Ó Creimín ag treorú i dtreo rath railíochta

Ó Creimín ag treorú i dtreo rath railíochta

JJ Ó Creimín i Railí Idirnáisiúnta na Gaillimhe i mí Feabhra. Grianghrafadóir: Tadhg Ó Conaill

TÁ ciall mhaith don treo ina bhunriachtanach do threoraithe railí, agus ina chéad shéasúr i mór-chomórtais railíochta na hÉireann tá fios a threo go cinnte ag JJ Ó Creimín ó Chill na Martra.

“Tá sé mar uaillmhian agam leanúint ar aghaidh go dtí go shroichim an pointe sin ar bharr an dréimire nuair nach féidir liom dul níos faide ná é,” a deir Ó Creimín, 32, atá san iomaíocht i mbliana i gcomórtas an Irish Tarmac Rally Championship i dteannta le tiománaí Bhéal Átha Leice, Daniel Ó Cróinín.

Mar threoraí railí ó 2013 i leith, tá Ó Creimín éirithe in airde go tapaidh, ag buachaint comórtas railíochta tarmac an Irish Junior Tarmac Championship sa bhliain 2015 le John Ó Súilleabháin ón mBóthar Buí agus ag cur tús maith le comhpháirtíocht na bliana seo le Ó Cróinín ina Ford Fiesta R5 leis an ochtú áit á bhaint amach acu i Railí Idirnáisiúnta na Gaillimhe i mí Feabhra.

Le haghaidh Ó Creimín, bhí iomaíocht ag an leibhéal seo i gcónaí mar mhian a chroí aige ón uair a d’fhéach sé ar bhuaiteoir an chomórtais tarmac, Bertie Fisher ó Inis Ceithleann, agus é i mbarr a réime.

“An chéad uair gur cuimhin liom féachaint ar railí ná ceann de na stáitsí a bhí ar siúl i Locha Lua in aice le Béal Átha’n Ghaorthaidh agus bhí Bertie Fisher san iomaíocht ann,” a mheabhraíonn sé. “Thóg mo mháthair ann mé, i dteannta le mo dheirfiúr Claire agus mo dheartháir Martin.” Agus é ag faire go rialta ar Fisher, a thug leis 20 bua idirnáisiúnta sular cailleadh é i dtionóisc héileacaptair sa bhliain 2001, spreagadh dúil i gcúrsaí railíochta atá tar éis fanúint le Ó Creimín ó shin i leith.

“Ag fás aníos agus mé ag faire air ag buachaint Rally of the Lakes agus na comórtais éagsúla eile, tá sé mar uaillmhian anois agam an méid atá bainte amach ag a leithéid siúd a bhaint amach mé féin,” a deir Ó Creimín, a bhfuil laoch railíochta eile níos áitiúla aige, i bhfoirm Denis Ó Cróinín ó Bhéal Átha Leice, uncail a pháirtí tiomána Daniel.

“Bhí deis agam suí taobh le Daniel Ó Cróinín do chomórtas tarmac na bliana seo, agus deis a bhí ann nach bhféadfainn a dhiúltú. An leibhéal is airde i railíocht na hÉireann atá ann i ndáiríre. Sin díreach a bheinn ag féachaint air agus mé ag fás aníos – an saghas rud a bhíodh á dhéanamh ag Bertie Fisher sna 90aidí.” Tá comhaontas Ó Creimín le Ó Cróinín Óg ar an gcéim is déanaí i ngairm chomhthiomána a thosnaigh ag railí an Laois Heartlands Rally sa bhliain 2013.

“Bhíos ag obair ar thollán gáis na Coirbe i Maigh Eo agus bhíodh cara a bhí ag obair liom, Shane Barry, de shíor ag iarraidh orm railí a dhéanamh leis,” a mhíníonn Ó Creimín, leictreoir agus meicneoir cáilithe. “Ghéilleas dó ar deireadh, agus táim meallta ó shin i leith.” D’imigh an Vauxhall Nova a bhí acu díon in airde sa dara stáitse agus b’éigean dóibh seasamh siar as an railí sin. “Baineadh mealladh an spóirt blúirín an lá sin ach buíochas le Dia ó shin i leith tá éirithe i bhfad níos fearr linn,” a deir sé.

Ag foghlaim a cheird le Philip Cross ó Lios Arda, thosnaigh Ó Creimín mar threoraí railí le Ó Súilleabháin, ón mBóthar Buí ina dhiaidh sin agus le tiománaí Bhaile Mhúirne, Gearóid Ó Luasa i railithe foraoise an Irish Forestry Championship.

“Tá cuntas teiste maith agam buíochas le Dia,” a admhaíonn Ó Creimín. “Tá 60 railí déanta agam go dtí seo agus ní dóigh liom go bhfuil an claí buailte agam ach faoi dhó b’fhéidir.” An rún atá aige, a deir sé, ná próiseas maith ullmhúcháin réamh-railí agus “aithne maith a bheith agat ar do thiománai ionas gur féidir leat oiriúnú do stíleanna éagsúla luas nótaí”.

“Ní mór go mbeadh muinín agat as an tiománaí agus ní mór go mbeadh muinín aige siúd ionatsa chomh maith, má deireann tú leis go bhfuil a leithéid de chúinne ag teacht, go bhfuil sé sin i gceart, mar mura bhfuil, ní éireoidh leat dul timpeall an chúinne. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do chuid comhuainithe i gceart agus nach gcuireann tú mearbhall ar an tiománaí trí bheith ag glaoch amach treoracha dó ró fhada chun cinn.

“Bíonn treoraithe railí de shíor á lorg ag tiománaithe; tá sé deacair duine éigin a fháil atá go maith agus duine gur féidir leo muinín a bheith acu iontu. Ach mar threoraí teastaíonn uait blaiseadh a fháil de rudaí nua,” a deir Ó Creimín.

Leathnaigh sé amach réimse a chuid taithí le déanaí i gcomórtas náisiúnta an National Rally Championship, ag treorú do Ian De Róiste ó Luimneach i Subaru Impreza WRC, “meaisín den chéad scoth”, agus gluaisteán 2.5 lítear an Mk2 Escort de chuid Stuart Darcy ó Dhún na nGall an mhí seo caite.

“Tá tú de shíor ag dreapadh suas dréimire luais níos airde agus de réir mar a théann tú suas an dréimire sin bíonn ar do chumas níos mó tabhairt faoin gcéad chéim eile,” a deir sé, ag aithint tábhacht thar cuimse na tacaíochta óna chlann agus a chairde.

“Ní mór duit dul ar aghaidh céim ar chéim agus i mbliana táim níos cóngaraí agus níos cóngaraí go bharr an dréimire agus tá níos mó deiseanna ag teacht mo threo dá réir.” Le súil géar á choimeád aige ar rath sa chomórtas tarmac i railí an Cork 20 i mí Mheán Fómhair, a bheidh ag gabháil trí Chill na Martra, mar chuid den chéad ócáid eile ar an bhféilire beidh Ó Creimín á thabhairt ar ais abhaile do railí foraoise an Moonraker Forestry Rally i mBaile Mhúirne ar an 13ú Aibreán.

Tá súil ag Ó Creimín, atá tagtha sa cheathrú háit trí huaire le Gearóid Ó Luasa, páirt a ghlacadh arís i mbliana, le Ó Luasa san iomaíocht anois i dteannta le Pádraig Ó Donabháin ó Ráth Chormaic.

Beidh Ó Luasa, i ngluaisteán féin-ullmhaithe an Mitsubishi Evo VIII, mar iomaitheoir láidir arís eile san Irish Forestry Championship agus i railí foraoise an Moonraker beidh aghaidh á thabhairt aige ar iomaitheoirí áitiúla lena n-áirítear a dheartháir féin James, agus comhthiománaí Muiris Ó Scanaill.

Tá éirithe thar barr leis an Moonraker ón uair a bhog an railí go Baile Mhúirne sa bhliain 2014, ó thaobh na railíochta agus an cheantair áitiúil, a deir Ó Creimín.

“Tugann sé ualach maith airgid chuig an gceantar,” a deir sé, le roinnt gnóthaí sa cheantar “ag tabhairt isteach níos mó airgid ar Dhomhnach an railí ná mar a dhéantar Oíche Nollag”.

“Bíonn an iontráil is fearr as na railithe ar fad sa chomórtas ag an Moonraker, toisc nach n-éiríonn na bóithre garbh. Tagann daoine ar ais arís agus arís eile toisc go bhfuil na stáitsí éagsúla chomh réidh.

“Tá an Moonraker tar éis a bheith go hiontach don phobal railíochta áitiúil chomh maith agus tá sé tar éis deis a thabhairt do go leor daoine áitiúla páirt a ghlacadh ann, ag tiomáint, ag treorú, nó ag déanamh maoirseachta.

“Is iontach an láthair í Baile Mhúirne. Tá gach rud chomh cóngarach dá chéile go bhfuil sé ar an railí is oiriúnaí d’iomaitheoirí sa chomórtas ar fad,” a dhearbhaíonn sé, ag tabhairt árdmholadh don phobal ar fad a bhíonn páirteach ann, le comhoibriú Coillte, Údarás na Gaeltachta ag soláthar láthair seirbhíse, Coláiste Ghobnatan agus an pháirc feirme, scrúdan ag láthair Christy Lucey Transport agus Cumann Peile Naomh Abán, agus ceanncheathrú an railí ag urraitheoirí Óstán Ghobnatan.

Féach: munstercarclub.com

More in this section

Sponsored Content