Maoiniú €180,000 ar an gcéad chéim in athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Maoiniú €180,000 ar an gcéad chéim in athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Coláiste Íosagáin: ‘Máistirphlean’ d’athfhorbairt an fhoirgnimh thréigthe i mBaile Mhúirne le dearadh a bhuíochas le deontas ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

TÁTHAR ag glacadh le maoiniú Rialtais €180,000 mar an chéad chéim i dtreo athfhorbairt an iar-scoil chónaithe tréigthe Coláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne, togra a bhfuiltear ag feitheamh leis le fada an lá.

Dhún foirgneamh íocónach na 1930aidí, atá lonnaithe ar bhóthar an N22 idir Chorcaigh agus Cill Airne, mar scoil sa bhliain 1989 agus níor tháinig aon rud go dtí seo as an iliomad pleananna d’athghiniúint an fhoirgnimh le tríocha bliain anuas.

Mar chuid den mhaoiniú a fógraíodh le déanaí faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe éascófar dearadh ‘máistirphlean’ don fhoirgneamh agus an suíomh 19 n-acra, atá faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta.

De réir an méid a dúirt an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tabharfaidh an plean faoi “an cás eacnamaíochta, pleanála agus comhshaoil a leagadh amach i dtaca leis an bhfoirgneamh agus an talamh máguaird”.

I measc na n-úsáidí féideartha a bhfuiltear ag féachaint orthu maidir leis an bhfoirgneamh tá lárionad do chuairteoirí ag taispeáint oidhreacht chultúrtha Ghaeltacht Mhúscraí, agus filleadh ar ais ar úsáid an fhoirgnimh mar áis oideachais Gaoluinne, le nasc á chruthú ann le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Táthar chun féachaint chomh maith ar an bhféidearthacht a bheadh ann eispéireas tumthach Gaeltachta a sholáthar do mhic léinn ón iasacht, le clár céime tríú leibhéal sa Ghaoluinn agus i gcultúr na hÉireann i measc na roghanna a d’fhéadfaí a chur ar fáil ann.

Bhí trácht ar úsáid an fhoirgnimh mar lárionad oideachais san am atá caite, leis an aire oideachais a bhí ann ag an am Michael Woods ag casadh an fhóid sa bhliain 1999 ar áis oideachais náisiúnta lán-Ghaoluinne ar luach £1.5m nár tháinig chun torthúlachta in aon chor.

Úsáideadh an foirgneamh, a thóg an Stáit in dhá chéim – i 1933 agus 1939, mar choláiste oiliúna do mhúinteoirí sular tháinig sé faoi chúram ord De La Salle sna 1960aidí agus ansan úsáideadh é mar scoil Gholuinne do dhaltaí cónaithe agus do dhaltaí lae.

Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an foirgneamh sa bhliain 1998 ar bhreis agus £500,000 agus tar éis titim le fána pleananna na bliana 1999 don lárionad oideachais, agus lárionad cultúrtha ag ionchorprú rannóg ar leith ar shaothar an chumadóra Seán Ó Riada, cuireadh tairiscint le chéile sa bhliain 2012 chun Coláiste Íosagáin a chasadh isteach i lárionad oiliúna d’oibrithe idirnáisiúnta.

Thit sé sin le fána chomh maith tar éis a tháinig deireadh le plean infheistíochta €3.2m ag an Trident Safety Group le haghaidh lárionad gairmoideachais cónaithe nuair a dúirt an comhlacht go raibh a súile oscailte agus díomá orthu de bharr “maorlathas” Údarás na Gaeltachta, tar éis dóibh iarraidh ar an Údarás an coláiste agus an talamh a ghabhann leis a thabhairt dóibh ar “shuim ainmniúil”.

Chuir an tÚdarás an láthair ar ais ar an margadh sa bhliain 2013, le cuid den talamh máguaird forbartha le haghaidh úsáid tráchtála agus le haghaidh úsáide ag Cumann Peile Naomh Abán, ach in ainneoin roinnt léirithe spéise, níor díoladh Coláiste Íosagáin.

Tagann an maoiniú €180,000 atá ceadaithe anois, agus a chuirfidh Údarás na Gaeltachta €60,000 eile leis, faoi chatagóir a dó den Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, cuid de thogra ‘Project Ireland 2040’ an Rialtais.

Aithnítear tionscnaimh dá leithéid mar thograí a bhfuil “féidearthacht soiléir” leo ach a bhfuil tuilleadh forbartha ag teastáil le cur ar a gcumas iad a chur faoi bhráid mar thograí catagóir a haon chun maoiniú a fháil ar mhaithe len iad a chur i gcrích go hiomlán. D’fhéadfadh go mbeadh costas iomlán an athfhorbartha na milliúin os cionn na meastacháin a bhí ann maidir le pleananna don fhoirgneamh roimhe seo, foirgneamh a úsáideadh mar láthair do scannán na bliana 2003 ‘Song for a Raggy Boy’.

Dúirt Páid Ó Neachtain, Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí le hÚdarás na Gaeltachta, gur “an-dearfach” é an solas glas a fháil don chéad chéim seo den mhaoiniú. Cuirfidh an tÚdarás tús le próiseas tairisceana i dtaca le taighde agus dearadh an mháistirphlean, agus é ar intinn iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú iomlán catagóir a haon sa bhliain 2020 má thugtar cead pleanála.

“Féachfaidh an máistirphlean ar na margaí difriúla a d’fhéadfaí a aithint i dtaca le húsáid an fhoirgnimh – an bhfuilimid ag labhairt faoi na foirgnimh ar fad, nó go mbeadh foirgnimh nua ag teastáil?” a dúirt sé.

“Táimid thar a bheith sásta go bhfuil an maoiniú seo faofa. An príomhaidhm atá againn i dtaca leis an suíomh i láthair na huaire ná an máistirphlean seo a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana, agus é ar intinn – más é sin a thagann as an bplean – iarratas pleanála a bheith ullamh. An coinníoll atá leis an maoiniú seo ná go mbeadh an togra curtha i gcrích agat laistigh den bhliain.

“Is sinne an cheann-eagraíocht ach beimid ag obair i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, Comhairle Contae Chorcaí, Skillnet, Fáilte Ireland, agus an Comharchumann áitiúil, chun an máistirphlean seo a fhorbairt.” Dúirt sé go raibh an t-oideachas tríú leibhéal ar cheann de na húsáidí féideartha don iar-choláiste, ach dúirt sé go neamhbhalbh go bhfuiltear oscailte go maith ó thaobh na roghanna atá ann, ag rá go bhféadfaí tograí fiontair ghnó a chur san áireamh ann chomh maith.

Dhearbhaigh sé go raibh machnamh á dhéanamh ar “eispéireas tumthach Gaeltachta” le lóistín chónaithe a ofráil do mhic léinn. “Mar chuid den phlean d’fhéadfadh go ndíreofaí ar ranganna Gaoluinne agus cultúir a reáchtáil mar chuid de chlár céime i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus dhéanfaí an áit a fhorbairt mar áit thar a bheith tábhachtach agus uathúil i dtaca le teagasc agus foghlaim na Gaoluinne.” Chomh maith leis sin, dúirt sé: “D’fhéadfá lárionad do chuairteoirí a bhunú ann nó láthair dírithe ar thurasóirí a nascadh isteach leis an oidhreacht cheoil, le Seán Ó Riada agus cultúr an cheantair.

“D’fhéadfadh sé bheith mar áit do mhic léinn iasachta ar mian leo staidéar a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Bheadh sé mar áis den scoth ar mhaithe leis an nGaoluinn.

“Cinnte táimid ag féachaint i dtreo taobh na teanga ionas gur áis a bheadh ann don teanga, ach go mbeadh sé mar áis ó thaobh na turasóireachta chomh maith. Cé go mheallann Múscraí go leor turasóirí, níl aon lárionad ar leith i mBaile Mhúirne nó áis ann agus b’fhéidir go mbeadh Coláiste Íosagáin in ann an fhadhb sin a réiteach, le béim á leagadh ar oidhreacht agus cultúr saibhir an cheantair ag an am céanna.”

More in this section

Sponsored Content