Ó Síocháin á chomóradh le féile i gCill na Martra

Ó Síocháin á chomóradh le féile i gCill na Martra

Seán Ó Síocháin: Comóradh ina onóir ar an 10ú Márta i gCill na Martra.

BHÍ guth baratóin Sheán Ó Síocháin ar cheann de na glórtha is coitianta ar Radió Éireann le linn na 1930aidí, 40aidí agus 50aidí.

Ag tabhairt clú dá leithéidí ‘The Boys of Barr na Sráide’ le Sigerson Clifford, ba mhinic a bhíodh Ó Síocháin le clos ar chláir éagsúla lena n-áirítear Ireland Is Singing, Round The Fire, agus Balladmakers’ Saturday Night.

Breis agus scór bliain tar éis a bháis i 1997, níl aon baol in aon chor go ndéanfar dearmad ar chumais Uí Shíocháin mar amhránaí agus riarthóir CLG.

Tá dealbh bhrád de Ó Síocháin ag suí go bródúil i lár a shráidbhaile dúchais Cill na Martra, i ngiorracht scread asail de bhaile a óige agus an cumann lúthchleas gael áitiúil, áit ina bhfuil seastán an lucht féachana ainmnithe ina onóir.

Ach is é don mhéid a dhein sé ar mhaithe leis na cluichí Gaelacha ar leibhéal náisiúnta, áfach, gur fearr a cuimhnítear ar Ó Síocháin b’fhéidir, mar an chéad ard-stiúrthóir riamh i bPáirc an Chrócaigh, figiúr nua-aimseartha agus tionchair i mbunú tionscnamh ar nós scéim forbartha na gclubanna de chuid an CLG, árachas na n-imreoirí agus Scór na nÓg.

Múinteoir bunscoile ba ea é a d’éirigh as an ghairm sin chun dul i mbun oibre go lánaimseartha don CLG agus tháinig sé i gcomharbacht ar Pádraig Ó Caoimh mar ard-rúnaí sa bhliain 1964.

Athraíodh an teideal go ard-stiúrthóir sa bhliain 1972, agus d’fhan Ó Síocháin sa phost sin go dtí gur scor sé seacht mbliana níos déanaí.

Beidh an paisean a bhí aige don CLG agus don cheol, mar aon leis an ngrá a bhí aige don Ghaeilge, á léiriú i bhféile chultúrtha ina onóir, a bheidh ar siúl i gCill na Martra an mhí seo chugainn.

Tá Cumann Peile Cill na Martra agus an chraobh áitiúil de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Craobh Lachtaín Naofa, ag teacht le chéile chun lá mór ceoil, amhránaíochta agus gníomhaíochtaí Gaeilge a i gcuimhne ar Ó Síocháin, a thug faoi chamchuairt cuimsitheach sna Stáit Aontaithe le Comhaltas.

Beidh Comóradh Sheáin Uí Shíocháin, a reáchtáladh don chéad uair in 2015, ar siúl ar an Satharn, 10ú Márta, agus mar chuid d’imeachtaí an lae beidh sraith comórtas, lena n-áirítear comórtas amhránaíochta do dhaoine fásta ag iarraidh Corn Sheáin Uí Shíocháin a thabhairt leo.

Tá an comórtas sin, a bhuaigh Gobnait Ní Chrualaoi agus Siobhán Ní Mhuimhneacháin roimhe seo, ar oscailt d’amhránaithe ag casadh amhráin traidisiúnta i nGaeilge nó i mBéarla.

Reáchtálfar comórtais d’amhránaithe faoi bhun aois 18 agus aois 15 chomh maith, mar aon le comórtais cheoil do dhaoine faoi 18 agus faoi 15 ar gach uirlis.

Mar ghné nua den fhéile i mbliana beidh comórtas dírithe ar cheoltóirí óga ag fáil muiníne iontu féin, agus é dírithe orthu siúd amháin nach bhfuil tar éis duaiseanna a bhuachaint roimhe seo i gcomórtais an Chomhaltais ar nós Fleadh Cheoil nó Ceol an Gheimhridh, le rannóga ann do cheoltóirí faoi 10, faoi 12, agus faoi 15.

Nua chomh maith beidh comórtais Chomhrá Gaeilge d’aoisghrúpaí faoi 8, faoi 10, agus faoi 12.

Beidh costas iontrála €2 do daoine óga agus €5 do dhaoine fásta, agus caithfear ainmneacha na n-iomaitheoirí a sheoladh trí mheán ríomhphoist go maireprohus@hotmail.com faoin 3ú Márta.

More in this section

Sponsored Content