Gradam Uí Loingsigh d’iar-phríomhoide Micheál Ó Lionáird

Gradam Uí Loingsigh d’iar-phríomhoide Micheál Ó Lionáird
.

THUG DG Dónal Ó Loingsigh an sainmhíniú is leithne don téarma ‘dochtúir ginearálta’ sa tsli nach ag freastal ar riachtanais leighis a gcuid othar amháin a bhíodh sé in aon chor, ach ar fholláine cultúrtha agus eacnamaíochta phobal Bhaile Mhúirne trí chéile chomh maith.

Bhunaigh an dochtúir, ar fhilleadh dó tar éis a chuid ama ag troid sa chogadh Franc Prúiseach, bácús, monarchan cniotála, aonach beostoic, mar aon le halla pobail a thógaint ar a chostas féin. Lena chois sin bhunaigh sé an chéad Feis Baile Mhúirne agus craobhacha de Chonradh na Gaeilge agus Conradh na Talún, agus é ina bhall den Choiste Feidhmiúcháin ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Ceithre bliain ó shin, agus 101 bliain tar éis bás an dochtúra, tugadh aitheantas foirmiúil don méid ollmhór a thug sé don sráidbhaile nuair a athainmníodh an lárionad cultúrtha áitiúil Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i ndíl-chuimhne air. Anois reáchtáltar ann bailiúchán bliantúil ina onóir, agus beidh se sin ar siúl san Ionad an Satharn beag seo, 22ú Meán Fómhair.

Mar aon le honóir a thabhairt don dochtúir féin, ag bailiúchán na bliana seo tabharfar ómós do sheaimpín nua-aimseartha an cheantair a roinneann “spiorad fiontraíochta, meon dóchasach, agus meas cultúrtha an dochtúra”.

I mbliana táthar chun iar-phríomhoide Choláiste Ghobnatan, Micheál Ó Lionáird a bhronnadh le gradam gnó, Gradam an Dochtúra Uí Loingsigh, a dhéanann ceiliúradh ar “spiorad fiontraíochta, le forbairt na todhchaí i nGaeltacht Mhúscraí á spreagadh”.

Tá an tUasal Ó Lionáird, a bhí ina phríomhoide ó 1957 go 1989, tar éis “aithris a dhéanamh ar phríomh-thréithe an dochtúra trína chuid ama mar oideachasóir, ag cabhrú chun fostaíocht a thabhairt chuig an gceantar, mar aon le meas cultúrtha agus ceoil a ghlacadh chomh maith,” a dúirt Reidin Lynch, sin sin gar-neacht an Dr Ó Loingsigh agus ball de choiste eagraithe na hócáide.

Gan dabht, gan fís an Uasail Uí Lionáird, ní bheadh comóradh na deireadh seachtaine seo á reáchtáil i lárionad cultúrtha le hainm an Dr Ó Loingsigh air.

Le linn a chuid ama mar phríomhoide, d’fhás an scoil ó fhoirgneamh aon tseomra Scoil Ghobnatan ag freastal don chuid is mó ar phobal feirmeoireachta, go scoil le seomraí miotalóireachta, eolaíochta agus eacnamaíocht bhaile. Chruthaigh sé nasc láidir le Gaeltarra Éireann, réamhtheachtaí Udarás na Gaeltachta agus chabhraigh an nasc seo go mór chun cúrsaí nua a bhunú sa scoil agus deiseanna fostaíochta breise a ghnóthú dá scoláirí. Bhí Micheál bainteach le coiste, Ad Hoc, a bhí ag gníomhú chun fostaíocht a bhunú sa cheantar. Bhíodh cruinnithe acu le heagraíochtaí stáit agus le Gaeltarra Éireann go háirithe agus ba é an dúshlán a tugadh don eagraíocht seo ná tionscail a bhunú i mBaile Mhic Íre agus i gCúil Aodha. As san a d’eascair an monarchan cniotála i mBaile Mhic Íre agus Talcoma i gCúil Aodha.

Le linn a thréimhse i bhfeighil ar Scoil/Coláiste Ghobnatan d’aithin Micheál an tábhacht a bhain le cultúr na dúichí. Bhí ana-thionchar ag a bhean chéile Mairéad ar an aitheantas seo, Gaeilgeoir dúchasach le ceangal domhain i ngnéithe cultúrtha na dúichí ba ea Mairéad agus thug sé seo tuiscint bhreise don fhear ó Dhún na Séad ar an tábhacht a bhí le caomhnú an chultúir.

Thug Micheál cuireadh do cheoltóirí áitiúla ranganna ceoil tradisiúnta a reáchtáil um thráthnóna agus mheall sé scríbhneoirí áitiúla, chun sceitseanna agus agallaimh beirte a scríobh. Níorbh fhada go raibh duaiseanna náisiúnta á ghnóthú ag an Oireachtas agus ar stáitse Slógadh.

Léirigh an t-éileamh go mbeadh ionad faoi leith ag teastáil ach níorbh mhaith an t-am é ag deireadh na seachtóidí chun bheith ag lorg airgid ar son ionaid chultúrtha. Bheartaigh Micheál i gcomhar le hoifigigh an Choiste Oideachais agus oifigigh ‘Fás’, go bhféadfaí ionad a thogáil ag úsáid ceardaithe áitiúla chun oiliúint a chur ar phrintísigh óga – scéim traenála ba ea an tionscnamh tógala.

Laistigh de dhá bhliain bhí an Ionad Cultúrtha ina sheasamh agus thug sé sin láthair sa cheantar do ghnéithe cultúir le pinniúr liathróid láimhe, iarsmalann agus amharclann.

Chonaic an tUas Ó Lionáird, athair le daréag clainne ina measc an t-amhránaí Iarla agus láithreoir teilifíse Páidí Ó Lionáird, a mhac Breandán ag teacht i gcomharbacht air mar phríomhoide na scoile, agus bhi mac eile dá chuid, Peadar, ó chomhlacht suibhe Folláin, ina chomh-fhaighteoir de ghradam gnó Uí Loingsigh cúpla bliain ó shin.

Agus í ag labhairt faoi Micheál, deir Reidin Lynch gur “sheas se i gcónaí le saol agus éachtaí an Dochtúra Uí Loingsigh sa cheantar”, agus bhí sé ina measc siúd a d’áitigh go n-athainmneofaí an lárionad cultúrtha a chabhraigh sé a bhunú in onóir an Dr Ó Loingsigh.

Ar na haoichainteoirí ag ócáid an tSatharn in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh beidh an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín, Roinn na Staire, NUIG, agus Uachtarán Choláiste na hOllscoile Corcaigh, an tOllamh Patrick O’Shea.

Dhein an Dr Ó Loingsigh a chuid staidéir ar an leigheas in Ollscoil na Banríona, Corcaigh mar a bhíodh agus é ina mhac léinn aibí go déanach sna 1870aidí agus labhróidh an tOll O’Shea ar thaithí na mac léinn nua-aimseartha agus a éabhlóidiú i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Labhróidh an tOll Ó Cróinín faoi Sheán Ó Cuill, fear ó Chúil Aodha o dhúchas a chur le chéile bailiúchán ‘Músgraidhe Fileata’, ina bhfuil 120 amhrán.

Féach: drlynchballyvourney.ie

More in this section

Sponsored Content