Scoil nua do Choláiste Ghobnatan ‘i sé bliana’

Scoil nua do Choláiste Ghobnatan ‘i sé bliana’
Grianghrafadóir: Richard Mills.

Cabhróidh méadú i líon na ndaltaí chun a chinntiú go dtógtar scoil nua le teacht in áit foirgnimh reatha Choláiste Ghobnatan faoin mbliain 2023, de réir an méid a bhí le rá ag príomhoide scoir Breandán Ó Lionáird.

Tá an tUas Ó Lionáird, atá i mbun feachtais le fada an lá le go dtógfaí halla spóirt don scoil agus don phobal níos leithne, dóchasach go dtógfar scoil iomlán nua ar shuíomh an charrchlóis atá ann faoi láthair agus go ndéanfar é sin sna sé bliana le teacht.

Tá cainteanna ar tí titim amach an mhí seo chugainn le hionadaithe na Roinne Oideachais maidir le ‘mór-fhorbairt’ ag an scoil, a tógadh céad lá sa bhliain 1950.

“Is é 2023 an sprioc-am. Seans go bhfuilimid thart ar sé mbliana ón oscailt,” a dúirt an tUas Ó Lionáird.

Thuar sé go méadóidh líon na ndaltaí ó leibhéal reatha 210 go dtí idir 270 agus 300 sna sé bliana le teacht, bunaithe ar fhigiúirí daonra áitiúla.

D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag fhorbairt seachbhóthair an N22 ar uimhreacha na scoile chomh maith, a dúirt sé, toisc go gcinnteodh amanna tiomána feabhsaithe go Cathair Chorcaí go mbeadh Gaeltacht Mhúscraí ina háit chónaithe mealltach d’oibrithe comaitéireachta.

“Tá sé tuartha go bhfásfaimid go suntasach idir seo agus sin. Agus chomh luath agus a thiocfaidh an seachbhóthar, beidh Baile Mhúirne ina bhaile satailíte. Beidh sé níos fhusa i bhfad comaitéireacht go Corcaigh agus sin cuid den phlean. Is féidir leis an roinn é sin a fheiscint. Tá siad réamhghníomhach go maith sa réimse seo.

“Táimid i mbun cainte faoi láthair leis an Roinn Oideachais, atá ag féachaint ar an scoil agus mór-fhorbairt in aigne acu. Níl a fios againn go fóill can is brí leis sin ach tá cruinnithe againn leis an roinn anseo sa scoil go luath an mhí seo chugainn agus b’fhéidir go mbeadh a fhios againn ina dhiaidh sin cad atá i gceist acu le mór-fhorbairt.

“Tá bord na scoile agus an BOO ag lorg scoil nua, rud a chuimseodh halla spóirt. Ceapaim go bhfuil sé sin ag teacht an treo. Níl le déanamh ach a chinntiú go bhfuil an pacáiste oiriúnach do riachtanais an phobail faoi láthair agus amach anseo,” a dúirt sé.

“Is freagra déimeagrafach é seo. Tá an roinn i roinn rannpháirteach i bpleanáil mar fhreagra ar dhéimeagrafaic agus na treochtaí gur féidir leo a fheiscint ag teacht chun cinn. D’aithin siad an gá agus táimid ag rá go bhfuil scoil againn ar cuireadh síneadh léi ceithre huaire anois. Ní dócha go mbeadh sé oiriúnach síneadh eile a chur leis an scoil.” Bheadh carrchlós na scoile, atá ar léas ó Údarás na Gaeltachta, ina shuíomh “oiriúnach do thogra tógála nua agus tá tógáil nua tuilte ag an bpobal,” a dúirt sé.

“Má fhaighimid scoil nua bheadh halla spóirt ann a bheidh breá mór. Bheadh neart seomraí speisialaithe sain-deartha agus na háiseanna ar fad a thagann le scoil nua. Ealaín, ceol, gach rud. Faigheann tú an rud ar fad nuair a fhaigheann tú scoil nua – fiú oifig phríomhoide nua!” a dúirt sé.

Barr chumais na ndaltaí mar bhuaicphointe do phríomhoide scoir 

 Tá aghaidh tugtha ag Breandán Ó Lionáird ar iliomad éachtaí acadúla agus spórtúla i gcaitheamh a thréimhse 18 mbliana mar phríomhoide ar Choláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre.

Fós féin le hionadh curtha aige ar an bpobal áitiúil le déanaí nuair a d’fhógair sé go mbeadh sé ag dul ar scor, féachann sé siar ar éacht an-difriúil mar bhuaicphointe a thréimhse i gceannas ar an meánscoil Ghaeltachta.

In ionad féachaint ar an ualach mór trófaithe agus gradam a bronnadh ar dhaltaí faoina chúram, is é rath na ndaltaí sin a bhain amach manna na scoile ‘Go Buaic do Chumais’ a thugann an sásamh is mó don Uas Ó Lionáird agus é ag ullmhú chun an doras a dhúnadh ar a ghairm mhúinteoireachta.

Cuimhníonn sé ar dhuine de na daltaí úd, dalta nár bhain amach na marcanna is airde i gcónaí ach a sháraigh gach rud a rabhthas as súil uaidh leis an Ardteistiméireacht á bhaint amach aige, “páiste a scoilt a chloigeann nach mór ar fráma an dorais nuair a bhí an áit seo á fhágaint aige lena chuid torthaí Ardteistiméireachta”.

Deir sé chomh maith: “Ní raibh éinne ag súil nuair a tháinig sé chugainn go dtabharfadh sé riamh faoin Ardteistiméireacht. Bhí sé chomh sásta pas a bhaint amach i ngach ceann dá ábhair gur dhóbair nár fágadh é gan aithne gan urlabhra nuair a bhuail barr a chinn fráma an dorais agus é ag léimt leis amach an doras.” Ní féidir rath acadúil, a deir sé, a thomhas i dtéarmaí torthaí ‘A’ ach in ionad sin “baineann sé le cumas an dalta, agus dalta ba ea é seo a bhain amach manna na scoile go barr a chumais agus b’iontach an sampla é ina leith sin”.

Ar an iomlán, deir sé: “Ceann de na héachtaí is mó ná tríd is tríd, go bhfuil na daltaí sásta anseo agus nuair a bhíonn siad sásta cuirtear ar a gcumas a ndícheall a dheanamh. Nil dabht ach gur ceann de na buaicphointí é sin.” Deir an tUas Ó Lionáird, a tháinig isteach mar phríomhoide tar éis tréimhse 10 mbliana Paud Ó Murchú, go bhfuil na hathruithe atá feicthe aige sanoideachas i measc na gcúiseanna lena luathscor.

“Ní hé seo an post a thosnaíos ann 18 mbliana ó shin. Ní dócha go mbeadh aon phost mar an gcéanna san am sin, ach tá sé athraithe i dtreo atá tar éis mé a thógaint níos faide ón dalta, rud a raibh imní orm ina leith i gcónaí. Táim tarraingthe ón áit inar theastaigh uaim a bheith..

“Dá mba rud é go rabhas ag múineadh i seomra ranga inniu glacaim leis go mbeinn ag leanúint orm ag múineadh. Ní bheinn ag féachaint ar an scoil a fhágaint, ach ní mar sin atá,” a deir an tUas Ó Lionáird, a d’oibrigh ar dtús mar fheisteoir agus a bhain amach a chéad phost san oideachas mar mhúinteoir miotalóireachta i gColáiste Pobal Naomh Aodán i gCnoc Bhaile Átha Cliath, Corcaigh sular chaith sé seal mar leas-phríomhoide i gColáiste Pobal Scoil Mhuire.

“Ceapaim go bhfuil an t-oideachas tar éis athrú ón oideachas ar mhaithe le hoideachas, i mórán slite, go rud atá á bhrú ag pointí agus ní hé sin freagra na scoile amháin – is freagra é ar an éileamh a thagann isteach an doras chugainn. Tá ionchas ann gur cheart do pháistí pointí ar leith a bhaint amach agus bíonn orainn é sin a bhaint amach agus tá sé sin tar éis an bhéim a bhogadh ón bhfoghlaim i dtreo gnóthachtáil,” a deir sé.

“Tá an t-oideachas tar éis bogadh ó hidéil chiallmhara gnáthchéille go gach rud á gclúdach ag polasaí agus ní leor a bheith ciallmhar faoi rud, caitheann tú an páipéarachas ar fad a dhéanamh mar thaca leis. Chun a thaispeáint go bhfuil tú ag tabhairt aghaidh i dtreo ar leith. Meon iomlán difriúil atá ann. Tá athrú tagtha ar an mbéim.” Maidir lena chinneadh chun scoir anois, deir sé: “Le bliain anuas mhothaíos go raibh an t-am tagtha. Níl dabht ach go bhféadfainn streachailt liom ar feadh dhá bhliain, trí bliana nó ceithre bliana eile, ach tá duine tuillte ag an scoil atá 100% tiomanta, 100% tugtha agus 100% rannpháirteach le glúin na todhchaí agus go dtí seo tá súil agam go bhfuil sé sin tugtha agam do dhaltaí na scoile ach tá sé éirithe thar a bheith deacair dom.

“Lena chois sin, mothaím go bhfuil go leor dár gcuid ama caite anois le leas an dalta agus le daltaí atá i gcúinsí strusmhara nó faoi bhrú agus is léir nach bhfuil na hacmhainní fónta againn déileáil leis na cásanna sin,” a deir sé, ag leagadh béim ar chiorruithe an rialtais ar soláthar treoir-chomhairleoireachta i meánscoileanna sa bhliain 2012.

“Tá níos mó daltaí ann le níos mó fadhbanna agus tháinig na ciorruithe thart ar an ama sin, dá réir sin bhí buile dúbailte ann le méadú san éileamh agus laghdú sa soláthar.” Ag rá go neamhbhalbh nach bhfuil “aon phleananna oibre” aige don todhchaí láithreach, deir sé: “Nílim ag dul isteach in aon phost eile. Níl aon ghairm ionadaíoch ann. Táim i mo thriú gairm mar atá sé. Thosnaíos amach mar fheisteoir, chughas as sin go múinteoireacht, agus le 18 mbliana anuas táim im’ phríomhoide. Ní chreideann daoine mé – níl aon phleananna oibre agam, ach níl dabht ach ná bheidh mé díomhaoin in aon chor.

“Mothaím go bhfuil sé in ann dom an fhreagracht a thabhairt do dhuine éigin eile anois. B’fhearr liom slán a fhágaint nuair atá rudaí ag dul go maith ná ag am nuair a déarfadh daoine go rabhas cúig bliana ró-dhéanach ag fágaint.

“Tá an t-ádh liom go raibh foireann díograiseacha anseo i gcaitheamh na tréimhse 18 mbliana. Chomh maith céanna tá an t-ádh liom gur casadh tuismitheoirí orm a bhí tacúil don scoil agus a léirigh an-spéis in oideachas a bpáistí. Tá an t-ádh liom go raibh traidisiún iontach de chomhairlí tuismitheoirí i rith mo chuid ama ar fad anseo. Agus ar deireadh ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mbord bainistíochta, leis an Coiste Gairm-Oideachais mar a bhíodh agus an Bord Oideachais agus Oiliúna mar atá anois, as a dtacaíocht gan staonadh don scoil, don phobal agus dom féin.” Dúirt Helen Uí Loingsigh, cathaoirleach Comhairle na dTuismitheoirí Coláiste Ghobnatan gur duine “oilte, éirimiúil é Breandán, a dhein a chuid oibre mar phríomhoide go díograiseach, cumasach le hocht mbliana déag anuas ar mhaithe le foireann oibre na scoile agus na daltaí i gcónaí.

“Guíonn an coiste gach rath ar Bhreandán is a chlann agus go mbeidh saol fada buan acu go léir.”

 

Agus slán leis le Mickey Ned 

 Tá iar-bhainisteoir CLG agus peileadóir Chiarraí, Mickey Ned O’Sullivan imithe ar scor tar éis dó nach mór 30 bliana a chaitheamh ag múineadh i mBaile Mhic Íre.

Iar-dhalta de Choláiste Íosagáin in aice láimhe atá dúnta anois, tháinig sé go Coláiste Ghobnatan sa bhliain 1988, ag múineadh chomh maith i Scoil Mhuire i mBéal Átha’n Ghaorthaidh agus ag feidhmiú mar threoirchomhairleoir don dhá scoil sna blianta níos déanaí.

“Tá a sheasamh agus a chuid éachtaí CLG taifeadta go maith, suas go dtí agus lena n-áirítear dhá chomórtas Uile-Éireann a thabhairt chun na scoile i 1998 agus 2014,” a dúirt príomhoide Choláiste Ghobnatan Breandán Ó Lionáird. “Ach ag leanúint ar aghaidh óna réamhtheachtaí Micheál Ó Scanaill mar threoirchomhairleoir, agus ag cur le hobair a réamhtheachtaí, is iad na héachtaí is mó agus is tábhachtaí dá chuid an cúnamh a thug sé do roinnt daltaí trí mheán na comhairleachta. Táimid thar a bheith buíoch dó dá chuid oibre anseo sa phobal i gcaitheamh tréimhse chomh fada.”

More in this section

Sponsored Content

Recruit Ireland
RI_logo

IS IT TIME TO MAKE YOUR NEXT CAREER MOVE

CLICK HERE

To check out roles from a range of companies 

LOTTO RESULTS

Wednesday, April 21, 2021

  • 17
  • 18
  • 19
  • 27
  • 30
  • 46
  • 12

Full Lotto draw results »