Coláiste Íosagáin ar an gcéad mol digiteach eile le Múscraí á fhorbairt mar ‘Gaeltacht Gigighiotáin’

Coláiste Íosagáin ar an gcéad mol digiteach eile le Múscraí á fhorbairt mar ‘Gaeltacht Gigighiotáin’

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, Caroline Ní Nuallain, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, agus Aire Talmhaíochta Michael Creed, ag oscailt oifigiúil an mhoil dhigitigh gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh. Grianghrafadóir: Valerie O’Sullivan

Oscailte go hoifigiúil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD agus Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, TD, tá gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh ar an gcéad cheann de thrí mhol digiteach gteic atá le forbairt i nGaeltacht Chorcaí.

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go dtabharfar an obair chun críche faoi cheann roinnt seachtainí ar mhol gteic Oileáin Chléire, agus táthar ag súil go mbeidh foirgneamh tréigthe Choláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne mar láthair an dara mol digiteach i nGaeltacht Mhúscraí.

De réir an méid a bhí i ráiteas ó Údarás na Gaeltachta: “Beidh gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh ar cheann de thrí mhol digiteach gteic a fhorbróidh Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chorcaí.

“Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha tógála curtha i gcrích sna seachtainí seo romhainn ar mhol gteic ar Oileán Chléire. Le tacaíocht ón gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe tá máistirphlean á réiteach do Champas Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne a mbeidh mol nuálaíocht agus digiteach gteic mar chuid lárnach den togra freisin.” Tuairiscíodh go bhfuil an máistirphlean ar luach €180,000, a fógraíodh i mí Feabhra, ar an gcéad chéim i dtreo athfhorbairt fhada an iar-scoil chónaithe tréigthe agus an talamh 19 acra a ghabhann leis.

Dhún Coláiste Íosagáin, foirgneamh ársa ar bhóthar an N22 ó Chorcaigh go Cill Airne, mar scoil sa bhliain 1989 agus níor tháinig aon cheann de na pleananna athghiniúna le tríocha bliain anuas chun torthúlachta go dtí seo.

Dhearbhaigh urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta go bhfuil iarratas pleanála beo anois d’athfhorbairt chuid suntasach den fhoirgneamh, lena n-áirítear forbairt moil gteic, aonaid fhiontraíochta, agus áiseanna agus lárionad oiliúna.

“Táimid ag obair i gcomhpháirtíocht le UCC, CIT, Comhairle Contae Chorcaí, Fóram Scileanna Chorcaí, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, ár gcliantchomhlachtaí féin agus comhlachtaí áitiúla ar an gcuid seo den fhorbairt.

“I gcomhar leis an obair sin tá máistirphlean don champas níos leithne le hullmhú faoi mara atá faofa faoi mhaoiniú RRDF agus táthar tar éis comhairleoirí a cheapadh chun tabhairt faoin obair seo,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tá gréasán de 31 mol nuálaíoch agus digiteach le seirbhís leathanbhanda ardluais á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta go náisiúnta.

San áis i mBéal Átha’n Ghaorthaidh tá 22 spás comhoibrithe nó deasc sealaíochta, áiseanna cruinnithe agus fís-chomhdhála, agus seirbhís leathanbhanda gigighotháin le luas suas le 1000mbs. Bhí caiteachas caipitil ar chostais athchóirithe agus forbartha thart ar €57,000 i gceist.

“Tabharfaidh an fhorbairt seo deis do phobal na Gaeltachta, sa bhaile agus i gcéin, filleadh ar a gceantar dúchais nó cónaí ann trí dheiseanna cianoibre a chur ar fáil ag deasca sealaíochta nó spásanna oibre comhroinnte,” a dúirt urlabhraí.

“Dá réir sin, tabharfar tacaíocht, misneach agus cabhair do na pobail uathúla teanga seo, agus cabhrófar leo aghaidh a thabhairt ar dhúsláin bhánú na tuaithe.” Mar gheall ar shocrú cómhalartach le hIonad Fiontraíochta Guinness (GEC) i mBaile Átha Cliath, féadfaidh baill den GEC leas a bhaint as áiseanna gteic áit ar bith ar fud an líonra agus féadfaidh baill de phobal digiteach gteic leas a bhaint as na háiseanna in GEC i mBaile Átha Cliath saor ó tháille.

Gné ar leith a bhaineann le Gréasán Digiteach na Gaeltachta ná go bhfuil sé dhá fhorbairt as lámh a chéile leis na pobail áitiúla i gcuid mhaith de na ceantair tuaithe seo. Is iad Comharchumann Forbartha Mhúscraí a bheidh i mbun feidhmithe agus bainistíochta ar gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh thar cheann Údarás na Gaeltachta.

Tá seachtar féinfhostaithe ag obair ón mol nua faoi láthair agus is léir go mbeidh tréimhse na Nollag cruógach sa gteic agus daoine áitiúla ag tapú an deis fad a chur lena gcuid saoire Nollag trí leas a bhaint as áiseanna gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh.

Dúirt an tAire Michael Creed: “Is comhartha é seo go bhfuilimid ag bogadh leis an am agus ag feidhmiú i gcomhar le riachtanais an cheantair inniu. Ag infheistiú sa todhchaí, ag infheistiú sa teicneolaíocht. Is tionscnamh thar a bheith tábhachtach é seo agus cinnte is airgead é a caitheadh go maith.”

Solúbthacht agus cothromaíocht oibre is saoil ag gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh 

 “Bhí tarracóir amháin ar an mbóthar inné – sin chomh olc is a éiríonn sé,” a deir Brian O’Brien faoin tranglam tráchta laethúil ar a thuras chun na hoifige.

Tá an bainisteoir léiriúcháin i dtionscal an cheoil, a oibríonn ar chamchuairt dá leithéidí The Script, Picture This, agus Ellie Goulding, ar cheann de na chéad daoine ag baint úsáide as na spásanna ‘deasc sealaíochta’ sa mhol digiteach nua gteic i sráidbhaile Gaeltachta Bhéal Átha’n Ghaorthaidh.

Tar éis dó bogadh amach ó Chathair Chorcaí dhá bhliain déag ó shin ionas go bhféadfadh sé féin agus a bhean chéile a gclann a thógaint i dtimpeallacht tuaithe, tá leas á bhaint anois aige as turas dhá nóiméad sa ghluaisteán chun na hoibre.

I gceannas ar rannóg siamsaíochta agus camchuairte an chomhlachta lóistíochta ó na Stáit Aontaithe SOS Global, deir Brian go bhfuil an tsolúbthacht ar an bpríomhbhuntáiste a bhaineann le bheith ag obair ón mol gteic.

“Tá an príomhoifig acu [SOS] lonnaithe i Meiriceá agus dá réir sin oibrím thar amchriosanna difriúla, agus ciallaíonn an oifig seo gur féidir liom teacht isteach nuair a oireann sé dom féin, is féidir liom dul i mbun oibre istoíche fiú má theastaíonn uaim é sin a dhéanamh.

“Nuair nach mbím ag taisteal, is iontach an rud é bheith in ann teacht isteach i dtimpeallacht oifige agus gach rud atá uaim a bheith agam ann. Tá an tseirbhís leathanbhanda thar barr anseo; tá pas 10 lá agam a thugann cead dom teacht agus imeacht mar a theastaíonn uaim féin agus oireann sé sin go breá domsa. Is í an tsolúbthacht an tarraingt is mó, agus is iontach an rud é go bhfuil struchtúr oifige ar fáil.

“Oibríonn cuid mhaith den tionscal seo ón mbaile, ach is maith leo deasc sealaíochta a bheith acu agus bheith in ann é a mheascadh suas, agus domsa níl ann ach turas dhá nóiméad, agus is mór an buntáiste go deo é sin.” Taobh leis i spás chomhoibre an gteic tá Róisín Dunne, atá ag ullmhú chun a gnó nua málaí láimhe Jac Allua a sheoladh.

Thosnaigh Róisín ag déanamh málaí láimhe ina cistin sa bhaile, agus tá sí tar éis dul i mbun oibre le dearthóirí agus déantóirí lonnaithe i gCionn tSáile, Londain, san Iodáil agus sa Spáinn.

“Agus sinn inár gcónaí faoin tuath i mBéal Átha’n Ghaorthaidh ní rómhór in aon chor na roghanna agus theastaigh uaim post solúbtha a chruthú dom féin a chuirfeadh ar mo chumas obair mórthimpeall ar dhualgais teaghlaigh agus bheith anseo nuair a tháinig an bus scoile,” a deir sí.

“Tá an rud ar fad tagtha le chéile go han-mhaith – turas thar a bheith taitneamhach go dtí seo. Thosnaíos i mbun oibre ag an ineall fuála mé féin agus tá sé sin tar éis forbairt isteach sa bhranda seo. Tá an fhís a bhí agam céad lá tar éis fás go mór de réir mar atá dul chun cinn déanta agam.” Tá dúshlán ag baint leis an saol baile agus an saol oibre a dheighilt go hairithe do dhaoine féinfhostaithe, rud atá éirithe níos fusa anois do leithéidí Roisín le hoscailt an mhoil gteic.

“Táim anseo trí lá sa tseachtain ach tá sé thar a bheith solúbtha, agus sin an rud is mó a mheallann mise.

“Bhíos ag obair ag bord na cistine, ach tá sé dúshlánach go maith bheith ag obair ón mbaile. Tá sé deacair díriú ar rud amháin agus an obair a dheighilt ón saol baile, agus le leanaí sa scéal tá sé sin níos deacra fós.

“Tá sé i bhfad níos fusa díriú ar aon rud seachas an obair nuair a bhíonn tú sa bhaile. Bíonn ort do chuid cuntasaíochta a dhéanamh agus deireann tú ‘caithfear an urlár a ní’. Bíonn tú dírithe níos mó ar an obair anseo. Is mór an rud é bheith in ann siúl amach an doras agus isteach in áit ina mbíonn tú ag suí ag deasc.”


More in this section

Sponsored Content