Feachtas bailithe airgid Eibhlín faoi lán tseoil

Feachtas bailithe airgid Eibhlín faoi lán tseoil

Eibhlín Ní Lionáird: Cóisir tae in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne, an Satharn seo ina feachtas bailithe airgid do dhúshlán na long ard an 'Spinal Injuries Ireland Tall Ships Challenge'.

I gcaitheamh na mblianta atá caite aici ag obair mar bhanaltra in ospidéil Chorcaí, tá Eibhlín Ní Lionáird tar éis casadh le hiliomad daoine a bhfuil a gcuid saoil athraithe go mór mar thoradh ar ghortuithe dromlaigh.

Ach tar éis do dhuine dá clann féin teacht slán óna leithéid ghortú tar éis dó titim ó fhalla 20 troigh ar airde, bheartaigh sí tabhairt faoi dhúshlán dearfach chun tacú leo siúd nach raibh an oiread céanna ádh leo.

Tá Eibhlín, deirfiúr leis an amhránaí Iarla agus an craoltóir Páidí Ó Lionáird, le tabhairt faoin gcéad Dúshlán na Long Ard eagraithe ag an gcarthanas Spinal Injuries Ireland.

Mar chuid den dúshlán, a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine, beidh 18 rannpháirtí urrúnta, seisear le ghortuithe dromlaigh, agus a gcuid cúramóirí, ag tabhairt faoi thuras sé lá ó Chorcaigh go Southampton ar bord na loinge ard Lord Nelson.

Faoi stiúir an lúthchleasaí parailimpeach John Twomey, tabharfaidh criú an SII Tall Ship aghaidh ar an bhfarraige ar an 22ú Bealtaine, le gach duine de na rannpháirtithe freagrach as €3,000 a bhailiú don charthanas Spinal Injuries Ireland.

Níl aon taithí seoltóireachta in aon chor ag Eibhlín, ó Ghort na Scairte, Cúil Aodha, agus dhiúltaigh sí i dtús báire don chuireadh páirt a ghlacadh sa dúshlán.

“D’iarr duine éigin orm an mbeadh spéis agam ann agus ar dtús dúirt leo nach mbeadh, nach mbeinn ábalta chuige in aon chor,” a dúirt sí. “Agus ansan thosnaíos ag smaoineamh faoi, bhí droch-thitim ag duine dem’ chlann féin ach tháinig sé slán as an eachtra sin gan bheith ar dhuine eile den liosta fada staitisticí, agus bheartaíos dá réir b’fhéidir gur maith an rud a bheadh ann é seo a dhéanamh.

“Thit sé 18 mí ó shin anuas as falla 20 troigh ar airde, agus bhuail sé a smig as leac, rud a bris a thitim beagáinín. Murach sin d’fhéadfadh go mbeadh sé ar dhuine de na staitisticí sin le gortú dromlaigh orthu.

“Tháinig sé slán as an eachtra gan gortú ró-dhona, bhris sé a smig agus a ghiall i dhá nó trí háit agus chaill sé ocht bhfiacla, ach bhí an t-ádh dearg leis i ndáiríre. Sin an chúis go bhfuil sé seo á dhéanamh agam – toisc go raibh an t-ádh leis.

“Gach lá agus mé ag obair cím daoine atá tar éis titim, titim shimplí uaireanta, titim ó dhréimire... agus ní bhíonn an t-ádh céanna le daoine áirithe, agus ní orthu a bhíonn an lucht dá bharr in aon chor.” Níl faitíos ar bith ar Eibhlín, a oibríonn mar múinteoir Gaeilge agus drámaíochta chomh maith, faoin dúshlán a amach roimpi mar chuid de chriú na loinge.

“Níl aon seoltóireacht déanta agam roimhe seo agus níl cliú dá laghad agam cad atá amach romham – beidh dúshlán á chur agam orm féin is dócha, ag déanamh pé rud a iarrtar orainn a dhéanamh, agus beimid ag foghlaim le linn an turais.” Roimh mhí na Bealtaine, ní mór do Eibhlín aghaidh a thabhairt ar an dúshlán €3,000 a bhailiú, leis an bhfeachtas sin ag tosnú an Satharn beag seo, 6ú Aibreán le cóisir tae in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne, áit ina mbeidh ceoltóirí áitiúla ag seinnt.

Ag labhairt ag an ócáid beidh an Corcaíoch Nathan Kirwan, a raibh a shaol siúd athraithe nuair a d’fhulaing sé gortú dromlaigh tar éis dó titim as crann.

Ag aois óg 24 fágadh é ina othar pairiliseach ón ucht síos, ach lean sé air le páirt a ghlacadh i Maratón Chathair Chorcaí ag baint úsáide as rothar láimhe deartha go speisialta dó. Lena chois sin, chabhraigh Nathan le bunú an charthanais ‘Helpful Steps’, ag maoiniú culaith eisichreatlaí a thugann deis d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí céimeanna neamhspleácha a ghlacadh.

Más mian le grúpaí nó daoine aonair áiteanna a chur in áirithe ag an gcóisir tae nó airgead a chur i dtreo an fheachtais ní gá ach r-phost a sheoladh chuig eileenleonard10@gmail.com nó glaoch ar 085 8477670.

More in this section

Sponsored Content