Filleann Máire ar fréamhacha Mhúscraí le dlúthdhiosca nua

Filleann Máire ar fréamhacha Mhúscraí le dlúthdhiosca nua
Ceiliúrann Máire Ní Chéileachair tar éis di Corn Uí Riada a bhuachaint ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

TÁ an bóthar idir cathair Chorcaí agus Gaeltacht Mhúscraí taistealaithe go maith ag amhránaí Máire Ní Chéileachair.

Múinteoir a rugadh ar an bhFearann, thart ar leathshlí idir an dá áit, tá formhór a slí beatha caite aici sa chathair áit ina bhfuil cónaí anois uirthi agus áit ina mbíonn sí ag léachtóireacht faoin amhránaíochta ar an sean-nós i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh tar éis a scor sí óna post i Scoil Ashton ar an gCarraig Dhubh.

Ach tógann a dlúthdhiosca nua, ‘Ceantar Glas Mhúscraí’ Máire ar ais chuig a fréamhacha ceoil i gceantar dúchais a muintir.

Tháinig a beirt thuismitheoir ó Chill na Martra, agus mar dhuine de na hionadaithe nua-aimseartha is aithnidiúla de stíl amhránaíochta Mhúscraí, is ar thraidisiún amhrán na Gaeltachta a tharraingíonn Máire dá dlúthdhiosca is déanaí.

Ón uair a eisíodh a céad dlúthdhiosca ‘Guth ar Fán: A Wandering Voice’ 19 mbliana ó shin, tá guth Mháire tar éis í a thabhairt ó chian is ó chóngar, go féilte agus fleadhanna, agus go Béal Feirste ag tús na bliana seo áit inar thug sí léi Gradam Ceoil TG4 d’amhránaí na bliana.

Thóg a guth go Cill Airne í chomh maith, 10 lá ó shin, go Oireachtas na Samhna áit inar thug sí léi Corn Uí Riada, mór-dhuais na hamhránaíochta ar an sean-nós, tar éis di an dara áit a bhaint amach sa chomórtas céanna seacht n-uaire roimhe seo.

Tá an t-amhrán lenar bhuaigh Máire an duais mór, ‘Seán ’s a Bhríste Leathair’, ar cheann de 25 traic ar an dlúthdhiosca dúbailte ‘Ceantar Glas Mhúscraí’.  Cosúil leis na hamhráin Ghaeilge ar fad ar an gcéad diosca, tagann sé ó thraidisiún Mhúscraí, agus ar an dara dlúthdhiosca tá amhráin i mBéarla le réimse geografach ó ‘Canada-Hi-O’ ar ais abhaile go dtí ‘The Abbey of Kilcrea’.

Tá fonn féin-chumtha, ‘Walk Beside Me’, leis na liricí a ghabhann leis cumtha ag a cara Mary Murphy, san áireamh ar an dlúthdhiosca, mar aon le dán á rá ag Máire agus cumtha ag file Chiarraí nach maireann, Domhnall Mac Síthigh.

I measc na n-amhrán a d’fhoghlaim Máire ó amhránaithe Mhúscraí tá ‘An Cóisire’, ‘Maidin Luan Cásca’, agus ‘An Lacha Bhacach’ agus tá nótaí an dlúthdhiosca déanta suas d’aíonna an traidisiúin sean-nóis ón gceantar, a leithéidí Muintir Shúilleabháin ó Chúil Aodha, Seán Ó Liatháin, agus na Cróinínigh ó Bhaile Mhic Íre.  “Tá Múscraí mar a bheadh an baile amhránaíochta agam agus is ansa liom stíl amhránaíochta na háite. Sin an áit ina bhfuil mo phobal amhránaíochta sean-nóis,” a dúirt Máire.

“Níor thosnaíos ag canadh go dtí go rabhas nach mór 40 ach bhíos ag éisteacht ar feadh na blianta le Cór Chúil Aodha, Muintir Shúilleabháin, Seán Ó Liatháin, agus ansan nuair a thosnaíos ag canadh fuaireas neart cabhrach ó Eilís Ní Shúilleabháin agus Máire Ní Cheocháin Uí Chrualaoí.” 

Tá Máire féin mar chuid lárnach den traidisiúin anois chomh maith, ag múineadh an chéad ghlúin eile d’amhránaithe sean-nóis óga mar bhall bunaigh de scéim amhránaíochta Mhúscraí – Aisling Gheal.

Tá an traidisiún amhránaíochta, idir cur i láthair agus cumadóireacht, láidir go maith go fóill, a deir sí, agus tá méadú tagtha le déanaí ar an líon daoine ag freastal ar ranganna Aisling Gheal.

“Sníonn an meas ar fhilí agus ar an gcumadóireacht ó ghlúin go glúin. Scaipeann sé, agus tá daoine fós ag scríobh amhrán. Is cosúil gur cuid den ghnáth-shaol é, rud nádúrtha amach is amach a bheith ag cumadóireacht agus ag amhránaíocht.

“Tá traidisiún láidir filí [i Múscraí] i bhfad siar go muintir Iarlaithe sna 1700aidí nuair a bhíodh scoil filíochta anseo. Is áit é chuig a thagann filí, mar tá meas mór ar fhocail agus ar fhilíocht anseo – tá Reilig Ghobnatan lán d’fhilí,” dúirt sí agus í ag labhairt faoin reilig i mBaile Mhúirne.

 “Tá traidisiún láidir ó shin de dhaoine ag scríobh filíochta, agus gan na filí ní bheadh na hamhráin againn.” Tagann an traidisiún agus saothair nua-chumtha le chéile i dtraic teidil an dlúthdhiosca ‘Ceantar Glas Mhúscraí’. 

Cumadh véarsaí oscailte an amhráin leath chéad bliain ó shin agus na véarsaí ina ndiaidh á chumadh ag staraí Chúil Aodha Dónal Ó hÉalaithe agus cumadóir Chúil Aodha Peadar Ó Riada, a spreag Máire chun an dlúthdhiosca a thaifeadadh agus cuireadh le chéile é ina stiúdeo siúd chomh maith.

 “Tháinig Peáití Thaidhg Pheig, Seán Ó Duinnín, Diarmuid Ó Riordáin, agus Maidhcí Ó Súilleabháin  suas leis an gcéad véarsa go leith thart ar 50 bliain ó shin agus chum Peadar agus Dónal an chuid eile de,” a dúirt Máire.

“Ceann de na rudaí a spreag mé chun an dlúthdhiosca a dhéanamh ná gur thug Peadar an spreagadh agus tacaíocht dom agus dúirt sé go bhféadfainn é a thaifeadadh sa Draighean. Táim thar a bheith buíoch don tacaíocht ar fad atá tugtha aige dom.

“An rud deas faoi Ceantar Glas Mhúscraí ná gur fonn nua é ach tá blaiseadh traidisiúnta leis. Molann sé Múscraí, a chuid amhránaithe, stair na háite, na haibhneacha, agus ainmhithe agus oireann an fonn féin go maith do na focail.” 

* Tá ‘Ceantar Glas Mhúscraí’ ar fáil sna siopaí áitiúla, ar chostas €17, agus beidh sé á sheoladh ag ceolchoirm in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne ar an Aoine, 16 Samhain. Caithfear ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar an Ionad ag 026 45733.

More in this section

Sponsored Content