50 bliain ag fás á cheiliúradh ag Óstán Ghobnatan

50 bliain ag fás á cheiliúradh ag Óstán Ghobnatan

Óstán Ghobnatan sa bhliain 2019, le Micheál agus Conrad Ó Críodáin. Grianghrafadóir: Pet Uí Chonaill

LE 50 bliain anuas táthar tar éis ualach ollmhór ócáidí sóisialta, rincí, ócáidí teaghlaigh agus bailiúcháin sóisialta a reáchtáil in Óstán Ghobnatan.

Ach seans maith nach mbeadh oiread is duine amháin den iliomad custaiméirí sin tar éis cos a leagadh ar urlár rince an óstáin úd i mBaile Mhúirne, murach an t-ádh a bhí le húinéir an áitribh Conrad Ó Críodáin.

Go gairid tar éis dó an gnó a bhunú sa bhliain 1969 lena bhean chéile Joan, atá imithe ar shlí na fírinne anois, bhuaigh Conrad gluaisteán nua Fiat 850. Ach tar éis dó an gluaisteán a thiomáint abhaile go rí-chúramach ó Bhaile Átha Cliath, áit inar bhuaigh sé é i gcomórtas de chuid Ospidéal an Mater, bheartaigh sé gan an gluaisteán a choimeád dó féin, ach é a dhíol ionas go bhféadfadh sé an brabús a infheistiú ina óstán nua.

Mar thoradh, i dteannta le cúnamh ó iasacht bainc, tógadh an chéad seomra ócáide san óstán, ag cabhrú chun an foirgneamh a chlaochlú ón tigh a thóg tuismitheoirí Conrad, Michael agus Julia, chuig an t-óstán 39-seomra leaba atá ann inniu.

Bhí a bhean Joan ríthábhachtach nuair a bhí an tigh ósta á oscailt acu céad lá. “A smaoineamh siúd a bhí ann an tseirbhís leaba agus bricfeasta a thosnú agus d’fhás sé as sin,” a dúirt Conrad. “Bhíodh sí im’ chrá chun báisíní níocháin a chur sna seomraí agus a leithéid sin ar fad.

“Bhí post agam leis an stát seirbhís ar feadh nach mór deich mbliana agus d’fhágas im’ dhiaidh é chun díriú ar an áit seo. Cheap daoine áirithe go rabhas as mo mheabhair ar fad,” a d’admhaigh sé.

Le ceadúnas óstáin agus 10 seomra leaba sa bhliain 1969, ní rabhthas ach ag díriú i ndáiríre ar dhá mhí de shéasúr an tsamhraidh, a dúirt Conrad. “Thugamar Óstán Ghobnatan ar an áit. Bhíodh an méid is mó gnó againn i mí Iúil agus Lúnasa ach bhíodh roinnt daoine ag fanúint linn i rith an gheimhridh chomh maith, múinteoirí i gColáiste Íosagáin don chuid is mó.” Bhí cuid de na daoine sin a d’fhan go fadtéarmach – chomh fada le 20 bliain i gcás duine amháin, Tom Walsh. Ach mura mbíonn fonn ar chustaiméirí fágaint, is fíor le rá nach mbíonn fonn ar an bhfoireann fágaint ach an oiread, leis an gcócaire Bríd Hallahan i mbun oibre ann 29 bliain agus Julie Galvin ann 41 bliain.

Tar éis leathchéad bliain, bíonn ról gníomhach go fóill ag Conrad i ngnóthaí laethúla an óstáin taobh lena mhac Micheál, a bhainistíonn an t-óstán i dteannta lena bhean Mary, atá ag obair ann í féin le 42 bliain anuas.

Le bean chéile Conrad, Joan laistiar den bheár go tráth a báis sa bhliain 1986, mar chuid den bhfoireann chomh maith i gcaitheamh na mblianta bhí a gceathrar clainne – Micheál, Gobnait, Martina, agus Áine, iad go léir ag caitheamh roinnt ama ag lomadh prátaí, ag déanamh an níochán, agus ag glanadh seomraí leaba.

Tá neart maith gleo feicthe ag an óstán thar na blianta, le páiste á bhreith sa seomra tosaigh ann sa bhliain 1985, tar éis do lánúin ag taisteal ó Chill Airne go Ospidéal an Erinville i gCorcaigh stopadh ann ar bhonn éigeandála.

I 1973 múchadh tine i ceann de na seomraí leaba sular scaip sé tríd an foirgneamh ar fad, agus i 1986 dúnadh an óstán ar feadh 10 lá de bharr tuille, rud a bhí mar chúis le bainis áitiúil á bhogadh chuig óstán eile i gCill Airne.

Diaidh ar ndiaidh, le hÓstán Ghobnatan á uasghrádú ón seomra folctha amháin idir 10 seomra leaba céad lá, chuig áiseanna ensuite i gach ceann den 39 seomra leaba, tháinig aitheantas trí réalt ó Fáilte Ireland, agus sa bhliain 1999 cuireadh leis an seomra ócáide ó spás le haghaidh150 duine go spás le haghaidh 350.

As lámh a chéile le síneadh ar cheachtar taobh den fhoirgneamh tháinig athrú ar chúrsaí óstáin agus turasóireachta.

Sna laethanta roimh theacht an idirlín, thaistealaíodh Conrad go Baile Átha Cliath uair sa tseachtain chun áirithintí a ghlacadh ó chustaiméirí, a thaistealódh ar an traein ansan go Sráid a’ Mhuilinn. Le linn a gcuid ama ag fanúint san óstán thógadh Conrad iad chuig áiteanna éagsúla mórthimpeall ar Chorcaigh agus Ciarraí ar bhus a bhí ceannaithe aige díreach chuige sin.

Bhí an nós sin ag dul i léig faoi na 1980aidí déanacha, a mhínigh Micheál. “Lánúineacha aosta ó Éirinn den chuid is mó a bhíodh ann, ach nuair a tháinig réabhlóid Ryanair leis na heitiltí saora, tháinig deireadh leis sin.” Mar sin féin, tá na heitiltí saora sin a bhí ag tabhairt na hÉireannaigh anonn chuig an Spáinn agus a leithéidí ar laethanta saoire faoin ngrian ag tabhairt custaiméirí nua anois chuig Óstán Ghobnatan agus iad ag tabhairt turas ar a leithéidí an Daingean, Mórchuaird Chiarraí, agus Caisleán na Blárnan.

“Oibrímid anois i dteannta le gníomhairí taistil a thugann daoine, ón Eoraip ach go háirithe, chuig an tír – ar na margaí is mó bheadh Eorpaigh agus mic léinn Meiriceánacha, Gearmánaigh agus Francaigh,” a dúirt Micheál. “Agus an rud a bhíonn uathu ná sampla den cheantar áitiúil; an bia áitiúil, an beoir áitiúil cosúil le Stag Bán, agus cáis, subh agus arán áitiúil chomh maith. Ach tá margadh na Ríochta Aontaithe buailte cinnte ag an mBreatimeacht,” a dúirt sé. “Tá an margadh Sasanach tite go mór.

“Bhí an rud céanna i gceist le linn an cúlú eacnamaíochta – ní raibh éinne ag dul amach ag ithe agus buille tubaisteach a bhí ann don mhargadh trí chéile, ach tá sé sin tar éis neartú athuair. Tá feabhas tagtha ar rudaí.” Mar sin féin, ní bhíonn an chéad dúshlán eile riamh ró-fhada ón doras, an rabhadh a thug Micheál. “Tá comhraic eile anois ann le lucht AirBnB toisc go bhfuil an tionscal againne ag íoc rátaí agus árachas agus bíonn orainn bheith ag an gcaighdeán cuí, agus is féidir le lucht AirBnB a gcuid doirse a oscailt gan foireann ar bith fostaithe acu agus is féidir leo é a dhéanamh ar €30.” Dúshlán eile atá romhainn amach ná bóthar nua an N22 atá beartaithe, rud a chruthóidh seachbhóthar timpeall ar shráidbhaile Baile Mhúirne ag laghdú an líon daoine ag gabháil an treo.

“Deich mbliana ó shin bheadh sé tar éis sinn a mharú cinnte,” a d’admhaigh Micheál. “Ach ceapaim gur féidir linn teacht slán as anois de bharr gnó na dturas. Agus tá réabhlóid an tionscail i mBaile Mhúirne i gcomhar le hÚdarás [na Gaeltachta] agus na monarchan áitiúla tar éis éileamh a chruthú le haghaidh lóistín agus éileamh le haghaidh bia chomh maith.” Is mór an t-athrú atá feicthe aige i dtionscal an bhia le blianta beaga anuas chomh maith: “Tá gné ‘beir leat’ leis an mbia anois cinnte. Is léir dúinn ón spólann atá againn go dteastaíonn ó dhaoine teacht isteach ag am lóin agus bheith imithe amach an doras arís laistigh de 15 nóiméad, gan trácht ar an gcaife agus na ceapairí a thógann daoine leo ón áit.

“Tá neart gnó ag gabháil an treo ar an N22, ach is mór againn chomh maith an gnó áitiúil a thagann isteach an doras chugainn agus bheimis thar a bheith buíoch dár bparóiste féin agus na paróistí máguaird.” Lena chois sin tugann an gnó áitiúil neart do na seisiúin cheoil traidisiúnta, ranganna rince seit Óstán Ghobnatan gach Déardaoin, rincí um thráthnóna, agus comórtais tráth na gceist seachtainiúla.

“Is mór an tacaíocht atá faighte againn ó na ceantair áitiúla ar fad i gcaitheamh na mblianta i dtéarmaí ócáidí éagsúla, gnó bia, imeachtaí áitiúla, cóisirí lae breithe, ócáidí céad chomaoineach agus cóineartú, agus is mór againn go deo an tacaíocht sin ar fad,” a dúirt Micheál.

“Sin é an gnó a choimeád sinn ag imeacht thar na blianta, a choimeád an doras ar oscailt dúinn, a thug fostaíocht don fhoireann, agus a choimeád sinn ag treabhadh linn an t-am ar fad.” * Le linn deireadh seachtaine saoire bainc mhí na Bealtaine i mbliana le 50 bliain ar an bhfód á cheiliúradh ag Óstán Ghobnatan, tugann Conrad agus muintir Chríodáin cuireadh dá gcustaiméirí agus dá gcairde go léir glaoch isteach chun bualadh leo san óstán.

More in this section

Sponsored Content