam a deir sí atá “mar chúis iontach ceiliúradh, ach ní bheinn ag canadh gan an tacaíocht ar fad ó gach éinne, agus ó mhuintir Mhúscraí ach go háirithe”.

More in this section

Sponsored Content