Ó Riada ar scor mar phríomhoide tar éis tréimhse fáis i Scoil Chúil Aodha

Ó Riada ar scor mar phríomhoide tar éis tréimhse fáis i Scoil Chúil Aodha

Gearrann Cathal Ó Riada císte ar ócáid a scoir ó Scoil Chúil Aodha, le Helen Uí Shuibhne, Áine Uí Chuill, Nuala Uí Dhálaigh, Áine Uí Loingsigh, Alan Ó Riordáin agus Gobnait Uí Mheachair. Grianghrafadóir: Mairéad Ní Thuama

CUIR ceist ar aon phríomhoide in aon chor i gceannas ar bhunscoil i sráidbhaile ó cheann ceann na tíre agus tá gach seans ann go ndearbhóidh siad go bhfuil réimse i bhfad Éireann níos leithne ná an seomra ranga féin i gceist lena ról sa phobal.

Agus i gcás Cathal Ó Riada, atá imithe ar scor tar éis sé bliana déag mar phríomhoide ar Scoil Chúil Aodha/Barr d’Inse, mar chuid dá phost bhí sé i gcroílár saol cultúrtha, spóirt, agus spioradálta a pharóiste dúchais – gan trácht ar an obair a dhein sé chun an chéad ghlúin eile de ghairneoirí glasraí agus coimeádaithe cearca a chothú.

Mar mhac an chumadóra Seán Ó Riada, bhí fréamha Chathail sáite go maith i gCúil Aodha i bhfad sular ceapadh ina phríomhoide ann é sa bhliain 2003. Chaith sé bliain ag múineadh in Inis Díomáin tar éis dó céimniú ó Choláiste Mhuire Gan Smál, agus ocht mbliana déag eile i nGaelscoil Thomáis Dáibhís i Mala, sular ghlac sé le post an phríomhoide ina shráidbhaile dúchais tar éis do Mháire Mhic Gearailt dul ar scor.

“Ní ró-mhinic in aon chor a cheaptar príomhoide in áit bheag cosúil leis seo, ach bhí áthas an domhain orm nuair a tháinig an deis seo i mo threo mar bhí sé i gcónaí i gceist agam teacht ar ais abhaile,” a mhínigh sé.

“Nuair a thánag anseo sa bhliain 2003 ní raibh ach beirt againn ag múineadh, mise agus Micheál Ó Ceallaigh, agus naonúr déag daltaí. Tógadh scoil nua i 1996 agus foirgneamh scoile dhá sheomra ranga a bhí ann.” Dhá bhliain tar éis a ceapadh Cathal chónasc an scoil le Scoil Bharr d’Inse agus d’fhás Cúil Aodha go scoil le trí mhúinteoir agus seachtar is fiche daltaí.

Le líon na ndaltaí ag dul i méid, cuireadh síneadh leis an scoil sa bhliain 2013 le seomra ranga, oifig agus seomra teagaisc acmhainne. Dhein sé seo “difríocht ollmhór” do pháistí agus do mhúinteoirí araon, a dúirt Cathal, ag rá go raibh sé ar cheann de bhuaicphointí a thréimhse mar phríomhoide na scoile nuair a tháinig foirgneamh nua breá geal, le fuílleach spáis ann in áit an tseomra réamhdhéanta a bhíodh á úsáid acu.

Ach beidh na seomraí réamhdhéanta ag teacht ar ais ar bhonn sealadach i mí Mheán Fómhair, de bharr go bhfuil líon na ndaltaí méadaithe go 84 anois agus an ceathrú múinteoir de dhíth orthu agus seomra ranga nua eile chomh maith.

Cé gur tháinig méadú faoi cheathair ar líon na ndaltaí sa scoil le linn a thréimhse, is cosúil gur dhein Cathal cinnte de g raibh aird ar leith á thabhairt do gach duine acu, ón méid a bhí le rá ag leas-phríomhoide na scoile Áine Uí Loingsigh.

“Bhíodh cúram na ndaltaí i gcónaí mar an príomhábhar imní aige” a dúirt sí. “Spreagadh gach aon ní, agus rud álainn eile ná gach uile maidin chuireadh sé fáilte roimh gach páiste chun na scoile.

“Bhíodh an Ghaoluinn chun tosaigh i gcónaí ón uair a tháinig na páistí isteach an doras go dtí gur fhágadar le stór maith focal agus saibhreas teanga den scoth. Caighdeán na Gaoluinne sa scoil, ní bhfaighfeá a leithéid in áit ar bith in Éirinn, agus cothaíodh an cultúr agus traidisiún chomh maith le linn a chuid ama anseo,” a dúirt sí.

I measc an traidisiúin agus an chultúir sin bhí an pheil Ghaelach, áit ina raibh Cathal, mar chathaoirleach ar Chumann Peile Naomh Abán, in ann na ceangail idir an scoil agus an cumann a neartú.

“Bheadh cuid mhaith de na buachaillí agus cailíní ag imirt le Naomh Abán, mar sin tá an ceangal an-láidir, agus mar scoil tá cuntas teiste bródúil againn i gcomórtas Sciath na Scol, leis an gcomórtas buaite againn sa bhliain 2015 agus 2016,” a dúirt Cathal, atá ina tharrthálaí lán-cháilithe agus dá réir sin bhí sé in ann deis a thabhairt dá chuid daltaí úsáid iomlán a bhaint as linn snámha an tsráidbhaile.

Dúirt sé chomh maith go raibh an scéim amhránaíochta sean-nóis i nGaeltacht Mhúscraí, Aisling Gheal ina bhuntáiste ollmhór do dhaltaí na scoile. Chomh mór sin, go raibh áthas an domhain air caoineadh Gaoluinne ón ochtú haois déag a chlos á chanadh go binn ag amhránaí óg ar an mbus le linn turas scoile go Baile Átha Cliath le déanaí.

“De ghnáth bheadh leaids óga ag canadh amhráin popcheoil, ach taithníonn na hamhráin seo go mór leo agus nuair a bhíomar ag filleadh abhaile ar an mbus bhí ‘Carraig Aonair’ á chanadh ag duine éigin,” a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith gur minic go mbíonn fonn ar dhaltaí canadh i gCór Chúil Aodha, an cór eaglaise fireann a bhunaigh a athair.

“Má bhíonn Aifreann nó sochraid ní bhíonn orainn ach siúl ón scoil, téann na cailíní ar an altóir agus téim féin agus na buachaillí isteach sa chór. Is deas an slí é a bheith mar chuid den phobal agus is gnáthchuid den saol anseo é le fírinne. Uaireanta is ócáidí uaigneach brónach iad [sochraidí] ach is cuid den phobal iad fós féin.” Is cuid den ghnáthshaol i bpobal tuaithe é chomh maith scileanna talmhaíochta éagsúla a chur chun cinn ar scoil, agus ní raibh aon easnamh ar Chathal sa réimse seo.

“Chuireamar tús le gairdín na scoile thart ar an mbliain 2005 agus tá polathollán mór millteach againn le caora fíniúna, puimcíní, mealbhacáin uisce agus trátaí,” a dúirt sé. “Tá cearca againn, agus thart ar leathdhosaen uibheacha gach lá. Lasmuigh fásaimid glasraí, biabhóg, prátaí agus díolaimid iad sin ar fad i mí Mheán Fómhair gach bliain, agus téann aon airgead a thagann ó na glasraí nó ó na cearca ar ais isteach sa ghairdín.” 

Tá gníomhaíochtaí allamuigh ar an gclár oibre ag Cathal anois, agus blúirín breise am saor aige tar éis tréimhse 35 bliain ag múineadh.

“Bhínn an-tógtha leis an gcnocadóireacht tráth agus tá súil agam filleadh ar an gcaitheamh aimsire sin anois,” a dúirt sé, ach mar chathaoirleach ar Chumann Bheachairí Mhúscraí, rúnaí ar Chór Chúil Aodha, agus a chuid dualgais CLG agus freagrachtaí pobail eile, admhaíonn sé: “Táim rannpháirteach san oiread sin grúpaí agus cumainn éagsúla nach mbeidh mórán ama agam – ní bheidh mé díomhaoin ar aon chuma.” 

Ag Scoil Chúil Aodha, dúirt Áine Uí Loingsigh, nach mbeidh sé ró-éasca in aon chor príomhoide dá leithéid a fháil le teacht ina áit.

“Níl dabht ann ach go mbraithfidh idir foireann agus daltaí na scoile uathu é, agus tá an-thrua agam don té a thiocfaidh ina áit – is mór iad na bróga a bheidh le líonadh acu.”

More in this section

Sponsored Content