Tagann ceoltóirí agus amhránaithe le chéile don charthanas Cork Simon

Tagann ceoltóirí agus amhránaithe le chéile don charthanas Cork Simon
greenshine band Noel Shine, Mary Greene and their daughter Ellie

TAGANN ceoltóirí agus amhránaithe Chorcaí le chéile an Domhnach seo (25ú Samhain) le haghaidh feachtais bailithe airgid don Simon Community atá ina ócáid bhliantúil anois.

Tá ceolchoirmeacha an ‘All-Star Concert for Cork Simon’ sa Mhuileann i mBaile Mhúirne tar éis breis agus €6,000 a bhailiú ón gcéad cheolchoirm sa bhliain 2014.

Tá sé mar aidhm leis an ócáid oíche siamsaíochta a sholáthar agus airgead a bhailiú ar son na cúise chomh maith, a mhínigh duine den lucht eagraithe, Mary Greene ó thríréad Réidh na nDoirí Greenshine.

“Teastaíonn uainn go mbeadh níos mó i gceist ná feachtas bailithe ann féin. Bheadh sé an-deacair ceolchoirm na bliana seo caite a shárú ach ceapaimid go bhfuil oíche den chéad scoth beartaithe againn arís, le rud éigin do gach éinne.

“Tá an Cork Simon Community tacú agus ag cabhrú le daoine gan dídean le blianta fada anuas agus le heaspa dídine i ngéarchéim, tá ár gcuid tacaíochta de dhíth ar an Cork Simon Community níos mó ná riamh.” I measc na n-aíonna i mbliana tá an banna sean-aimsire Stayin’ Down Shoes, leis an ngiotáraí agus amhránaí Sara Corkery, Brendan Butler de cháil The Lee Valley String Band ag canadh agus ar an maindilín, agus Síona Knepper ar an olldord seasaimh.  Ar stáitse chomh maith beidh thríréad ceoil traidisiúnta ag cuimsiú amhránaí agus seinnteoir consairtín Chill na Martra Siobhán Ní Mhuimhneacháin, Louise Cronin ar an bhfidil, agus Micheál Cantillon Murphy ar an ngiotár.

Beidh amhránaí agus giotáraí Mhúscraí, Bobby Wolfe ar stáitse le hamhráin óna EP nua ‘Steady Foundations’ agus gan dabht beidh Greenshine i láthair ann chomh maith. Tá an grúpa teaghlaigh ar rogha liosta RTÉ Radio1 faoi láthair leis an singil nua dá chuid ‘The Good is Gone’, a chuaigh díreach isteach ag uimhir 2 sna cairteanna.

Beidh aíonna speisialta eile ann ar an oíche chomh maith, lena leithéidí Tim O’Riordan, John Spillane, Hank Wedel, agus Ger Wolfe ag glacadh páirt i mblianta roimhe seo.

Beidh crannchur ann agus cuirfear fáilte roimh síntiúis ag an gceolchoirm, le saorchead isteach ann, ag tosnú ar a 7.30in ar an Domhnach, 25ú Samhain sa Mhúsaem sa Mhuileann.

Féach: Facebook - All Star Concert for Cork Simon nó www.corksimon.ie 

More in this section

Sponsored Content