Pleananna d’fhorbairt na todhchaí le cuairt bhord an Údaráis go Múscraí

Baill de bhord Údarás na Gaeltachta ar thuras go Folláin, Rónán Mac Con Iomaire, Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach, John Shéamuis Ó Ferraigh, Eunan Mac Cuinneagáin, Séamus Breathnach, Pádragín Bhalbigh, Seosamh Ó Laoi, Debra Ní Shúilleabháin, Ian Mac Aindriú, Gearóid Breathnach, Seán Mac Congamhna, le Peadar Ó Lionáird, Micheál Ó Lionáird agus Donal Ó Liatháin, Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt. Grianghrafadóir: Valerie O’Sullivan
“TÁ cultúr an bhia sa Ghaeltacht láidir go maith agus baineann sé sin go mór leis an tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta,” a deir Mícheál Ó Lionáird.
Mar bhainisteoir taighde agus forbartha leis an gcomhlacht subh Folláin, bhí sé i láthair chun bualadh le comhaltaí boird an Údaráis le déanaí, agus iad ag fáil blaise de réimsí leathan táirgí nua le linn cuairt faisnéise go cliantchomhlachtaí i gceantar Mhúscraí.
“Cinnte tá blasanna na hÉireann ag forbairt faoi láthair agus tá oscailt sa mhargadh le haghaidh roinnt táirgí nua agus cruthaitheach. I láthair na huaire tá siad san ag teacht ón nGaeltacht,” a dúirt an tUasal Ó Lionáird.
Bhí a chuid muiníne siúd i dtodhchaí na dtáirgí bia agus deoch á dtáirgeadh ag comhlachtaí Gaeltachtaí á thacú ag faomhadh an bhoird ag an gcruinniú dá chuid i mBaile Mhúirne le haghaidh tograí éagsúla ag cruthú 77 post nua go náisiúnta, le hinfheistíocht iomlán os cionn €2.92m ó na comhlachtaí féin agus ón Údarás.
Beidh cuid de na poist sin á gcruthú i gcomhlacht atá bunaithe cheana féin i gCorcaigh, a dúirt Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí an Údaráis, Páid Ó Neachtain, a dhein cur síos ar chuairt an bhoird mar rud “inspioráideach inár dtuairim” le comhaltaí boird ag foghlaim faoi phleananna forbartha, táirgí nua, agus taighde agus forbairt ar bun sna comhlachtaí i nGaeltacht Mhúscraí.
I measc na gcomhlachtaí seo bhí Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha atá lonnaithe i gCill na Martra, le comhbhunaitheoir Johnny Lynch ag leagadh amach na pleananna atá idir lámha chun bainne buabhall a chur lena gcuid táirgí cáise agus feola amach anseo.
Le 160 buabhall á gcrú acu cheana féin, tá táirgiúlacht ag méadú 20% sa bhliain agus tá súil ag an tUasal Ó Loingsigh i bhfianaise na mbuntáistí sláinte atá le bainne buabhall go mbeidh sé ina rogha mealltach go maith do thomhaltóirí, taobh le ricotta, mozzarella, feta, agus haloumi an chomhlachta atá ar fáil in ollmhargaí ar fud na tíre faoi láthair.
Tá bainne buabhall “níos sláintiúla ná aon bhainne eile ar an margadh”, a d’áitigh sé.
“Ní an blas a bhíonn ag bainne gabhar ag an mbainne buabhall. Tá lachtós ann ach is cosúil nach gcuireann sé isteach ar dhaoine atá éadulangach ar lachtós. Bainne A2 atá ann. Tá formhór na mbó Freaslannach A1 ach tá i bhfad níos fusa ar dhaoine bainne A2 a thógaint i gcomparáid le bainne A1 de bharr an struchtúr atá leis. San Astráil agus i gcodanna eile den domhan is rud mór é ach anseo in Éirinn is cosúil nach bhfuil mórán aird á thabhairt againn air go fóill.” Ar an mbonn céanna, tá buntáistí sláinte le feoil bhuabhall nach bhfuil ag mairteoil, a dúirt sé, leis na torthaí ó thástálacha ar a chuid ainmhithe déanta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí ag tacú leis an méid a bhí á rá aige.
“Tá níos lú ná leath de na calraí ann i gcomparáid le mairteoil agus tá an próitéin níos airde chomh maith. Níl ach beagán saill ann i gcomparáid le mairteoil agus tá dhá thrian den cholaistéaról atá i mairteoil ann – 60 i gcomparáid le 90 [mg in aghaidh 100g] – sin an difríocht is mó i ndairíre.” Le díolachán feoil bhuabhall mhionaithe go búistéirí, óstáin, agus bialann ag dul go seoigh, go háirithe le haghaidh burgair, tá an comhlacht tar éis leathnú chomh maith i réimse na turasóireachta, le comhoibriú le Lee Valley Taste Trails ag tabhairt sraith rialta cuairteoirí idirnáisiúnta chuig feirm bhuabhall na Gaeltachta.
Cé go bhfuil an Bhreatimeacht – a raibh scéim thacaíochta gnó ina leith fógartha ag Údarás na Gaeltachta tar éis an chruinnithe i mBaile Mhúirne – tar éis pleananna an chomhlachtaí easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe a chur ar athló, táthar fós ag leathnú go maith sa mhargadh baile.
Le triúr fostaithe breise earcaithe le déanaí tá foireann an chomhlachta méadaithe go 16, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag cur ar a gcumas sáslach paistéartha níos mó agus meaisín pacála a cheannach chun déileáil leis an méadú i dtáirgiúlacht.
“De réir mar atáimid ag fás, táid ag tacú linn céim ar chéim, agus gan a gcuid tacaíochta ní bheadh seans ar bith againn i ndáiríre,” a dúirt an tUasal Ó Loingsigh.
Ar aon dul le tacaíocht airgeadais, thug an cruinniú idir ionadaithe an Údaráis agus comhlachtaí Mhúscraí, le Putóga De Róiste agus grúdlann Fia Bán ina measc, deis le haghaidh malartú smaointí ar thionscnaimh na todhchaí.
Le coipeadh i measc na roghanna forbartha do Folláin, bhí kombucha, deoch coipthe déanta as tae milsithe, i measc na smaointe a pléadh, a dúirt Mícheál Ó Lionáird.
Tá comhlachta na Gaeltachta ina measc siúd amuigh chun cinn i dtéarmaí forbairt táirgí éagsúla bia agus deoch agus dúirt sé: “Bhí dáimh leis an gcomhrá ag mo thuairim féin den Ghaeltacht sa chaoi go bhféachann daoine uirthi ón taobh amuigh mar áit thar a bheith coimeádach, ach le fírinne is áit fíor chruthaitheach í atá liobrálach go maith.” Tugadh léargas ar an tuiscint sin, a dúirt sé sna réimse táirgí a blaiseadh le linn cuairt an Údaráis, ina measc “táirgí nua atá á bhforbairt againn i láthair na huaire, anlainn ghoinbhlasta agus subha nua, agus táimid ag iarraidh tabhairt faoi choipeadh. Mar thogra taighde tá iarracht á dhéanamh againn rudaí cosúil le kombucha, sourdough, agus kimchi a chruthú.” Le gairid anuas sheol Folláin trí shaghas nua subh i margadh na hÉireann, le sú talún agus prosecco; seadóg agus gin; sú craobh agus péitseog bhán; agus sú talún agus páiseog ar sheilfeanna na n-ollmhargaí cheana féin.
Beidh trí hanlann goinbhlasta nua á sheoladh ag an gcomhlacht i mbliana chomh maith – anlann goinbhlasta trátaí le fínéagar ceirtlise úll; anlann piobar dearg adhain-rósta; agus marmaláid oinniúin caramalaithe le gairleog dhubh coipthe – an trí cinn ag baint úsáide as comhábhar Éireannach ach gan aon siúcra breise, agus tá Micheál “muiníneach go mbeidh gradaim á mbuachaint acu ar fad”.
Le pacáistiú agus margaíocht ríthábhachtach chomh maith i dtéarmaí rath na dtáirgí, dhein Folláin athbhrandáil ag tús na bliana, ag tosnú ag úsáid prócaí ‘Mason’ le patrúin bhláthach ar na clúdaigh.
“Seans go raibh sé ar cheann de na rudaí is tábhachtaí atá déanta againn i saolré an chomhlachta,” a dúirt Mícheál. “Tá éirithe thar barr leis i ndáiríre, agus tá fianaise sna figiúirí díolacháin.
“Toisc go bhfuil cáilíocht na dtáirgí á léiriú againn leis an dearadh ar an taobh amuigh ciallaíonn sé go bhfuil na custaiméirí spreagtha againn chun iad a phiocadh suas agus a léamh – agus a thabhairt faoi deara go bhfuil ár gcuid táirgí déanta sa Ghaeltacht.”