Cuimhní de bhrú An Óige á meabhrú tar éis a cailleadh maor Gobnait

Cuimhní de bhrú An Óige á meabhrú tar éis a cailleadh maor Gobnait
Gobnait Uí Cheallacháin (sa lár), a bhíodh ina maor ag brú An Óige, sa phictiúr tógtha ag Pat Galvin, ar minic a thagadh ag rothaíocht chuig an mbrú sa Ghaeltacht an slí ar fad ó chathair Chorcaí.

SEANS nach mbeadh meas madra ag mórán ógánach ar tigh a dteaghlach a roinnt le 32 cuairteoirí i bhfoirgneamh gan leithreas ná cith laistigh ann.

Ach do mhuintir Cheallacháin, ag fás aníos i mbrú An Óige sna 1970aidí, b’iontach an saol a bhí acu, agus le sruth leanúnach cnocadóirí agus rothaithe ag teacht chuig an doras bhíodh soláthar líonmhar brioscaí agus rudaí deasa eile le fáil ag na hógánaigh nuair a d’fhágfadh na cuairteoirí.

Le gairid anuas cailleadh Gobnait Uí Cheallacháin, a bhíodh ina maor ar bhrú An Óige i sráidbhaile Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh tráth ach nach bhfuil ar oscailt níos mó, agus tá a bás siúd tar éis neart cuimhní de na pléisiúir shimplí a bhíodh mar chuid de shaol an bhrú a thabhairt ar ais go láidir.

Tháinig Gobnait i gcomharbacht ar an maor a bhí ann roimpi Mikey Lovett sa bhliain 1973 agus chuir sí fáilte croíúil roimh cuairteoirí chuig an nGaeltacht go dtí gur dhún doirse an bhrú i 1982. Rugadh a hiníon Maria, an duine is sine de chúigear clainne, an bhliain céanna inar ghlac a máthair cúram ar riaradh an bhrú agus cuimhníonn sí go ceanúil ar shimplíocht a blianta luaithe sa tigh úd ar bhruacha Abha na Laoi.

“Lena leithéidí Airbnb agus áiseanna leaba is bricfeasta, tá rudaí difriúil anois, ach bhíodh rudaí gruama go maith ag an am sin,” a dúirt sí.

“Tigh le 32 leaba a bhí ann agus bhíodh cuid déanta as sinc thiar ar cúl ann. Ní raibh aon leithris laistigh; bhíodh leithris cheimiceach lasmuigh agus bhíodh ar m’athair iad sin a thógaint le folmhú gach lá.” Cé gur cuimhin léi le huafás go mbíodh uirthi a tigh cois abhann a roinnt le scata damhain alla agus le francach uisce uair amháin fiú, bhíodh teacht ag Maria agus a deirfiúr níos óige Deirdre ar áis só amháin ag an mbrú: “Bhí linn snámha amuigh faoin aer againn.

“Bhí gairdín againn ar thaobh an tí agus chuir m’athair píosa coincréite síos isteach sa talamh ann. Bhí sé bídeach beag ach cheapamar cinnte gur linn snámha a bhí ann, agus b’iontach ar fad na laethanta a bhíodh agam féin agus Deirdre istigh ann.

“Ní raibh ach dhá sheomra leapa againn féin sa tigh; bhíodh an chuid eile ann do na cuairteoirí chuig An Óige. Saol simplí a bhí ann ach ár dtigh a bhí ann agus ní raibh a mhalairt ar eolas againn. Ní raibh aon ceathanna ann — bhíodh seomraí níocháin ann amach ó thaobh na cistineach,” a dúirt Maria. “Dhéanfadh daoine a gcuid cócarála féin agus bhíodh a gcistin féin acu.” B’í cistin na gcuairteoirí a mheall Maria agus Deirdre is mó, agus iad i gcónaí i láthair chun súil a chaitheamh isteach sna cófraí bia tar éis a d’fhág na cuairteoirí gach maidin.

“Bhíodh an cófra fada buí seo acu a bhí fad iomlán na cistine, áit ina ndéanfaidis a gcuid bia féin a stóráil,” a dúirt Maria.

“Nuair a théidis leo ar maidin agus ná bíodh éinne ann, théinn féin agus Deirdre isteach sa chistin agus d’osclaímis gach uile doras ag féachaint cad a bhí fágtha ina ndiaidh ag daoine, agus dá bhfaighimis paicéad brioscaí nó banana bhímis ar mire; neamh amach is amach a bhí ann.”

 Ba mhinic chomh maith go mbíodh rudaí breátha le fáil i seomra comónta an bhrú, áit ina dtagadh na cuairteoirí le chéile um thráthnóna.

“Ba mhinic a déarfaimis ‘raghaimid síos chuig an seomra comónta agus féachaimid cad atá fágtha ansan’,” a dúirt Maria.

“Ní raibh aon teilifís ann. Léitheoireacht agus scata mór cluichí boird agus cluichí cártaí a bhíodh ar siúl ann, agus sheinneadh daoine uirlisí ceoil ann — feadóg nó rud éigin simplí — ní bheadh an giotár á thabhairt ar do dhroim agat in aon chor agus tú ag rothaíocht!” B’iondúil go mbíodh fonn ar a gcuid cuairteoirí, a chodlaíodh i suanliosanna leapacha buinc aon-ghnéis¸ éirí go luath ar maidin agus, dúirt Maria, “Ní dóigh liom go dtéadh éinne acu chuig na tithe tábhairne sa sráidbhaile — théidis isteach sa leaba, d’éirídís go luath, agus d’imeoidís leo arís.

“Bhíodh grúpa An Óige tugtha don rothaíocht agus cnocadóireacht mórthimpeall na tíre agus slí saor go maith a bhíodh ann chun fanúint in áit éigin,” a dúirt sí. “Bhíodh an 32 leaba lán roinnt mhaith oícheanta, go háirithe i rith an tsamhraidh, ach bhíodh sé ar oscailt i gcaitheamh na bliana ar fad.” Bhí a máthair, iar-mhúinteoir ionaid sna scoileanna náisiúnta i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh agus i gCéim an Fhia, bhroidiúil go maith anois lena clann óg, ach thug sí fúithi féin é a chinntiú go mbeadh sí ann chun fáilte a chur roimh na cuairteoirí pé am a thiocfaidís chuig an doras chuici. “D’fhéadfadh daoine teacht ag am ar bith agus bhíodh sí ann chun fáilte a chur rompu, agus na seomraí a ghlanadh agus a bheith cinnte go raibh gach aon rud in ord. Bhíodh m’athair John amuigh ag obair,” a dúirt Maria.

Bhí a máthair, Gaeilgeoir ó dhúchas, “go hiontach le daoine agus bhíodh sí thíos sa seomra comónta ag comhrá leo agus is dócha gur sin an fáth go dtagaidís ar ais [chuig an mbrú] arís agus arís eile mar bhíodh an oiread sin grá acu di.” Bhí cuid de na cuairteoirí rialta mar chairde na clainne, duine acu ag teacht ar cuairt “chomh minic sin go raibh sí mar aintín,” de réir an méid a bhí le rá ag Maria. “Bhí bean amháin, Máire Breathnach. Tháinig sí síos ó Bhaile Átha Cliath ag aois 11 chun freastal ar an gcoláiste samhraidh [Coláiste na Mumhan] agus tháinig sí ar ais sé shamhradh ina dhiaidh sin agus chuir sí aithne mhaith ar mo mháthair. Nuair a stop sí ag teacht go dtí an coláiste thosaigh sí ag teacht go dtí An Óige. Bhíodh cairdeas maith eatarthu agus thagadh sí ar cuairt dhá nó trí uair sa bhliain.” Cé ag an mbuaic sa bhliain 1978, gur sholáthar an brú 2,144 oíche lóistín, bhí meath tagtha ar an éileamh faoin mbliain 1983, agus bhog muintir Cheallacháin isteach ina dtigh nuathógtha in aice láimhe. “Cheapamar go raibh an t-ádh dearg linn — bhí sé mar a bheadh pálás dúinn, tigh nua leis na háiseanna nua- aimseartha ar fad, fiú bheith in ann dul go dtí an leithreas nó folcadh nó cith a bheith againn,” a gháir Maria.

Cé go raibh dhá bhrú eile ann, ag Céim an Fhia ó 1946 go 1950 agus Corrig Lodge i sráidbhaile Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh (1951-59), níl brú ar bith sa cheantar ón am gur dhún foirgneamh An Óige sa bhliain 1983. “Bhraithfeá uait an comhluadar agus na daoine ag teacht agus ag imeacht,” a dúirt Maria.

“Agus is mór an trua é don cheantar mar cinnte tá éileamh san áit ar áis leaba is bricfeasta nó saghas éigin eile lóistín.” Lean a máthair Gobnait ar aghaidh ina dhiaidh sin ag obair ar feadh sé bliana déag i siopa Uí Dhuinnín sa sráidbhaile, ag freastal mar OCP fad-réimseach ar Chumann Peile Béal Átha ’n Ghaorthaidh, agus ag cur le chéile na nótaí áitiúla do nuachtán an Southern Star ar feadh ceathrú céad.

Cé gur chuir múchadh isteach ar a sláinte sna blianta níos déanaí, choimeád Gobnait an paisean a bhí aici don CLG agus bhíodh sí i gcónaí ag leanúint a garmhac Daire agus é ag imirt leis an bhfoireann idirmheánach áitiúil. Dúirt Maria: “Bhí sí an-ghreannmhar ar fad agus bhí sí breá in ann coimeád suas leis na daoine óga. Agus bhí croí fiail flaithiúil aici.”

More in this section

Sponsored Content

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more