Cuimhní de Dhiarmuidín á roinnt ag a shiblíní le lucht freastail na hÉigse

Cuimhní de Dhiarmuidín á roinnt ag a shiblíní le lucht freastail na hÉigse

Diarmuid Ó Súilleabháin: Éigse i gcuimhne air ag tosnú ar an 30ú Samhain.

TÁ gach seans go mbeidh na hamhráin a bhíodh á gcanadh ina óige ag Diarmuid Ó Súilleabháin i measc na gcuimhní a bheidh á roinnt an tseachtain seo chugainn ag an bhféile bhliantúil i gcuimhne ar an gcraoltóir agus amhránaí áitiúil.

Osclóidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin i gCúil Aodha ar an 30ú Samhain le teacht le chéile a shiblíní áit ina roinnfidh siad amhráin agus cuimhní faoina ndeartháir, a cailleadh i dtionóisc bóthair sa bhliain 1991.

Beidh ‘Cuimhní Cinn Mhuintir Shúilleabháin’ á chur i láthair ag cara agus comhpháirtí amhránaíochta Dhiarmada, Johnny Lehane agus deis uathúil a bheidh ann dóibh siúd ag freastal ar an bhféile léargas a fháil ar an bhfear féin agus a chuid ceoil óna dheartháireacha agus a dheirfiúracha.

An deartháir is sine as clan seachtar, is cuimhin le Danny Maidhcí Ó Súilleabháin go maith an lá nuair a chan Diarmuid, nó Diarmuidín mar is fearr aithne a bhíodh air, don chéad uair ag Scoil Bharr d’Inse.

Bhí Diarmuidín, an dara deartháir is sine, le seasamh os comhair cigire Gaeilge na scoile don chéad uair chun iarracht a dhéanamh an deontas cúig phunt a fháil, agus bhí gá le hamhrán i nGaoluinn gan dabht.

“B’é Seán Eoghain Ó Súilleabháin, a bhí saghas gaolta linn, a chum an chéad amhrán riamh a chan Diarmuidín,” a mheabhraíonn Danny.

“Bhíomar ag súil leis an gcigire sa scoil agus ghlaoigh Seán Eoghain chugainn tráthnóna Domhnaigh amháin agus d’iarr m’athair ar Sheán an raibh aon amhrán aige do Dhiarmuidín. Chum Seán Eoghain amhrán agus ghlaoigh sé leis an Domhnach dar gcionn.” 

Bhain an cigire, Tomás Ó Laoi, sásamh as an amhrán, ‘Achainí an Scoláire’, ag impí ar an gcigire gan a bheith ró dhian air lena chuid ceisteanna go léir, ach ní raibh Diarmuidín cinnte in aon chor faoin airgead a thug an cigire dó.

“Thug an cigire dhá scilling dó don amhrán agus bhí sé thar a bheith sásta leis sin. Bhíomar ag teacht abhaile an tráthnóna sin agus bhí m’athair ag déanamh cruach móna ar thaobh an bhóthair agus rith Diarmuidín suas chuige agus dúirt ‘ní bhfuair éinne an cúig phunt inniu ach mise’. Cheap sé go raibh an cúig phunt faighte aige seachas dhá scilling. Ní raibh sé ach thart ar cheithre bliana d’aois ag an am agus cheap sé gurb é féin an duine is fearr sa scoil.” Mar sin féin, níor mhair an meon dearfach sin a bhí ag Diarmuidín i leith na scoile i bhfad. Meabhraíonn Danny, “bhímis á múineadh leis an mbata”, agus faoin am a bhain sé amach an scoil chónaithe in aice láimhe i mBaile Mhúirne, ní raibh Diarmuidín ró-dhíograiseach in aon chor mar dhalta, de réir an méid a deir a dheartháir.

 “Nuair a bhí sé ag freastal ar Choláiste Íosagáin bhíodh cúpla uair a’ chloig saor aige gach dara Domhnach agus théinn síos chuige ar rothar chun é a thabhairt abhaile.  “Níor tharla sé gach dara Domhnach ach an oiread, mar uaireanta ní bhíodh cead amach aige toisc go mbíodh pionós á ghearradh air de bharr rud éigin a bhíodh déanta as an tslí aige.

“Shuífeadh sé in airde ar na hanlaí mar ní raibh aon iompróir ar an rothar, agus thabharfainn ar ais go Cúil Aodha é ar feadh cúpla uair a’ chloig agus thógfainn ar ais arís é um thráthnóna.

“B’fhua leis Coláiste Íosagáin – gach lá a chaith sé istigh ann. Bhí rudaí an-dhian ag an am sin.” Go híoróineach, lean Diarmuidín ar aghaidh le bheith ina mhúinteoir é féin, mar aon le hiriseoir le Raidió na Gaeltachta, agus aithriseoir aithnidiúil de stíl amhránaíochta Mhúscraí.

Tá an 27ú féile ina onóir ar an gcéad cheann á reáchtáil ag coiste nua, atá coinsiasach go maith de réir mar a ghabhann na blianta thart, gur beag duine i measc lucht freastail na hÉigse atá críonna go leor gur cuimhin leo Diarmuidín fiú.

Dúirt rúnaí na hÉigse, Cormac Ó hAodha: “Thuigeamar nach mbeadh aon aithne in aon chor ag go leor de na daoine a thagann chuig an Éigse anois ar Dhiarmuidín, seachas na pictiúir atá feicthe acu.

“Cé a bheadh níos fearr chun tuiscint a thabhairt dúinn ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin agus an stór amhrán ó dhúthaigh Mhúscraí ná a shiblíní féin, thugamar dóibh teacht dá réir, go léir ag an am céanna. Labhróidh siad faoina gcuimhní féin de Dhiarmuidín, agus canfaidh siad amhráin, agus go buan mo chuimhne, i stair fada an 26 Éigse go dtí seo níl a leithéid déanta fós.”

Mar chuid d’Éigse na bliana seo chomh maith beidh:

  * Ceardlanna ar an Satharn le Nell Ní Chróinín (amhránaíocht); Rosie Stewart (amhránaíocht i mBéarla); Hammy Hamilton (fliúit); Edel Fox (consairtín); Liam O’Connor (fidil); Diarmuid Ó Meachair (bosca ceoil); agus Mairéad Casey (rince).

* Seisiún ceoil agus céilí do dhaltaí bunscoile.

* Mór-cheolchoirm oíche Shatharn le teagascóirí na gceardlann mar aon le ‘Four Star Trio’, Cór Chúil Aodha agus buaiteoir Chorn Uí Riada 2018, Máire Ní Chéileachair.

* Beidh Máire Ní Chéileachair ina haoi ag tráthnóna na n-amhránaithe i mBarr a’ Chuma ar an Domhnach, le Eibhlís Uí Thuama mar bhean a’ tí ann.

* Aifreann Uí Riada le Cór Chúil Aodha beo ar Raidió na Gaeltachta ón séipéal i gCúil Aodha.

● Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, 30ú Samhain-2ú Nollaig i mBaile Mhúirne agus Cúil Aodha. Féach www.eigse.ie  

More in this section

Sponsored Content