An chéad taibhiú i mBaile Mhúirne d’eipic Ó Riada-Ó Fiannachta

An chéad taibhiú i mBaile Mhúirne d’eipic Ó Riada-Ó Fiannachta

Peadar Ó Riada: Beidh an chéad taibhiú dá shaothar ‘Fianna Éireann’ ar siúl san Ionad Cultúrtha, Baile Mhuirne, ar an 24ú Márta. Grianghrafadóir: Domnick Walsh

NÍ raibh aon leisce riamh ar an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, atá imithe ar shlí na fírinne, aghaidh a thabhairt ar dhúshlán.

File, foilsitheoir, ollamh i Má Nuad, eagarthóir, agus fear feachtais ar ábhair phobail ba ea an sagart Ciarraíoch. Thug sé faoin obair ollmhór an Bíobla a aistriú go Gaeilge, le cuid mhaith den saothar á aistriú aige ó bhun-leaganacha Eabhraise, Aramaise agus Gréigise.

Ach ag deireadh a 89 mbliana, lena shláinte ag dul in olcas tar éis stróc, sheas fiú an Moinsíneoir Ó Fiannachta siar ó áibhéil an dúshláin curtha os a chomhair ag an gcumadóir Peadar Ó Riada: Chun stair mhiotasach na hÉireann ar fad a bhailiú le chéile in aon insint nó reacaireacht láidir amháin, i bhfoirm véarsaíochta Gaeilge.

Ar deireadh an rud a chur iachall air an reacaireacht a chomhlíonadh, reacaireacht ina bhfuil thart ar 7,000 líne filíochta méadraithe, ná ‘geas’ nó móid oibleagáide, a bhí curtha ag Ó Riada air.

Bhí an saothar ollmhór filíochta dar teideal ‘Fianna Éireann’ mar thoradh na hoibre. Agus tar éis bháis an Moinsíneoir Ó Fiannachta sa bhliain 2016, comhlíonann Ó Riada a thaobh siúd den mhargadh nuair a chuirtear a chóiriú ceoil den reacaireacht i láthair an mhí seo i mBaile Mhúirne ag an gcéad taibhiú áit ina mbeidh an saothar á sheoladh go hoifigiúil ag an Uachtarán Micheál D Ó hUiginn.

Cuireann an saothar, i bhfoirm reacaireachta nó insint le ceol, togra i láthair an phobail atá faoi chaibidil ar thaobh Ó Riada le breis agus tríocha bliain anuas.

D’oibrigh sé ar an smaoineamh ar dtús le file Chúil Aodha, Dónal Ó Liatháin, cé gurb cosúil gur chuir a bhás siúd sa bhliain2008 deireadh leis an mór-thogra úd ag Ó Riada.

Sin é go dtí gur tháinig an réiteach i bhfoirm a chara fadsaoil an Moinsíneoir Ó Fiannachta, a bhí ar cuairt i mBaile Mhúirne ina ról mar uachtarán ar scoil fhilíochta bliantúil Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn.

“Bhí gach saghas coincheap leagtha amach agam agus neart cainte déanta agam le Dónal Ó Liatháin i gcaitheamh na mblianta,” a dúirt Ó Riada. “Nuair a cailleadh Dónal ní raibh a fhios agam cad a dhéanfainn i ndáiríre. Bhí sé mar bhé agam.” Dúirt sé chomh maith: “Chonaic mé Pádraig agus bhí a fhios agam láithreach. Chuireas faoi gheasa é chun é [an téacs] a scríobh, ionas go bhféadfainn tabhairt faoin gcuid eile den togra.

“Bhíos thar a bheith curtha amach liom féin gur dheineas é mar bhí sé lag ag an am; bhí sé díreach tar éis stróc a bheith aige é féin agus d’impigh sé orm é a scaoileadh ón ngeas – go liteartha. Ach dúirt ‘ní féidir liom’. Ní fhéadfainn mar bhí fhios agam gur an rud ceart a bhí ann.

“An mhaidin dar gcionn ghlaoigh sé orm agus dúirt sé fad a bhí sé sa leaba an oíche sin gur thosnaigh sé [filíocht] ag sní mar shruthán chuige.

“A luaithe agus a casadh an buacaire, tháinig sé amach. Tháinig an tionscnamh uaimse, ach thuig sé agus bhi sé go hiomlán oscailte chuige nuair a dúirt leis é cúig bliana ó shin.” Gan dabht is iondúil gur coincheap é an ‘geas’ neamhsháraithe a fheictear go coitianta i scéalta na Fianna a bhí mar dhushlán ag an Moinsíneoir Ó Fiannachta a insint.

Tá a leithéid de mhiotaseolaíocht, de réir an méid a deir Ó Riada, mar “bhunchloch ár gcultúir”, as a tháinig aitheantas náisiúnta na hÉireann, rud a léirítear ina shaothar comórtha 1916, ‘Onóir’, ina raibh an chéad seicheamh seacht nóiméad de chuid ‘Fianna Éireann’.

“Ní mór go mbeadh gach sibhialtacht daingnithe ag a cuid fréamha nó bonnchloch,” a dúirt sé. “Mhothaíos féin agus Pádraig Ó Fiannachta go bhféadfaí bunús ár gcultúir, an méid a thug dúinn ár gcuid idéal, a fháil ach ár scéalta miotaseolaíochta a thabhairt le chéile in insint láidir áititheach.” Mothaíonn sé gur é ról an tsaothair “cuid de na tréithe níos bunúsaí atá againn mar náisiún a mhíniú. Is féidir linn iad a leanúint ar ais chuig an mbonn seo”.

“Miotaseolaíocht é Fianna Éireann agus bun-mhiotas na hÉireann i ndáiríre,” a dúirt sé. “Suíonn gach rud ar bun-mhiotas – na nithe ar fad a bhfuil luach againn orthu. Mar shampla an ceann is coitianta ná an manna a bhíodh ag na Fianna: Na trí nithe is tábhachtaí ná glaine ár gcroí, neart ár ngéag, agus beart de réir ár mbriathar.

“Tá sé lán de scéalta faoi gach saghas rud a tharla agus na nithe ar ghlacamar leo mar rudaí maithe agus nithe ar ghlacamar leo mar rudaí olca. Gheobhfar ann na nithe ar fad a shamhlaímid go fóill mar rudaí maithe, cosúil le flaithiúlacht, agus fáilte, agus roinnt. Na hoibleagáidí atá fós mar chlocha coirnéil ár gcarachtar náisiúnta inniu. Pé áit ina bhfuil bochtaineacht ar fud an domhain is cosúil go bhfuil an dea-mhéin sin againn, ag dul siar chuig ár mbonn: Ag roinnt bia, fáilte, agus an oibleagáid má deirimid go bhfuilimid chun rud éigin a dhéanamh gur cheart dúinn é a dhéanamh, agus caillimid meas ar dhaoine nach ndéanann an méid a deir siad a dhéanfaidh siad.” An mór-fhís atá ag Ó Riada ná scéalta miotaseolaíochta na hÉireann a tharraingt le chéile in aon chur i láthair eipic amháin, b’fhéidir thar tréimhse roinnt laethanta fiú. Níl sa chur i láthair a bheidh in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne ach blaiseadh beag, déanta suas de chodanna tógtha ón saothar ceoil iomlán.

Le spéis ag léiritheoir Sasanach scannán a dhéanamh de ‘Fianna Éireann’, tá leagan Béarla den eipic beartaithe chomh maith, agus ag am a bháis bhí tús curtha ag an Moinsíneoir Ó Fiannachta leis an bpróiseas chun a shaothar féin a aistriú.

Maidir leis an gcur i láthair Gaeilge iomlán “éileofar formáidí nua cur i láthair toisc go bhfuil sé chomh fada,” a mhínigh Ó Riada. “Tá tú ag caint ar rud chomh fada leis na línte i Mahabharata na hIndia. Tá sé uile-chuimsitheach. Clúdaíonn sé réimse leathan, agus dá réir sin ní mor dúinn teacht ar láthair nó formáid nua, nó geata nua chun é seo ar fad a dhéanamh inrochtana.” Beidh deis acu siúd a bheidh i láthair don reacaireacht i mBaile Mhúirne ar an 24ú Márta, lena n-áirítear an tUachtarán Ó hUiginn, cara de chuid Ó Riada agus an moinsíneoir, an saothar a chlos sa bhunleagan Gaeilge, le ceol Uí Riada, á chur i láthair ag an gcumadóir i dteannta le Mick O’Brien, Steve Cooney, Aidan Connolly, Tommy Hayes, agus Oisín Morrison.

Sula chuirtear ‘Fianna Éireann’, arna choimisiúnú ag Oireachtas na Gaeilge, ar stáitse beidh léacht ar an Moinsíneoir Ó Fiannachta le Pádraig Ó hÉalaí. Ticéid: 026 45733 / eolas@ionadculturtha.ie

More in this section

Sponsored Content

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more