‘An fhilíocht á fheiscint sna gnáth-rudaí’ ag ealaíontóir Chill na Martra, Mac Suibhne

‘An fhilíocht á fheiscint sna gnáth-rudaí’ ag ealaíontóir Chill na Martra, Mac Suibhne

Tadhg Mac Suibhne le ceann dá shaothair phéinteála i gcistin a thí i gCill na Martra. Grianghraf: Fintan Vallely

IS cuma más ag taispeáint péire sean-bhuataisí, éadaí ar líne níocháin, nó na préacháin lasmuigh dá fhuinneog, bhí sé de chumas i gcónaí ag Tadhg Mac Suibhne “féachaint ar nithe laethúla le haeistéitic nua”.

Tá bás an ealaíontóra féin-mhúinte Mac Suibhne, ag aois aibí 82 bliain, tar éis cuimhní ómóis a spreagadh ó cheann ceann an domhain ealaíonta d’fhear a dúirt go simplí go raibh “an fhilíocht á fheiscint sna gnáth-rudaí” agus cur síos á dhéanamh aige ar a chuid saothair féin.

Lena chuid saothair ag díriú go príomha ar an ealaín fhíorach in olaí agus uiscedhathanna, d’fhág Mac Suibhne ina dhiaidh oidhreacht forleathan péinteálacha, mar aon le freascónna, greantaí adhmaid, eitseálacha, agus priontaí scáileán síoda.

Dúirt an t-ealaíontóir Mary Jordan, a thug duanmholadh ag sochraid Thadhg ina bhaile dúchais Cill na Martra: “Tá stíl thar a bheith trom aige. D’fhéadfaí a rá go bhfuil sé saonta ach go rí-mhinic éiríonn leis rud éigin speisialta a ghabháil a bhfuil draíocht agus meáchan ar leith leis.

“Meallann a chuid péinteálacha tú chun féachaint ar an saol laethúil ar bhonn iomlán difriúil. Tar éis duit a chuid péinteálacha de na héadaí nite ar chrochadh a fheiscint, go tobann chífeá an áilleacht sna línte níocháin. Is éard atá ann ná go bhfuil tú ag féachaint ar nithe laethúla le haeistéitic nua.” Bhí an tigh a roinn sé lena dheirfiúr Bríd, go dtí gur cailleadh í dhá bhliain ó shin, lán go barr le saothair ealaíne mór-scála agus ina lár ar fad dealbh ollmhór d’éan lena sciatháin ar leathadh aige.

“Bhí an chruthaitheacht i ngach gné dá shaol laethúil aige,” a dúirt Mary. “Bhí a chuid ealaíne i bhfabraic an tí acu, tigh lonnaithe i gCnoc Sathairn, agus nuair a d’éirigh Máire, a dheirfiúr níos sine, breoite agus ag coinneáil na leapa, phéinteáil sé síleáil a seomra leapa – múrmhaisiú gleoite de na páirceanna agus na héin lasmuigh den fhuinneog nach bhféadfadh sí dul amach chuchu níos mó. Ní raibh an ealaín scartha ó aon chuid dá shaol.” Ag trácht di ar a bheirt deirfiúracha, dúirt Mary gur “thacaigh siad thar na bearta ar fad lena chuid oibre”. 

“Nuair a fuair Bríd amach gur chualathas úinéir ghailearaí ó Bostún ag moladh ceann de phéinteálacha Thadhg i Maigh Chromtha, chuir sí fúithi ag iarraidh an t-airgead a bhailiú chun costais taistil chun na Stát Aontaithe a íoc trí 6,000 leipreachán feilte a dhéanamh do Blarney Woollen Mills.

“Éinne a tháinig i ngiorracht scread asail den áit chuirtí i mbun oibre iad ag déanamh blúirí leipreacháin feilte, ar phionnaí gabhlach.  Thóg Bríd cuid de shaothair Thadhg léi, ag hitseáil chun na Sionainne, ansan ó Nua Eabhrac go Bostún, d’aimsigh sí úinéir an ghailearaí agus d’eagraigh sí taispeántas ann do Thadhg.”

 De réir an scannánaí Dónal Ó Céilleachair, a d’fhéach ar shaothair Thadhg i gclár faisnéise sa bhliain 2014 dar teideal ‘Tadhg McSweeney, artist’, bhí doimhneacht mhór físe cuimsithe ina stíl simplí.

“Laghdaíonn sé gach rud chuig a bhonn iomlán. Ag seasamh siar d’fhéadfadh go gceapfaí go dtiteann sé sa chatagóir péinteála [saonta] ach nuair a fhéachann tú go cúramach air is léir go bhfuil sé thar a bheith coimpléascach agus éiríonn leis go leor a bhaint amach ar bheagán stríoca. Is iontach an mháistir é den stíl sin.” Chaith Dónal roinnt mhaith uaireanta chloig i mbun comhrá le Tadhg agus d’éirigh leis léargas a fháil ar an gcur chuige atá aige i leith na healaíne.

“Is cuimhin liom suí trasna uaidh ag bord na cistine lá amháin agus bhíomar ag caint faoi phéinteáil agus phioc sé suas próca suibhe agus dúirt sé ‘féach, níl sa phróca suibhe seo ach trí stríoc na scuaibe’.

“D’fhreastalaíos ar scoil ealaíne i Nua Eabhrac ar feadh ceithre bliana agus ceapaim gur fhoghlaimíos an oiread céanna faoin bpéinteáil ó chomhrá amháin le Tadhg agus a dhéanas i gcaitheamh mo cheithre bliana sa scoil ealaíne.

“D’fhéadfadh Tadhg an bunbhrí a bhí le rud a fheiscint go soiléir agus le cúpla stríoc den scuab d’fhéadfadh sé beocht a thabhairt don rud ar chanbhás,” a dúirt sé.

“Ach ní fhéadfá glaoch isteach go tigh Thadhg ar feadh 15 nóiméad; bheadh ort bheith ann ar feadh cúpla uair a’ chloig, mar bheadh an comhrá chomh leathan sin go mbeadh ort a bheith ullamh cloí leis go deireadh. Bhí spéis iontach aige san eolaíocht, teicneolaíocht, fisic, agus meitifisic, agus mura raibh sé imithe ar bhóthar na healaíne tá gach seans go mbeadh sé tar éis tabhairt faoin cosmeolaíocht nó faoin bhfisic.” Cé go bhfuil gach seans gur mó cuimhne atá ar Mac Suibhne, atá tar éis a chuid ealaíne a thaispeáint i ngailearaithe ó Hamburg go Londain agus San Francisco, dá chuid fínéad den saol tuaithe in Éirinn ba mhór an inspioráid a fuair sé chomh maith céanna ó ábhair uirbeacha a dtáinig sé trasna orthu agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus Londain.

Nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath bhíodh cónaí air in iar-thionóntán ar Shráid Henrietta, áit faoi úinéireacht an ailtire Uinseann MacEoin, a thabharfadh seomraí ar cíos ar phraghas íseal do gach cineál ealaíontóra, ina measc an fliúiteadóir Fintan Vallely, duine den iliomad ceoltóirí a bhíodh níos déanaí sa saol ina gcuairteoirí rialta go Cnoc Sathairn.

“Phéinteáil Tadhg go torthúil bisiúil,” a mheabhraigh Vallely, a sheinn ag sochraid Mac Suibhne i gCill na Martra le déanaí. “D’imeodh sé leis ar a 4 nó 5 a’ chlog ar maidin agus shiúlfadh sé mórthimpeall cheantar na ndugaí agus na sráideanna san áit sin chun blaiseadh ceart a fháil de na sráideanna nuair a mbídís folamh. Bhí sé an-tógtha le solas.

“Domsa is é an solas an bun agus barr le péinteáil Thadhg. Tá cuid dá spéartha thar barr ar fad, a chuid crann agus radharcra, agus láithreacht taibhsiúil na n-éan ina chuid saothair ar fad.

“Nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath bhíodh radhairc uirbeacha á bpéinteáil aige ach bhíodh an stíl chéanna leo lena chuid radharc tuaithe.” Is cuma más uirbeach nó tuaithe, tá an aird chéanna ar nithe a cheapfá atá neamhthábhachtach i láthair i gcónaí ina chuid saothair, mar a dúirt Mac Suibhne féin: “Tá an rud beagbhríoch mionchúiseach.... ina ábhar chomh bailí leis an rud trom.” 

* Féach: tadhgmcsweeney.ie    

More in this section

Sponsored Content